Géarchéim an choróinvíris – cogadh na linne seo

Tá na srianta dianghlasála maolaithe agus i gcuid mhór áiteanna tá an gabhar á róstadh, ach beidh impleachtaí ghéarchéim an choróinvíris linn go ceann i bhfad, a mheasann ár gcolúnaí

Géarchéim an choróinvíris – cogadh na linne seo

An lá faoi dheireadh agus mé ag siúl abhaile tar éis mo chéad athchuairte ar an ionad aclaíochta, a bhí dúnta le cúig mhí anuas, rith sé liom – agus níorbh é an chéad uair é – go bhfuil go leor i gcoitinne ag géarchéim an choróinvíris leis an dara cogadh domhanda.

Ceart go leor, cúig bliana, seachas cúig mhí, a mhair an dara cogadh domhanda.

Agus cinnte, má bhreathnaímid ar líon na ndaoine a fuair bás agus ar scála na fulaingthe, níl sa ghéarchéim reatha dáiríre píre ach ‘slaghdán beag’ i gcomparáid leis an dara cogadh domhanda.

Mar sin féin, i gcuid mhór den domhan, níor cuireadh an saol as a riocht ná níor cuireadh isteach ar shaoirse an duine chomh mór sin ó tháinig deireadh leis an dara cogadh domhanda 75 bliain ó shin.

Bhí m’athair nach mór 8 mbliana d’aois nuair a bhris an dara cogadh domhanda amach agus bhí sé nach mór 13 bliain d’aois nuair a tháinig deireadh leis. Níor mhiste leis riamh a scéalta faoin tréimhse sin a roinnt lena chlann, ach rith sé liom, agus mé ag siúl abhaile ón ionad aclaíochta an lá faoi dheireadh, nach bhfuil a fhios agam a dhath – a dhath! – faoinar tharla sna laethanta, sna seachtainí, sna míonna agus sa chéad bhliain nó dhó tar éis do shaighdiúirí Cheanada cathair Leeuwarden san Ísiltír, mar a raibh cónaí ar mhuintir m’athar, a shaoradh.

Ar lean muintir na cathrach ar aghaidh i mbun a ngnóthaí amhail is nár tharla tada, mar atá ag tarlú i láthair na huaire in go leor áiteanna ar fud an domhain agus deireadh ag teacht leis na srianta a cuireadh i bhfeidhm d’fhonn srian a choinneáil le scaipeadh an víris?

Cuireann fear ón Ísiltír atá ar m’aithne agus atá nach mór ar comhaois le m’athair (nach maireann) síos ar na blianta díreach tar éis an chogaidh mar thréimhse a bhí sona – agus saonta. Bhí an atógáil faoi lán seoil agus níor léir do mhórchuid daoine cé hiad na hathruithe tromchúiseacha a bhí tagtha ar an saol go dtí an bhliain 1948 nuair a bhí an Eoraip scoilte ina dhá leath agus an cogadh fuar tar éis tosú.

Níor léir do mhórchuid daoine ach oiread cén dochar síceolaíoch a rinneadh le linn an chogaidh go dtí roinnt blianta ina dhiaidh. Níor tugadh éisteacht dóibh siúd a d’fhill ó na campaí géibhinn agus go deimhin bhain stiogma lena scéal; d’fhág easpa saoirse phearsanta bhlianta an chogaidh rian láidir ar an nglúin a tháinig in inmhe le linn na tréimhse sin.

‘Rinne an cogadh dream meata dínn,’ a dúirt an fear ón Ísiltír atá nach mór ar comhaois le m’athair liom tráth. ‘Sinne an ghlúin ba cheart réabhlóidí na 1960í a thosú ach bhí an iomarca faitís orainn roimh nósanna agus údaráis.’

Cheana féin is léir nach bhfuil éisteacht mar is cóir á tabhairt dóibh siúd a d’fhulaing de bharr Covid-19 (bíodh siad ina n-othair, ina ngaolta nó ina n-oibrithe sláinte) agus mothaím go bhfuil stiogma de shaghas ag baint leis an ngalar féin; is cinnte nach ndeirim féin le chuile dhuine a chastar orm go raibh sé orm.

Le seachtain nó dhó anuas, ó scaoileadh cuid mhór de na srianta a cuireadh i bhfeidhm d’fhonn srian a choinneáil le scaipeadh an víris anseo i gcathair Salvador sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, bíonn scaifte ógánach ag cruinniú díreach faoi bhun fhuinneog sheomra suite m’árasáin – buachaillí agus cailíní atá ag an aois chéanna agus a bhí m’athair nuair a tháinig deireadh leis an dara cogadh domhanda. Dream callánach iad a mbíonn caint ghraosta gháirsiúil ar bun acu agus is minic a thagann fonn orm an ruaig a chur orthu, ach ligim dóibh; bhí siad faoi ghlas ar feadh cúig mhí nuair a bhí siad ceaptha a bheith amuigh ag spraoi nó ag cur aithne ar mhianta a gcorp.

Tá a fhios agam freisin go bhfuil ar a laghad duine de na hógánaigh seo i mbun teiripe ar líne de bharr an tionchair a bhí ag an dianghlasáil air; cloisim a chuid comhráite leis an síceolaí tríd an fhuinneog oscailte gach oíche Chéadaoin.

Tá na srianta á scaoileadh agus i gcuid mhór áiteanna tá an gabhar á róstadh, ach beidh impleachtaí ghéarchéim an choróinvíris linn go ceann i bhfad – agus chuile sheans nach dtuigfimid go díreach cad iad go ceann roinnt blianta.

Fág freagra ar 'Géarchéim an choróinvíris – cogadh na linne seo'