Géarchoimhlint romhainn i bPáirc an Chrócaigh ach an buntáiste ag Cill Chua

Tabharfaidh Cill Chua an Dúin agus Cill Mochuda Na Crócaigh aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na hÉireann tráthnóna

Géarchoimhlint romhainn i bPáirc an Chrócaigh ach an buntáiste ag Cill Chua

Ryan Johnston Chill Chua ag ceiliúradh tar éis dó cúl a scóráilin aghaidh Naomh Fionbarra. Pic: INPHO/Ken Sutton

Cill Chua v Cill Mochuda na Crócaigh – Páirc an Chrócaigh, 5.00in (Beo ar TG4) 

Tá dhá bhliain caite ag peileadóirí Chill Chua ag fanacht ar dheis eile Craobh Shinsir Peile na hÉireann a bhuachan agus tá an-seans acu tráthnóna in aghaidh Chill Mochuda Na Crócaigh. 

Is i gcoinne shárfhoireann Chora Finne a bhí Cill Chua sa chluiche ceannais dhá bhliain ó shin. Bhí am breise ag teastáil chun buaiteoir a fháil ach an lá sin i bPáirc an Chrócaigh sheas taithí na nGaillimheach dóibh lena dtríú craobh uile-Éireann a bhuachan. Beidh Cill Chua anois ag súil gur acusan atá an taithí chuí chun Corn Andy Merrigan a thabhairt ó thuaidh chuig contae an Dúin den chéad uair le beagnach 25 bliain. 

Bhí foireann an Dúin á lua mar rogha na coitiantachta chun Craobh na hÉireann a bhaint luath go maith sa bhfeachtas seo. Mí na Samhna seo caite bhuaigh Cill Chua Craobh Shinsir Peile an Dúin den tríú huair as a chéile, an naoú huair acu le deich mbliana anuas agus cé go raibh an choimhlint crua i gCraobh Uladh, thugadar leo craobh an chúige arís.  

Cuireadh diantástáil orthu in aghaidh an Ghleanna as Doire sna babhtaí leathcheannais ach thug Cill Chua an lá leo i ndiaidh am breise agus bhíodar i bhfad róláidir do Dhoire Ó gConaile Fhear Manach sa chluiche ceannais. 

Bhí am breise ag teastáil chomh maith i gcluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh na gCorcaíoch, Naomh Fionnbarra, ach arís fir an Dúin a bhí chun cinn sa deireadh. 

Fágann an saothar sin go léir go bhfuil taithí mhaith ag Cill Chua cluichí crua a bhuachan agus tá gach cuma ar an scéal gur coimhlint ghéar eile a bheidh i bPáirc an Chrócaigh inniu. Beidh Mickey Moran ag súil le taispeántais mhaithe ó Shealan Johnston, Ryan McEvoy, Paul Devlin, Micheál Rooney agus muintir Branagan, imreoirí a bhí ar fheabhas go dtí seo san fheachtas. 

Ní cóir aon bheag is fiú a dhéanamh de Chill Mochuda, áfach, agus taithí mhaith acu féin ar an iomaíocht ghéar agus cluichí crua.

Dara Mullin, Cill Mochuda Na Crócaigh, chun tosaigh ar Conor Daly, Pádraic Mac Piarais. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá Craobh Shinsir Peile Bhaile Átha Cliath ar cheann de na cinn is iomaíche sa tír agus bhí ar na Crócaigh cuid mhaith de bhoic mhóra an chontae a imirt chun an chraobh a bhaint – Naomh Uinsionn, Na Fianna, Baile Buadáin agus Naomh Jude. Bhí Cill Mochuda cúige phointe chun deiridh in aghaidh Naomh Jude sa chluiche ceannais ach mar sin féin rinne siad an teacht aniar ar deireadh. 

Tá imreoirí maithe ar fud na páirce acu, Rory O’Carroll, Craig Dias, Cian O’Connor agus tuilleadh nach iad, ach nuair a gortaíodh an sárthosach Paul Mannion roimh chluiche ceannais Laighean, measadh b’fhéidir go raibh seans Chill Mochuda ar Chraobh na hÉireann imithe leis. 

Mar sin féin, choinnigh an fhoireann ag treabhadh leo dá uireasa.  

Bhuadar ar Nás na Ríogh chun craobh Laighean a thabhairt leo agus cé gur braitheadh go raibh seans ag Piarsaigh Ros Comáin teacht aniar aduaidh orthu i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann, scóráil Cill Mochuda na cúig phointe dheireanacha sa chluiche a chuir a gcéilí comhraic de dhroim seoil. 

Duine de lucht leanta Chill Mochuda. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá Craobh na hÉireann buaite faoi dhó cheana ag Cill Mochuda, i 1995 agus arís in 2009, agus foirne as Ulaidh buailte acu sa dhá chluiche ceannais sin ach b’fhéidir nach mbeadh an tríú huair sona.  

Nuair a shroich Cill Chua cluiche ceannais na hÉireann dhá bhliain ó shin, bhí an tír tairngire sroichte acu agus Craobh Uladh buaite acu den chéad uair riamh.  

Ní shásóidh dada inniu iad ach craobh uile-Éireann. 

Fág freagra ar 'Géarchoimhlint romhainn i bPáirc an Chrócaigh ach an buntáiste ag Cill Chua'