Géarghá go mbeadh na ceachtanna a tugadh d’Éirinn an tseachtain seo caite foghlamtha acu

Más féidir le foireann na hÉireann tógáil ar na dea-phointí agus deireadh a chur leis na botúin, níl cúis ar bith nach féidir leo an cath a thabhairt chuig an Nua-Shéalainn

Géarghá go mbeadh na ceachtanna a tugadh d’Éirinn an tseachtain seo caite foghlamtha acu

I measc na gceachtanna a bhí le foghlaim ag Éirinn ón gcéad tástáil i gcoinne na nAll Blacks bhí an riail sheanbhunaithe maidir le do chuid scóranna a thógáil.

Cé go mbaineann an riail sin le chuile spórt, tá tábhacht ar leith ag roinnt leis nuair is ag imirt rugbaí i gcoinne na nAll Blacks atáthar!

Tar éis tréan-iarrachtaí agus tréimhsí fada ag cur líne úid na Nua-Shéalainne faoi ionsaí, thrasnaigh Joey Carbery agus Josh van der Flier an líne bhán ach sciorr an liathróid ón mbeirt acu agus d’imigh ceithre phointe dhéag le sruth. Bhí cúpla ócáid eile freisin inar theip ar na hÉireannaigh an liathróid a thalmhú.

Cuir é sin i gcomparáid leis na sé sheans ar úid a fuair na hAllBlacks. Thóg siadsan chuile cheann acu sin. Nach daor a d’íoc muid as an oideachas sin?

Ní hamháin sin ach bhí ceachtanna bunúsacha eile á bhfáil againn i mbeagnach chuile dhara síneadh amach, áit inar theip rómhinic ar ár húcálaí, Dan Sheehan, a mharc a aimsiú, teip a scaoil an buntáiste chuig an bhfreasúra.

Bhí seachtain ag Andy Farrell chun na deacrachtaí sin agus cúpla ceann eile lena gcois a cheartú roimh imirt an dara triail maidin amárach. Is cinnte freisin go raibh Farrell ag cur béime ar an imirt dhearfach a thug na hÉireannaigh chun páirce sa gcéad chluiche agus ar na trí úd sin a fuair siad. Is fiú a mheabhrú nach bhfuil sé éasca úd amháin féin a fháil in Eden Park, gan trácht ar thrí cinn. 

Chuir foireann na hÉireann tús iontach leis an dá leath sa gcluiche agus ba iad ab fhearr a bhí ag imirt ag deireadh an ochtó nóiméad.

Murach an tréimhse deich nóiméad sin sa gcéad leath nuair a fuair foireann an bhaile trí úd bhoga, agus cuimhnigh go raibh an chéad cheann acu sin in aghaidh shruth na himeartha, scéal eile a bheadh á inseacht againn.

Más féidir le foireann Andy Farrell tógáil ar na dea-phointí agus deireadh a chur leis na botúin, níl cúis ar bith nach féidir leo an cath a thabhairt chuig an namhaid, ina ngarraí féin fiú amháin.

An t-aon deacracht leis sin ná go raibh seachtain freisin ag Ian Foster, oiliúnóir na nAll Blacks chun anailís agus meastachán a dhéanamh mar réiteach do chluiche an lae amárach. 

Fág freagra ar 'Géarghá go mbeadh na ceachtanna a tugadh d’Éirinn an tseachtain seo caite foghlamtha acu'