Géarchéim fuinnimh an toradh a bheidh ar cháin charbóin na nGlasach

Tá brú ar phraghsanna an gháis nádúrtha ar fud an domhain, go háirithe san Eoraip toisc nach ndearnadh aon réamhphleanáil chun gás a storáil

Géarchéim fuinnimh an toradh a bheidh ar cháin charbóin na nGlasach

Tá arduithe móra ar chostais fuinnimh ar an mbealach. Tá brú ar phraghsanna an gháis nádúrtha ar fud an domhain, go háirithe san Eoraip toisc nach ndearnadh aon réamhphleanáil chun gás a storáil.

Ach mar bharr ar an donas, beidh méadú ann de bharr cáin charbóin a bheith ag dul i méid: ó €7.50 an tonna go dtí €33.50 an tonna. Cuirfidh sé seo go mór le billí tí is beidh an-tionchar aige ar phinsinéirí go háirithe agus iad ag iarraidh teas a choinneáil ina gcuid tithe.

Is cuid den chlár glas a bhrúigh an Comhaontas Glas ar an rialtas é seo. Sí an teoiric taobh thiar de ná go gcuirfidh an t-ardú praghais brú ar dhaoine níos lú a úsáid.

Ach níl aon fhianaise ann go n-éiríonn leis an straitéis sin. Bíonn ar dhaoine teas a choinneáil ina gcuid tithe, agus go háirithe faoin tuath bíonn ar dhaoine leanúint ar aghaidh ag taisteal chun na hoibre. Agus is é an t-aon toradh a bhíonn ar cháin den chineál seo ná é a dhéanamh níos costasaí don ghnáthdhuine. Fágann sin go mbíonn níos lú airgid acu le caitheamh ar rudaí eile.

Sin é an fáth go gcuireann Sinn Féin agus páirtithe eile de chuid na heite clé in aghaidh na cánach seo.

Ach níl aon phlean eile ag an eite dheis den Chomhaontas Glas, a bhaineann le hEamon Ryan, ach iachall a chur ar dhaoine íoc as beag beann ar a gcumas. Seo an plean atá acu in ionad daoine a mhealladh chun gcuid iompair agus cleachtais a athrú le cúnamh sóisialta ón stát.

Tá Ryan ag maíomh anois go mbeidh cúiteamh ar fáil do dhaoine trí íocaíochtaí speisialta sa gcáinaisnéis atá romhainn. Is furasta labhairt faoina leithéid go dtí go lorgaítear na sonraí faoin gcaoi go gcuirfí i bhfeidhm é.

Sa gcomhthéacs sin, ba thruamhéalach an rud a bheith ag breathnú ar an Aire Stáit Joe O’Brien ag iarraidh an milleán a chur ar an Rúis (atá ag comhlíonadh a gcuid conarthaí ar fad) toisc nach bhfuil siad ag cur breis gáis ar fáil.

Seo í an Rúis chéanna a bhíonn á damnú ag Coimisiún na hEorpa, coimisiún atá fós ag iarraidh cead don Nordstrom 2 a chur ar an méar fhada, fiontar a mbeadh an cumas aige an gás atá ag teastáil a chur ar fáil.

Ach tá pointe eile nár luaigh O’Brien. Is é sin go bhfuil neart gás nádúrtha againn in Éirinn ó Ghort na Coiribe. Ach ní linne an gás sin mar thug an rialtas (le tacaíocht Fhianna Fáil, Fhine Gael, Pháirtí an Lucht Oibre agus an Chomhaontais Ghlais) an gás sin do Shell, is caithfimid é a cheannach ag an bpraghas idirnáisiúnta a leagtar síos ar na margaí domhanda.

Tá sé níos éasca ar ndóigh an milleán a chur ar an Rúis, fiú mura bhfuil sé ionraic.

Maidir leis an Rúis, agus an tslí a ndéantar deamhan di, spreag na toghcháin pharlaiminte ansin tuilleadh den rud céanna. Tuilleadh cainte faoi Navalny agus dreamanna imeallacha eile nach bhfuil ach tacaíocht 2% acu de réir suirbhéanna polaitiúla; agus tuilleadh cainte faoi chaimiléireacht.

Mar a tharlaíonn sé, tá fianaise ann go raibh caimiléireacht áirithe ar bun. Ach ní caimiléireacht i gcoinne Navalny (nach bhfuil aon tábhacht ag baint leis) ach i gcoinne an Pháirtí Chumannaigh, an fiorfhreasúra, atá ag gearán gur goideadh suas le deich suíochán uathu is atá ag eagrú agóidí faoi i Moscó agus in áiteanna eile.

Ní luaitear na cumannaigh sna meáin mhóra, ar ndóigh, toisc go bhfuil siadsan ag moladh go dtógfadh an Rúis seasamh níos láidre in aghaidh an Iarthair.

Féachaimis ar an gcaoi a ritear toghchán parlaiminte sa Rúis. Tá 450 teachta sa Dúma, leath díobh tofa ó liostaí páirtithe, agus an leath eile i dtoghcheantair aon suíocháin faoin gcóras ‘an chéad duine thar an líne’ mar atá i Sasana.

Fuair páirtí Putin beagáinín níos lú ná 50% den vóta, is tá leath de na suíocháin liosta aige dá bharr. Faoin gcóras ‘an chéad duine thar an líne’ bíonn buntáiste mór ag an bpáirtí sin agus ní nach ionadh gur éirigh leo beagnach gach ceann a bhuachan. 

I dtoghcheantair áirithe, i Moscó agus in iarthar na tíre, a rinneadh calaois deirtear – ach, arís, ní calaois in aghaidh leithéidí Navalny a bhí ann ach in éadan na gcumannach.

Ach ar ais anseo sa mbaile is iad gnáthmhuintir na hÉireann a íocfaidh as teoiric na nGlasach faoin gcáin charbóin agus as faillí roinnt rialtas maidir le gás na Coiribe.  Gnáthmhuintir na hÉireann a íocfaidh chomh maith as éagumas Choimisiún na hEorpa nár dhein réamhphleanáil don stóras agus atá fós ag cur moill ar an bhfiontar Nordstrom 2 a leigheasfadh an fhadhb.

Fág freagra ar 'Géarchéim fuinnimh an toradh a bheidh ar cháin charbóin na nGlasach'

  • Eoghan Ó Néill

    Is beag a bhfuil fios agam i dtaobh na Rúise ach a bhíonn ar an nuacht agus ní fios an bhfuil sin claonta nó beacht. Ach is léir go bhfuil éifeacht ar ár nósanna úsáid fuinnimh as ola, guail etc. i ndiaidh an aeráid a athrú le toradh méadú ar stoirmeacha, tuilte, tinte foraoiseacha, creimeadh cósta, gantannas bia de bhárr triomacha etc. Is í an chúis le cáin charbóin ná chun muid a chur ag macnamh ar ár modhanna taistil etc. agus chun stór airgid a chruinniú chun taisteal poiblí a leasú, teasdíonadh tithe agus árasán, cuidiú le daoine ar an ngannchuid a bheas thíos de thoradh tuilte, stoirmeacha etc. Tá barraíocht CO2, CH4 etc san aer agus tá gá le feachtas mór plantáil crann agus tionscail deantús troscán chun ioncaim fadtéarmach a chur ar fáil do ghlúnta lucht na talún agus fostaíocht sna ceantracha tuaithe

  • Antóin

    Toradh eile ar amaidí na nGlasach agus a gcuid maidríní lathaí eile sa rialtas go bhfuil muid anois ag importáil móna.