Géarghá le Bord Oideachais agus Oiliúna ar leith do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

Dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean inné nach leor an cur chuige atá ann ó thaobh an oideachais lán-Ghaeilge agus go bhfuil cur chuige nua “straitéiseach” de dhíth ar an Stát

Géarghá le Bord Oideachais agus Oiliúna ar leith do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

Ba cheart Bord Oideachais agus Oiliúna ar leith a bhunú chun freastal ar scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge, a dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean.

Dónal Ó hAiniféin, a bhí ag caint thar ceann na heagraíochta Gaeloideachas, a chuir an moladh sin faoi bhráid Sheanadóirí agus Teachtaí Dála ag cruinniú de chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais.

Bhain an cruinniú le tuairisc go ndúradh le príomhoidí in iarbhunscoileanna Gaeltachta i nGaillimh go bhféadfadh siad a gcuid plé le Stiúrthóir nua na Scoileanna ar Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin a dhéanamh i mBéarla toisc go raibh Béarla acu ar fad agus nach raibh Gaeilge ag an stiúrthóir nua.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley sa Dáil le déanaí nach bhfuil aon riachtanas reachtúil nó eile ann go mbeadh Gaeilge ag Stiúrthóir na Scoileanna ag bord oideachais agus oiliúna.

Bhí grúpaí éagsúla os comhair an choiste Oireachtais le plé a dhéanamh ar an “bunriachtanas” atá ann go mbeadh Gaeilge líofa ag stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna a dtagann scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge faoina gcúram.

“Má tá meas agus muinín ar bith le bheith ag na Gaeil, is gá bunriachtanas mar seo a bheith daingnithe,” a dúirt Dónal Ó hAiniféin, iaruachtarán ar Ghaeloideachas.

“Ní mór chomh maith breathnú ar an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta agus ar an bPolasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht atá á dhréachtú faoi láthair agus a chinntiú go bhfuilimid ábalta struchtúr a chur i bhfeidhm atá ábalta freastal ar na riachtanais uile atá ag an earnáil lán-Ghaeilge.

“Chuige sin, táimid ag moladh go mbunófaí Bord Oideachais agus Oiliúna ar leith chun freastal ar na Gaelcholáistí agus ar na scoileanna Gaeltachta agus go mbeadh gach uile dhuine ar an bhfoireann sin ábalta feidhmiú trí Ghaeilge agus trí Bhéarla.”

Dúirt Ó hAiniféin nach leor an cur chuige atá ann ó thaobh an oideachais lán-Ghaeilge agus go bhfuil “cur chuige straitéiseach de dhíth ar an Stát maidir le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge”. Cuid “thábhachtach” den “réiteach atá le haimsiú” é go mbeadh Gaeilge ag stiúrthóirí na mbord oideachais.

Dúirt Ó hAiniféin go ndearna an Dr Peadar Ó Flatharta taighde nach mór 20 bliain ó shin inar moladh go mbeadh bord oideachais ar leith ann do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

“Ach táimid fós ag feitheamh air sin. Tá sé fós bailí agus ábhartha inniu agus is é an trua ghéar go bhfuil 20 bliain beagnach imithe ó moladh é. Tá a thaighde [Peadar ó Flatharta] lán leis na moltaí éagsúla le céad bliain anuas faoin oideachas Gaeltachta agus lán-Gaeilge, moltaí den chuid is mó nár cuireadh i bhfeidhm.

“Ná bíodh sé le rá arís go bhfuilimid ag tabhairt an chluas bhodhar do na héilimh réasúnta seo.”

Léirigh scéal na mbord oideachais, a dúirt sé, go raibh sé “fíorphráinneach” go mbunófaí bord oideachais agus oiliúna ar leith “chun freastal ar na riachtanais atá ag an earnáil lán-Ghaeilge ag gach aon leibhéal – ó chéim na luathbhlianta go leibhéal na hiarbhunscoile agus ar aghaidh”.

“Tuigeann muid ar fad an difríocht atá idir rud éigin a bheith inmhianaithe i bhfógra do phost agus a bheith riachtanach. Nuair atá Gaeilge riachtanach, is féidir leat a bheith ag súil le duine a bhfuil Gaeilge líofa acu.

“Nuair atá Gaeilge inmhianaithe, ní chiallaíonn sé é sin. Dá réir, is gá dúinn an cheist a leathnú ar bhonn i bhfad Éireann níos faide.”

Dúirt Ó hAiniféin go mbíonn “tionchar díreach agus indíreach” ag meon lucht bainistíochta ar mheon na múinteoirí, na ndaltaí agus na dtuismitheoirí.

“Ní bhíonn muinín mar sin ag tuismitheoirí an rogha don ghaeloideachas ag an dara leibhéal a dhéanamh nuair a thuigtear dóibh nach bhfuil an córas dáiríre faoi. Go bhfóire Dia ar an té atá ag iarraidh a chur ina luí ar thuismitheoirí agus déagóirí óga dul i muinín an Aonaid ag an dara leibhéal.”

Dúirt Pádraig Ó Foghlú agus Chloé Ní Mháille ó Chomhdháil Oileáin na hÉireann gurb é a spreag an eagraíocht le teagmháil a dhéanamh leis an gcomhchoiste Oireachtais ná “míshástacht agus imní phobal Oileáin Árann agus phobal Ghaeltacht Chonamara go ginearálta” leis an gcinneadh gan aon riachtanas Gaeilge a chur le post stiúrthóir scoileanna Bhord Oideachais agus Oiliúna Ghaillimh agus Ros Comáin.

“Bhí an leibhéal imní agus cur agus cúiteamh chomh mór i measc Phríomhoidí agus Boird Bhainistíochta Scoileanna GRETB, agus i measc an phobail gur pléadh an cheist ar nuacht náisiúnta agus nuacht na Gaeltachta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar shé lá difriúil le linn na Bealtaine agus Mheithimh agus sna meáin chlóite chomh maith,” a dúirt Comhdháil Oileáin na hÉireann.

Dúirt David Leahy, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, nach raibh aon riachtanas reachtúil ann go mbeadh Gaeilge ag stiúrthóirí an bhoird ach go raibh dearcadh “an-dearfach” acu i leith na teanga agus go bhfuil polasaí láidir acu an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn ina gcuid oibre.

Fág freagra ar 'Géarghá le Bord Oideachais agus Oiliúna ar leith do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge'

  • LiamÓhA

    Conas go bhfuil an GRETB ag feidhmiú ón mbarr anuas i leith na Gaolainne agus ina gcumarsáid leis na scoileanna Gaeltachta? As Béarla? Ceisteanna tromchúiseacha le cur agus le freagairt ag an GRETB agus ag Príomhoidí i scoileanna Gaeltachta ina ndéileáil lena chéile. An í an Béarla an teanga chumarsáide ón mbarr anuas sa GRETB in earcú múinteoirí, riaradh na scoileanna Gaeltachta etc? Conas gur bronnadh aitheantas mar scoil Ghaeltachta ar na scoileanna atá faoi chúram an GRETB más amhlaidh an ghéarchéim teanga sa GRETB de réir an ailt seo? Fiosrúchán de dhíth ar son phobal na Gaolainne.

  • Seán Mag Leannáin

    Dearcadh “an-dearfach”, mo thóin!

  • Seán Mag Leannáin

    ‘Dearcadh “an-dearfach”,’ mo thóin! Seachas géarghá le ETB ar leith le haghaidh na nGaelscoileanna, tá géarghá le Aire nua don Roinn Oideachais. Ba cheart go mbeadh Gaeilge líofa ag gach Stiúrthóir na Scoileanna agus ag gach Príomhfheidhmeannach le gach Bord Oideachais agus Traenála (ETB) sa tír. Náireach ar fad an dearcadh atá ag an Aire Norma Foley. Chuirfeadh sé tuairim Gregory Campbell ón DUP faoin teanga i gcuimhne duit. Léiríonn sé fimíneacht Fhianna Fáil i dtaobh na Gaeilge – rud a d’aithin Máirtín Ó Cadhain, agus a chuir le báiní é, i bhfad ó shin. Cén fáth nach bhfuil tada le rá ag Aire nua na Gaeltachta Tomás Byrne faoin gceist? Is fear mór cainte é de ghnáth.

  • Pádraig O'hEipicín

    Is cóir go mbeidh duine lé gaeilge líofa Aice no Aige í gceannais.

  • Seán Mag Leannáin

    ColmÓC. Nach ait sin? – múinteoir in iarbhunscoil Gaeltachta gur cuma leis a cumas sa Ghaeilge ach gur mór aige a cumas mar chigire in ábhar eile seachas an Ghaeilge.

  • Sorcha

    COLM, freagair seo; an bhfuil liúntas Gaeltachta á tharraingt agat?? Ní thuilleann tú ceann!! Tú ag teagasc as Béarla? Cén scoil ina bhfuil tú? Ag súil le freagra uait….

  • Sorcha

    Is léir go bhfuil Colm cúthalach tar éis a c(h)osa Gaelacha a thabhairt leis/léi!! Nuair a thagann an crua…… etc.