Géarchéim na múinteoirí Gaeilge ag dul in olcas – duine as ceathrar cáilithe i scoil amháin

Tá an Ghaeilge i measc na n-ábhar is measa atá buailte ag an ngéarchéim soláthar múinteoirí agus deacrachtaí ag scoileanna ar fud na tíre múinteoirí cáilithe Gaeilge a fháil chun folúntais a líonadh

Géarchéim na múinteoirí Gaeilge ag dul in olcas – duine as ceathrar cáilithe i scoil amháin

Tá an ghéarchéim maidir le soláthar múinteoirí Gaeilge ag dul in olcas agus iarbhunscoil amháin ag admháil nach bhfuil cáilithe chun Gaeilge a mhúineadh ach duine amháin as an gceathrar múinteoirí Gaeilge atá acu.

De réir figiúirí nua tá titim 60% ar líon na ndaoine atá ag clárú le cúrsaí oiliúna múinteoireachta le cúig bliana anuas.

Tá an Ghaeilge i measc na n-ábhar is measa atá buailte ag an ngéarchéim soláthar múinteoirí agus deacrachtaí ag scoileanna ar fud na tíre múinteoirí cáilithe Gaeilge a fháil chun folúntais a líonadh.

De réir figiúirí a d’fhoilsigh an Irish Times inniu bíonn deacrachtaí ag 90% den 2,800 scoil a thagann faoi scáth Bhainisteoirí na mBunscoileanna Caitliceacha múinteoirí cáilithe agus múinteoirí ionaid cáilithe a fháil.

De réir tuarascáil de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Éireann i scoil amháin atá faoina chúram, níl cáilithe chun Gaeilge a mhúineadh ach duine amháin as an gceathrar múinteoirí Gaeilge sa scoil.

Thug Cumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha le fios chomh maith gur léirigh suirbhé dá gcuid féin go raibh daoine fostaithe sna scoileanna a thagann faoina gcúram nach raibh cáilithe sna hábhair a bhí á múineadh acu, an Ghaeilge ina measc.

Dúirt duine de na príomhoidí scoile is aitheanta in Éirinn, an tráchtaire peile Colm O’Rourke, le Tuairisc.ie ag deireadh na bliana seo caite gur “drochphleanáil na Roinne Oideachais is cúis leis an nganntanas múinteoirí Gaeilge”.

Dúirt O’Rourke le Tuairisc.ie go mbeadh folúntas do mhúinteoir Gaeilge ina scoil féin, nuair a imeoidh múinteoir ar shaoire mháithreachais, ach go raibh ag teip air teacht ar mhúinteoir Gaeilge a thiocfadh ina háit.

“Níl aon mhúinteoirí Gaeilge ann. Is amhlaidh an scéal i ngach scoil, de réir cosúlachta, agus sin an scéal a bhíonn ar bhéal gach príomhoide nuair a chasaim leo ag cruinnithe. Ní féidir leo teacht ar mhúinteoirí ionaid don Ghaeilge, ar mhúinteoirí lánaimseartha Gaeilge. Níl duine ar bith ann le Gaeilge a mhúineadh.

“Tá fógra déanta trí uaire agam cheana féin don fholúntas i mo scoil féin agus ní bhfuair mé oiread is freagra amháin ar na fógraí sin. Is léir nach bhfuil na múinteoirí ann,” a dúirt O’Rourke.

Dúirt Seanadóir neamhspleách Lynn Ruane anuraidh go bhfuil “uafás” uirthi faoin scéal gur éirigh an scoil ina bhfuil a hiníon ag déanamh na hArdteiste as a bheith ag teagasc na Gaeilge ar feadh dhá mhí.

Dúirt an Seanadóir neamhspleách Lynn Ruane go bhfuair sí amach óna hiníon nach raibh aon mhúinteoir Gaeilge aici ar feadh dhá mhí agus gur fhiosraigh sí an scéal ina dhiaidh sin le lucht riaracháin na scoile, ar scoil DEIS i dTamhlacht i mBaile Átha Cliath í.

Dúirt an Seanadóir Lynn Ruane go raibh sí “trína chéile” agus go raibh “uafás ceart” uirthi faoin scéal.

“I was absolutely appalled and very upset because she is obviously getting ready for her Leaving Cert,” a dúirt an Seanadóir.

Dúirt sí gur thug an scoil le fios di gurbh éigean dóibh éirí as teagasc na Gaeilge do rang na hArdteiste ar feadh dhá mhí mar nach raibh siad ábalta ionadaí a mhúinfeadh Gaeilge a fháil.

Dúirt an scoil go mbíonn sé an-deacair i gcónaí múinteoirí Gaeilge a fháil mar ionadaithe.

Ba chúis mhór imní don Seanadóir go mbeadh a leithéid ag tarlú, go háirithe i scoil DEIS ina bhfuil neart míbhuntáistí le sárú ag daltaí.

Tá eagraíochtaí gaeloideachais ag éileamh go ndéanfaí gníomh láithreach chun dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí Gaeilge. 

Dúirt príomhoide Gaelscoile lár tíre gur “geall le tromluí” an easpa múinteoirí Gaeilge a bhí anuraidh ann. 

“Tá mé maraithe tuirseach dá bharr, ach tá trua agam do na páistí atá ag iarraidh cur suas leis an oiread sin múinteoirí ionadaíochta difriúla, go háirithe na páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu mar gurb iad a múinteoir siúd go minic a líonann an bhearna agus ansin bíonn siadsan fágtha gan a múinteoir féin,” a dúirt Póla Ní Chinnsealaigh ó Ghaelscoil Éadan Doire. 

Dúirt urlabhraí de chuid an Aire Oideachais Richard Bruton gur earcaíodh 5,000 múinteoir breise ó ceapadh ina aire é agus mhaígh sí go raibh réimse beartas á scrúdú ag an Aire chun fuascailt a fháil ar an bhfadhb sna hábhair is measa atá buailte.

Fág freagra ar 'Géarchéim na múinteoirí Gaeilge ag dul in olcas – duine as ceathrar cáilithe i scoil amháin'

  • Seán Ó Floinn

    Ón uair a gearradh pá na múinteoirí agus gur tógadh isteach Máistreacht nua Gairmiúil an Oideachais (a chosnaíonn €12,000 agus a mhaireann dhá bhliain), tá laghdú tagtha ar líon na ndaoine atá ag dul leis an múinteoireacht

  • Éamonn Ó Floinn

    Tá ganntanas ollmhór daoine le Gaeilge i ngach earnáil – múinteoirí bunscoile, múinteoirí meánscoile don ábhar agus do Ghaelcholáistí, aistritheoirí, státseirbhísigh agus mar sin de. Agus ag an am céanna, déanann go leor mic léinn céimeanna i mBéarla. Dá bharr, tá an iomarca díobh agus is minic a bhíonn sé deacair orthu post a fháil mar tá na céimeann sin chomh coitianta sin. Dá ndéanfadh cuid acu céimeanna i nGaeilge in áit an Bhéarla, bheadh an scéal i bhfad níos fearr. Gheobhaidís na scileanna céanna agus bheidís incháilithe do na postanna céanna – múinteoir, iriseoir, státseirbhíseach ach, níos tábhachtaí ná sin bheadh Gaeilge acu. Réiteodh sé seo dhá fhadhb thromchúiseacha – dífhostaíocht na ndaoine óga agus easpa na ndaoine le Gaeilge. Chomh maith leis sin, b’fhéidir go gcabhródh sé seo le dearcaidh na ndaltaí fúithi mar bheadh sí ina buntáiste dáiríre dóibh.

  • Eibhlín

    Cad faoi dianchúrsa ar nós CELTA (don Bhéarla; a thógann ach mí le déanamh) a chruthú do dhaoine a bhfuil ag iarriadh Gaeilge a mhúineadh ach nach bhfuil ag iarraidh na mílte a chaitheamh ar chúrsa ollscoile?