Géarchéim pholaitiúil sa Bhrasaíl – an bhfuil Dilma Rousseff le cur as oifig?

An gcuirfear tús le hiarracht táinseamh a dhéanamh ar uachtarán na Brasaíle, Dilma Rousseff? Agus an bhfuil dea-chlú an iaruachtaráin iomráitigh Lula i mbaol?

‘Príosún saoil’ á éileamh ‘do pholaiteoirí agus gadaithe atá ag robáil an náisiúin’ ag léirseoirí i gcathair Salvador. Pictiúr: Alex Hijmans

D’fhéadfaí é a mhaitheamh don té a cheapfadh go bhfuil uachtarán na Brasaíle, Dilma Rousseff ó Pháirtí na nOibrithe (PT), le cur as oifig lá ar bith feasta: ní féidir nuachtán a oscailt nó an teilifís a chur ar siúl nó bíonn a hainm agus an focal ‘táinseamh’ á lua san aon anáil amháin.

Céard é an scéal?

Bliain go leith ó shin, chuir póilíní feidearálacha na Brasaíle tús le fiosrúchán dar teideal Operação Lava Jato, nó ‘Operation Car Wash’, dírithe ar scéim inar ‘nigh’ polaiteoirí, fir ghnó agus coiriúlaigh luach mór airgid trí dhul i muinín na calaoise. Tuigtear go raibh suas le trí mhíle milliún euro i gceist.

An tseachtain seo, gearradh téarmaí príosúin ar sheisear fear gnó as an mbaint a bhí acu leis an scéim; ba iad an chéad dream iad as measc os cionn dhá scór daoine a gabhadh go dtí seo.

Imeartas focal barrúil é ‘Oibríocht Níochán Carranna’ (i bPortaingéilis, ar a laghad), go háirithe toisc go gcasadh rannpháirtithe na scéime ar a chéile ag stáisiún peitril san ardchathair, Brasília. Ach chomh maith leis sin, is í seo an obráid frithchalaoise is mó riamh i stair na Brasaíle – stair nach bhfuil gann ar scanaill chalaoise. Agus d’fhéadfadh sé go bhfágfaidh sí smál ar oidhreacht an iaruachtaráin iomráitigh, Lula, a bhfuil a pháirtí, Páirtí na nOibrithe (PT), i gcumhacht le dhá bhliain déag anuas.

Fiosrúchán réasúnta teoranta faoi níochán airgid a chuir tús le hObráid Níochán Carranna in earrach na bliana seo caite, ach in imeacht bliain go leith, tá an fiosrúchán tar éis amhras a tharraingt ar raidhse comhlachtaí ollmhóra, comhlacht ola an stáit, Petrobras, agus naoi gcomhlacht tógála ina measc. Mí ó shin, gabhadh Marcelo Odebrecht, uachtarán an chomhlachta tógála is mó i Meiriceá Theas ar fad, Odebrecht, mar chuid den obráid.

Agus tá an chosúlacht ar an scéal anois go bhfliuchfaidh Obráid Níochán Carranna cáil Lula freisin. Tugadh le fios an tseachtain seo caite go gcuirfear tús le fiosrúchán, féachaint ar bhain an t-iaruachtarán clúiteach úsáid as an tionchar a bhí aige ar pholaitíocht na Brasaíle tar éis deireadh a theacht lena dhara téarma in 2010 chun cúnamh a thabhairt don chomhlacht tógála Odebrecht conarthaí luachmhara a ghnóthú thar lear.

Sin é an rud deiridh a bhí ag teastáil ón uachtarán reatha Dilma Rousseff, comharba agus oidhre polaitiúil Lula. Tá sí féin faoi léigear sna meáin toisc gurbh í cathaoirleach bhord Petrobras sa tréimhse ar tharla an scanall calaoise, más fíor, sa chomhlacht ola stáit sin.

Séanann Rousseff go raibh sí ar an eolas faoin gcalaois ag an am agus, go deimhin, níl fianaise ar bith ann go dtí an lá inniu go raibh. Mar sin féin, is ísle ná riamh an meas atá ag muintir na Brasaíle uirthi. Dar leis na suirbhéirí pobalbhreithe Ibope nach bhfuil ach naoi faoin gcéad de mhuintir na tíre ag tacú léi faoi láthair agus ní théann lá ar bith thart nó éilíonn an freasúra nó tráchtaire de chuid na heite deise go gcuirfí as oifig í. Tá oll-léirsithe ina coinne á mbeartú fud fad na Brasaíle don 16 Lúnasa.

Ach an gcuirfear tús le hiarracht táinseamh a dhéanamh ar Rousseff i ndáiríre? In ainneoin an chlampair ar fad sna meáin, is beag an baol. Daonlathas óg í an Bhrasaíl, ach i gcomparáid le cuid mhór tíortha eile i Meiriceá Theas, is daonlathas sách seasmhach í. Tá sé doshamhlaithe go gcuirfí uachtarán as oifig díreach toisc nach dtaitníonn sí leis an bpobal a thuilleadh, go háirithe – agus seo an rud is tábhachtaí ar fad – nuair nach bhfuil aon fhianaise ann a chiontódh í i gcoir.

Scéal éagsúil ar fad, áfach, is ea scéal Lula. Is geall le naomh é iaruachtarán na Brasaíle i súile bhochtáin na tíre, ach i súile oiread daoine eile – cuid mhór acu siúd a tarrtháladh ón mbochtanas le linn a réimis ina measc, aisteach go leor – is é an gadaí is mó i stair na tíre é.

Má aimsítear fianaise a dhamhnódh é san fhiosrúchán a d’fhógair na póilíní feidearálacha an tseachtain seo caite, bheadh sé chomh maith aige dearmad a dhéanamh ar a oidhreacht pholaitiúil agus ar aon phleananna a bheadh aige seasamh don uachtaránacht arís sa bhliain 2018, nuair a bheidh a dara téarma curtha isteach ag Dilma Rousseff.

Idir an dá linn, tá a thuilleadh rírá agus ruaille buaille fós i bpolaitíocht na Brasaíle. An tseachtain seo caite, d’fhógair Ceann Comhairle pharlaimint na Brasaíle, an soiscéalach Eduardo Cunha, nach bhfuil sé féin ag tacú le rialtas Dilma Rousseff a thuilleadh. Ball é Cunha den PMDB, an páirtí is mó a thugann tacaíocht do Pháirtí na nOibrithe (PT) sa chomhrialtas reatha. Buille láidir é i gcoinne Rousseff – más amhlaidh nach buille in aisce ar fad é. Is é an chaoi gur fhógair Cunha a chinneadh tar éis do líomhaintí a bheith déanta ina leith féin maidir leis an scanall atá á fhiosrú mar chuid d’Oibríocht Níochán Carranna.

Fág freagra ar 'Géarchéim pholaitiúil sa Bhrasaíl – an bhfuil Dilma Rousseff le cur as oifig?'