Gearán leis na Gardaí déanta ag bean as Conamara de bharr ráflaí a scaipeadh faoina clann agus iad tinn le Covid-19

D’inis Cáit Uí Fhátharta a scéal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin agus d’impigh ar dhaoine gan breithiúnas a thabhairt orthu siúd a tholgann an Covid-19

Gearán leis na Gardaí déanta ag bean as Conamara de bharr ráflaí a scaipeadh faoina clann agus iad tinn le Covid-19

Tá gearán déanta leis na Gardaí ag bean as Conamara mar gheall ar ráflaí, líomhaintí agus pictiúir a scaipeadh ar na meáin shóisialta ag magadh fúithi féin agus faoina clann a raibh Covid-19 orthu.

Dúirt Cáit Uí Fhátharta as an Trá Bháin i gCeantar na nOileán nach raibh sí ag iarraidh “go bhfulaingeodh aon duine eile mar a d’fhulaing muide”.

D’inis Uí Fhátharta a scéal ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu agus d’impigh sí ar dhaoine gan breithiúnas a thabhairt ar aon duine a tholgann an Covid-19.

Fuair Uí Fhátharta amach an tseachtain seo caite go raibh an Covid-19 uirthi agus deimhníodh ina dhiaidh sin go raibh an víreas tolgtha ag a muintir a bhí sa teach léi.

Dúirt Uí Fhátharta go bhfuil an chuid is measa den tinneas curtha díobh acu ach go ngoilleann an chaoi ar caitheadh leo uirthi.

“Tá go leor rudaí tagtha chun cinn agus muid sa mbaile tinn.”

Dúirt sí gur cumadh scéalta fúthu agus gur scaipeadh ráflaí faoin teaghlach.

Tá teach tábhairne ag a fear céile i Maigh Cuilinn, ceantar inar deimhníodh roinnt mhaith cásanna den ghalar le gairid, agus meastar gur dá bharr sin a thosaigh na ráflaí, cé nach raibh Uí Fhátharta sásta a rá cárbh as ar tháinig siad.

“Téann go leor ráflaí amach faoi chásanna i gceantair eile. Fuair mo chlann tinn coicís tar éis cluiche peile tarlú i gceantar ar leith agus bíonn daoine ag déanamh suas scéalta agus ag déanamh amach gurb as seo a tháinig sé.

“Níl fhios agamsa cár phioc mé suas an galar seo. D’fhéadfadh sé go raibh mise ag déanamh mo chuid siopadóireachta i nGaillimh agus gur ann a phioc mé suas é nó in aon ghnólacht áitiúil,” a dúirt sí.

“Tháinig sé aniar aduaidh orainn. Chloígh muid le treoracha an bhoird sláinte ar chuile bhealach.”

Dúirt Cáit Uí Fhátharta go mb’fhéidir gur thosaigh an scéal amach mar phíosa spraoi ach go ndeachaigh sé i bhfad ina dhiaidh sin.

“Ceantar beag muid agus téann ráflaí agus téann bréaga amach ansin ó dhuine go duine agus is dóigh go bhfuil tionchar ag na meáin shóisialta ar na rudaí seo,” a dúirt sí.

“Thosaigh sé amach le pictiúir agus íomhánna, cloigne daoine curtha isteach in íomhánna ar leith agus á roinnt ar na meáin shóisialta.”

Dúirt sí gur scaipeadh na pictiúir chomh fada le daoine i Meiriceá.

Cheap sí gurb é an toradh a bheas ar an scéal ná nach mbeadh daoine eile sásta a inseacht go raibh an Covid-19 orthu de bharr imní faoina leithéid.

“Nuair a thiocfaidh an víreas seo chomh fada le duine eicínt eile sa gceantar, ní thuairisceofar go bhfuil a leithéid orthu, mar sé an rud deiridh atá aon duine a iarraidh ná go mbeadh duine eicínt ag glaoch as Meiriceá nó Sasana nó áit eile ag rá ‘fuair mise an pictiúr seo’.”

Luaigh Cáit Uí Fhátharta an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a leithéid de scéal ar mheabhairshláinte duine chomh maith.

“Bíonn caint mhór go bhfuil an Covid chomh dona agus go bhféadfá a bheith i mbaol an bháis leis. Sa gcás s’againne, tá muid tagtha tríd sin agus, buíochas le Dia, níor tharla sé sin ach is dóigh gurb é an taobh eile dhó, ó thaobh do mheabhairshláinte, nuair a théann ráflaí agus rudaí bréagacha amach ansin, gurb in is mó a d’fhéadfadh tú a chur chun báis i ndáiríre,” a dúirt sí.

“Cheap mé go bhfuil sé an-tábhachtach aird ar leith a tharraingt ar seo anois mar ‘sé an rud deiridh a bheinnse a iarraidh go mbeadh ar aon duine eile dul tríd seo dá mbeadh an coróinvíreas orthu, is cuma cén ceantar nó cén áit a bhfuil siad ann. Níl sé seo tuillte ag aon duine.”

Dúirt Cáit Uí Fhátharta go raibh clamhsán déanta aici leis na nGardaí faoin scéal agus go dtabharfadh sí ráiteas dóibh nuair a bheadh sí tagtha chuici féin i gceart.

Fág freagra ar 'Gearán leis na Gardaí déanta ag bean as Conamara de bharr ráflaí a scaipeadh faoina clann agus iad tinn le Covid-19'