An tAire Oideachais, an t-aire is déanaí a thug freagra i mBéarla ar cheist Dála i nGaeilge, rud atá in aghaidh an dlí teanga agus nósanna imeachta Thithe an Oireachtais.
Tá gearán déanta ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív leis an gCeann Comhairle faoin bhfreagra ón Aire a raibh a fhormhór mór i mBéarla.
“Éilím go ndéanfaidh tú cinnte go bhfaighidh mé freagra a bheidh go hiomlán i nGaeilge ar cheist pharlaiminte a chuir mé i nGaeilge agus go ndéanfar cinnte nach dtarlóidh sé seo arís,” a deir Ó Cuív ina ghearán chuig an gCeann Comhairle.
“Ní ceart go mbíonn anró breise an t-am ar fad nuair a dhéantar gnó trí Ghaeilge de bharr nach gcomhlíonann eagraíochtaí stáit a ndualgais i leith cearta teanga.”
Ní hé seo an chéad uair gur tugadh freagra i mBéarla ar cheist pharlaiminte i nGaeilge.
Cháin urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Aengus Ó Snodaigh, dearcadh an rialtais i leith na teanga tar éis dó freagraí i mBéarla amháin a fháil ó bheirt airí ar cheisteanna Dála le bliain anuas.
I mí Mheán Fómhair seo caite, thug an tAire Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Líonraí Cumarsáide, Eamon Ryan, freagra i mBéarla amháin ar cheist i nGaeilge ón Teachta Ó Snodaigh. Ghabh an tAire leithscéal agus dúirt sé nach dtarlódh a leithéid arís ach, dhá mhí ina dhiaidh sin, thug sé freagra i mBéarla amháin arís ar cheist i nGaeilge a chuir Ó Snodaigh air.
Ansin, mí Iúil na bliana seo, thug an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris freagra i mBéarla amháin ar cheist Dála scríofa a cuireadh i nGaeilge air faoi Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Bhí ar an Tánaiste Leo Varadkar leithscéal a ghabháil ar an ábhar céanna in 2016, tráth a raibh sé ina Aire Coimirce Sóisialaí.
Sheol Airí na Gaeltachta litir chuig gach aire rialtais i mbliana chun a gcuid dualgas i leith cearta teanga a mheabhrú dóibh agus d’oifigigh a ranna.
Bhain an cheist a chuir Éamon Ó Cuív ar an Aire Oideachais leis na hacmhainní foirne agus airgeadais a bhí curtha ar fáil do theagasc na Gaeilge faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.
Luaigh an tAire Norma Foley bunú Aonad Gaeltachta a roinne, bunú na Máistreachta Gairmiúla san Oideachas do bhunmhúinteoirí in OÉ Gaillimh agus forbairtí curaclaim Gaeilge i measc na mbeartas a bhí curtha i bhfeidhm ag a roinn ó foilsíodh an Straitéis Fiche Bliain.
Jack
Alri,cad é na restirctions nua.
Gerry Sóna
Níl bealach níos éifeachtaí freagra a thabhairt ar na daoine seo na seo a rá i mBéarla na Banríona leo; “For what(this insult) died the sons of Róisín”?