‘Géarchéim’ a chuirfidh ‘beatha daoine i mbaol’ ag bagairt ar chóras sláinte Ghaeltacht Chonamara

Dar le hUachtarán Chumann Náisiúnta na nDochtúirí Teaghlaigh go mbeidh go leor ceantar d’uireasa dochtúir teaghlaigh go luath agus deir sé gur ‘seirbhís tríú domhan’ an tseirbhís otharchairr atá lonnaithe ar an gCeathrú Rua

‘Géarchéim’ a chuirfidh ‘beatha daoine i mbaol’ ag bagairt ar chóras sláinte Ghaeltacht Chonamara

Is gearr go mbeidh “géarchéim ar chuile bhealach” sna seirbhísí sláinte i nGaeltacht Chonamara agus oileáin Árann agus beatha daoine i mbaol dá bharr, dar le hUachtarán Chumann Náisiúnta na nDochtúirí Teaghlaigh, an Dr Maitiú Ó Tuathail.

Dar le Ó Tuathail, mura ndéantar gníomh láithreach ní bheidh aon dochtúir teaghlaigh i Leitir Mór, Inis Oírr ná Inis Meáin an mhí seo chugainn.

Chomh maith leis sin, dúirt Ó Tuathail, arb as Leitir Móir é féin, gur “seirbhís triú domhan” an tseirbhís otharchairr atá lonnaithe ar an gCeathrú Rua. Ag labhairt dó leis an Connacht Tribune, thug Ó Tuathail le fios go bhfágann cúrsaí foirne in ionad na n-otharcharr ar an gCeathrú Rua go mbíonn ar dhochtúirí teaghlaigh sa cheantar déileáil le cásanna éigeandála ar fud an réigiúin agus gan dóthain tacaíochta ná acmhainní acu.

“Tá seirbhís otharchairr triú domhan á fáil ag muintir dheisceart Chonamara agus iad ag íoc na cánach céanna le daoine ar an gcósta thoir a bhfuil seirbhís den chéad scoth acu,” a dúirt Ó Tuathail.

Idir an dá linn, tá Eddie Harty, dochtúir teaghlaigh Leitir Móir ag dul ar scor gan mhoill agus cé gur fógraíodh an post faoi dhó níor chuir aon duine isteach air.

“Is amhlaidh an cás in Inis Oírr agus Inis Meáin agus tá an dochtúir teaghlaigh in Inis Mór, an Dr Marian Broderick, le héirí as a cúram faoi cheann trí mhí agus is ise atá ag freastal ar na trí oileán faoi láthair,” a dúirt Uachtarán Chumann Náisiúnta na nDochtúirí Teaghlaigh.

Dúirt Ó Tuathail gurb í “fírinne an scéil” ná go mbeidh “stráicí móra” de chontae na Gaillimhe agus d’iarthar Mhaigh Eo gan aon dochtúir teaghlaigh acu faoi cheann bliain go leith.

Tá an scéal amhlaidh, a dúirt sé, de bharr go bhfuil go leor de na dochtúirí teaghlaigh atá faoi láthair ann amach sna blianta agus mar gheall ar an gcóras róta ar glaoch atá i bhfeidhm do dhochtúirí i gConamara.

“An chúis go bhfuil sé níos deacra folúntais a líonadh san iarthar ná go bhfuil an córas ar glaoch chomh dian sin. Ní fhéadfá é a dhéanamh má tá clann óg agat,” a dúirt Ó Tuathail.

Fág freagra ar '‘Géarchéim’ a chuirfidh ‘beatha daoine i mbaol’ ag bagairt ar chóras sláinte Ghaeltacht Chonamara'

  • wtf

    Géarchéim na heisimirce, géarchéim na dífhostaíochta, géarchéim na n-oifigí poist, géarchéim an (easpa) oideachais trí Ghaeilge, géarchéim oideachais, géarchéim sna seirbhísí sláinte, géarchéim aeráide….GÉARCHÉIM ááááá…úúú….ááá