Géarghá ag Dún na nGall le fuarchúis le fonn is le fiach

Níl Dún na nGall ag brath chomh mór ar Michael Murphy is a bhídís ach fós féin, nuair a bheireann scréip orthu, is air a bhíonn a dtriall

Géarghá ag Dún na nGall le fuarchúis le fonn is le fiach

B’fhéidir nach mbeidh an fód i bPáirc Mhic Cumhaill i mBealach Féich ag crith ar a trí a chlog inniu ach is geall le tonnbhriseadh é a bheith ag samhlú go mbeidh Tír Eoghain nó Tír Chonaill ag fágaint slán le craobh na bliana 2020. An deireadh seachtaine seo chugainn, beidh Ciarraí nó Corcaigh curtha de dhroim seoil agus cé nach iad go baileach na seacht seachtaine ramhra ón oíche anocht go Nollaig iad, ní bheidh ach dhá fhoireann ina seasamh seacht seachtaine ón lá inniu, an Satharn an 19 Nollaig, lá an chluiche ceannais. Sin í craobh na bliana seo.

As na naoi gcinn de chluichí craoibhe atá á n-imirt an deireadh seachtaine seo – dhá ceann i gCúige Mumhan, trí cinn i gCúigí Laighean agus Uladh araon agus ceann amháin i gConnachta – níl aon amhras ná gur i mBealach Féich inniu a bheidh an choimhlint is crua agus is cealgánta ar fad acu.

Cé nach raibh sé gan a shuáilcí agus a thréithe féin, ní dóigh liom gurb aon slat tomhais chóir an cluiche is déanaí idir phiardaí móra Chúige Uladh coicíos ó shin. Bhí an iomarca á cheilt ag an dá dhream ar a chéile d’fhonn is gan aon éachtaint a thabhairt ar a mbeadh le feiscint inniu uathu.

Cad leis ar cheart dúinn bheith ag súil más ea?

Caithfear bheith ag súil leis an ndrochaimsir agus le himirt ana-choimeádach dá réir. I dTrá Lí dom an tseachtain seo caite, ba léir go raibh níos mó béime ná aon uair go nuige seo ar sheilbh na caide a choimeád. Níl aon cheann de na scothfhoirne ag dul sa tseans anois ar phas coise leathchéad slat muna bhfuilid 100% siúráilte go mbainfidh an pas a sprioc amach. Ní á lochtú atáim sa mhéid sin ach is geall le mioniontas é nuair a éiríonn le pas coise dála an chinn a thug David Clifford uaidh sa chéad leath chun deis ar bháide a chruthú do Tony Brosnan. Cad mar gheall ar an lascadh fana taobhlíne a thug Conor McKenna uaidh chun báide a chruthú do Dharragh Canavan i gcoinne Mhaigh Eo? Ní dócha go bhfeicfear a leithéid i mBealach Féich inniu toisc a choimeádaí is a bheidh an dá aonad cosanta. Tá an iomarca le cailliúint chun go mbeadh an dánaíocht sa treis.

Tá seans go ndéanfaidh Dún na nGall iarracht ar earraíocht a bhaint as an mbuntáiste atá ó thaobh airde acu timpeall ar lár an ghoirt, idir 5 agus 12. Bheidís faillíoch i mbun a gcúraim muna mbainfidís triail as san ar a laghad. Ach bheimis féin ábhar soineanta ag ceapadh nach mbeidh seift éigin ag Mickey Harte chun dul i ngleic leis an mbuntáiste nádúrtha atá ag Dún na nGall sa réimse seo. Bhí a leithéid i gceist cheana i gcluiche ceannais na bliana 2008 agus féach nach raibh aon dua ag driotháracha McMahon an ‘Dá Thúr’ a umhlú agus a ísliú.

Is cuma cén tslí a fhéachann tú air, ní dócha go mbeidh teacht ag Mickey Harte ar aoinne den mbeirt nó triúr a cheansaigh Michael Murphy i gcoimhlintí idir na foirne seo cheana. Tá Pádraig Hampsey agus Rory Brennan ar lár ar chúiseanna éagsúla agus ní dócha go mbeadh Ronan McNamee oiriúnach chun Murphy a bhaint de dheol a dhea-aigne agus é a leanúint amach faoin ngort, óir sin é atá ag teastáil.

Dála scata eile, táim ag faire ar Murphy le breis is deich mbliana anois agus deinim amach gurb é an t-aon tslí chun a rian ar an imirt a mhaolú ná é a chiapadh is a chrá ins na haon tslí gur féidir. Ní leor dul guaille ar ghuaille leis nuair a théann sé i gcóngar an bháide. Caithfear é a fhaire agus a fhiach siar amach go híochtar páirce agus géarleanúint a dhéanamh air sa tslí a dhein Justin McMahaon tráth agus mar a dhein Aidan O’Mahony i gcluiche ceannais na bliana 2014. Níl Murphy chomh lán de cheol le bliain nó dhó anuas is a bhíodh an uair úd ach tá an ceann níos tinneallaí ná mar a bhí riamh.

Deineann Murphy an díobháil ar fad ina rabhartaí beaga briste anois agus é suite laistiar den imirt de réir mar a ghluaiseann sí chun cinn. Dob é a chruthaigh an báide do Jamie Brennan i dtús an dara leath coicíos ó shin i mBealach Féich. Lig sé do Ryan McHugh an sceanairt a dhéanamh, ghlac seilbh ar an gcaid, mheall ceathrar cosantóirí ina threo nuair ba leor duine agus le pas láimhe neafaiseach, chuir Brennan i dtreo an bháide. Le taithí na mblian, tá léamh Uí Mhurchú ar an imirt i bhfad chun cinn ar na giollaí óga agus baineann sé leas as a bhfonn, as a bhfuadar agus as a gcoisíocht chun na buillí marfacha a bhualadh ar a chéile comhraic. Le forbairt na n-imreoirí óga seo, níl Dún na nGall ag brath chomh mór ar Murphy is a bhídís ach fós féin, nuair a bheireann scréip orthu, is air a bhíonn a dtriall.

Dála gach cluiche as seo go ceann seacht seachtaine, beidh ról an chúlmbáire ina chúis allagair is áitimh amáireach. Ní toisc go bhféadfaí bheith ag dul i muinín na gciceanna éirice chun na foirne a scarúint óna chéile ach toisc oiread béime bheith ar sheilbh i ngach aon chuid den ngort. Ag brath ar threo agus neart na gaoithe, tagann fáisc ar an gcic amach de réir gnáis anois agus is gnáthach gur leis an té is mó misneach is muineál a bhíonn an lá. Dá mbeadh an rogha acu beirt, deinim amach gur cic fada glan amach thar lár a ghoirt a bheadh ag Rory Patton agus ag Niall Morgan ach ‘gach dalta mar a oiltear’ is ea an cúram le báideoirí le tamall. Is í an tseilbh an máistreás anois agus beidh fonn orthu beirt seilbh na caide a choimeád ar ais nó ar éigean. Ciallaíonn seo go dtéann an uile chúl báire sa tseans anois is arís ar chic amach trí chró snáthaide .

Éiríonn le cuid acu agus babhtaí eile, ar nós chúl báire Mhaigh Eo David Clarke an tseachtain seo caite, téann an cic in aimhréidh agus géilltear cúil.

Tá muineál righin ar Niall Morgan agus trí bhabhta as a chéile coicíos ó shin chuaigh sé sa tseans ar chiceanna amach nach molfaí dó. Bhuaigh tosaithe na gConallach trí cinn de chiceanna as a chéile ina choinne ach fós féin thug Morgan fé chró na snáthaide arís is arís eile as san go deireadh. Tá idirdhealú le déanamh idir dánaíocht agus dúire agus ní i gcónaí a bhíonn sé soiléir domsa go dtuigeann Morgan é seo. Nuair a ritheann leis áfach, is beag cúl báire atá inchurtha leis.

Tá mórán den dtuairim go mbeidh rith an ráis le Dún na nGall inniu agus má bhíonn gur leo a thitfidh an chreach i gCúige Uladh don tríú bliain as a chéile. Gaisce ann féin a bheadh anseo ná fuil déanta ó ré Ard Mhacha idir 2004-2006. Tá tuairimíocht leis ann gur dheacair na Conallaigh a chloí i mBealach Féich agus tá san, a bheag nó a mhór, fíor. Caithfear bheith dílis don bhfianaise atá os do chomhair amach uaireanta agus más cruinn an fhianaise sin buafaidh Dún na nGall.

Tá fianaise eile ann, áfach, a bhréagnódh an tuairim sin.

An uair dheireanach a bhuail Tír Eoghain agus Dún na nGall le chéile i mBealach Féich i mbabhta 3 de chomórtas an tsárochtair gan maide croise ná mogall cosanta chun iad a tharrtháil, bhí an lá le Tír Eoghain. B’shin dhá bhliain ó shin. Anuraidh, nuair a chaith Dún na nGall cluiche a bhuachtaint chun fanacht sa chraobh, theip go hainnis orthu i gcoinne Mhaigh Eo. B’fhéidir go raibh scata cúiseanna ann (gortuithe, fionraíocht agus tnáitheadh coirp) gurb amhlaidh a bhí, ach sin í an fhianaise stairiúil atá againn faoin mbuíon imreoirí seo.

Nuair is mó a bhíonn gá le fuarchúis, le fonn is le fiach níl aon ní feicthe go dtí seo againn a thabharfadh le tuiscint gurb iad Dún na nGall a bheidh fós ag seasamh tar éis a 3 a chlog inniu. Tá sé thar am acu caibidil eile a scríobh agus malairt fianaise a thabhairt.

Fág freagra ar 'Géarghá ag Dún na nGall le fuarchúis le fonn is le fiach'

  • Páidí

    Bhain mé sult as seo