Geansaí a mbeadh Cameron Diaz féin sásta leis faighte faoi dheireadh ar Inis Meáin

Tháinig deireadh le déanaí le hoilithreacht saoil olla ár gcolúnaí nuair a tháinig sí ar an ngeansaí a bhí riamh uaithi

Geansaí a mbeadh Cameron Diaz féin sásta leis faighte faoi dheireadh ar Inis Meáin

Bhí an-chur síos in Tuairisc.ie le gairid faoin olann –  an chardáil, an spíonadh, an dathú srl. ‘Saothraithe go maith a bhí an bréidín ag mná Árann,’ a d’fhógair an t-alt ó chartlann Dúchas.ie.

B’in í an fhírinne. Níl a fhios cén stró a caitheadh leis – agus b’in sular chuimhnigh duine ar an gcniotáil ná ar dhéanamh an bhréidín féin.

Thug sé siar ar bhóithrín na smaointe mé agus cé nach ndearna aon duine le mo chuimhne, aon sníomh sa mbaile, mar sin féin, bhíodh obair mhór ag baint leis an snáth olla sular thosaigh duine ag cniotáil.

Ceannaíodh an snáth agus é rolláilte ina scáinní móra. Chaithfeadh duine na scáinní a oscailt agus a chur timpeall ar chúl na cathaoireach, é sin nó iarraidh ar pháiste nó fear céile díomhaoin an snáth a choinneáil timpeall ar a lámha, an fhad is a bhí an cniotálaí ag déanamh ceirtlín olla as. (Gan dearmad an cat a chur amach sa chlós fad is a bhí an obair sin ar siúl.)

Leis an bhfírinne a dhéanamh, níor thaitin an geansaí olla le duine ar bith de mo ghlúin-se. Bhí an snáth garbh, bhí sé crua ar na méaracha agus tú ag cniotáil. Agus an muineál – bí ag caint ar thochas. Ní raibh deireadh leis.

Ach bhí scil na cniotála ag gach cailín. Go deimhin, bhí sé ar an gcúrsa bunscoile. Sula bhfágfá rang a sé, chaithfeá a bheith ar an eolas faoi stocaí, miotóga agus geansaí a chniotáil. Bhí scil ar leith ag baint le sáil stoca a ‘chasadh’.

D’éirigh mé féin chomh bréan den chniotáil gur lig mé orm gur muinchillí ‘trí cheathrú’ a bhí sa bpatrún geansaí a bhí mé a chniotáil i rang a sé. Ach ní raibh patrún ar bith agam – as mo chloigeann a tháinig sé. Agus na muinchillí ciorraithe agam, níor ghoill an fuacht an oiread sin orm. I ndáiríre…

Nuair a chuaigh mé ag an meánscoil, d’iarr mo mháthair ar chailín a bhí ina cónaí amuigh faoin tuath, cairdeagan donn a chniotáil dom, ceann a ghabhfadh leis an éide scoile dhonn. Ach bhuail taom samhlaíochta í agus rinne sí an chniotáil i bpatrún geansaí Árann. Bhíodh tochas orm i gcaitheamh na chéad bhlianta ar scoil go dtí gur fhás mé as an gcairdeagan céanna.

Ach ina dhiaidh sin, b’fhacthas dom go mbíodh corrgheansai Árann le feiceáil a raibh déanamh an-deas orthu.

Is cuimhin liom blianta ó shin go raibh an t-aisteoir Susan George ag breathnú an-slachtmhar sa scannán Straw Dogs agus geansaí bán uirthi. Chinn sé orm ceann a aimsiú a bhí cosúil leis, cé go ndearna mé iarracht mhaith.

Agus ansin scaitheamh ó shin, tháinig an scannán The Holiday amach le Cameron Diaz agus nach raibh geansaí Árann uirthi i roinnt radharcanna. Níorbh aon iontas gur thit Jude Law i ngrá léi. Agus ní raibh aon fhianaise ann go raibh míchompord ar bith ag baint leis an muineál – ní fhaca mé ag tochas aon uair amháin féin í. Níor éirigh liom ceann cosúil leis sin a aimsiú ach an oiread.

D’athraigh mé treo nuair a chonaic mé geansaí deas, gan muinchillí ag an dearthóir Max Mara. San Iodáil a leag mé súil air ach bhí mé ag taisteal faoi shrianta Ryanair ag an am agus ní raibh orlach le spáráil sa mhála do gheansaí olla. Chuartaigh mé sna siopaí agus ar an idirlíon nuair a d’fhill mé abhaile ach ní raibh dé air.

B’fhéidir go mbeadh orm na bioráin chniotála a thógáil amach arís.

Rinne mé cairdeagan don chailín beag agus bhain mé an-spórt as na cáblaí – cor na péiste, na diamaint, na sméara dubha, na cnaipí ‘Peppa Pig’ agus eile. Ach bhí a fhios agam nach mbeadh an fhoighid agam don gheansaí mór.

Ar aon nós, bhíodar imithe as faisean, nach raibh? Cé a chaithfeadh geansaí Árann anois? Agus nach mbeadh fadhb leis an tochas i gcónaí? Bhí mo thionscadal ligthe i ndearmad ar fad agam nuair a thug mé cuairt ar Inis Meáin.

Ní raibh siopa Cniotáil Inis Meáin oscailte don phobal ach ar feadh achar gearr an mhaidin sin.  Ansin gan choinne, a leag mé súil air. Geansaí cosúil le ceann Susan George, fillte go néata ar an tseilf.

Agus bhí sé ann sna toisí cearta.

Agus nuair a chuir mé orm é, nach raibh sé chomh bog le síoda. Céard faoin tochas?

‘Ó ní úsáideann muide an snáth Éireannach,’ arsa an cailín a bhí i bhfeighil an tsiopa. ‘Tá sé i bhfad ró-gharbh. Úsáideann muide snáth ón Iodáil,’ a deir sí.

Thar lear is mó a dhíolann Cniotáil Inis Meáin a chuid geansaithe. Sna siopaí mór le rá, ó Nua-Eabhrac go Shanghai agus in áiteacha eile ar fud an domhain, a dhíoltar iad. Agus cé nach bhfuil an siopa oscailte ach ar feadh uaireanta ciorraithe, tá an mhonarcha cniotála i mbun oibre go lánaimseartha agus na geansaithe á ndíol ar líne chomh maith (www.inismeain.ie).

Bhí mé chomh sásta liom féin go bhfuair mé mo gheansaí ar deireadh. Snáth álainn bog atá ann agus dath bán geal air. Ba chuma liomsa ach an oiread má bhí sé ‘faiseanta’ nó nach raibh. Nach raibh mé á chuartú le fada an lá? Ní bheadh a leithéid ag éinne eile.

B’fhada liom go bhfeicfeadh mo Jude Law féin é. Chaith sé súil air nuair a d’oscail mé an mála.

‘Feicim gur cheannaigh tú geansaí Taylor Swift,’ ar seisean.

Fág freagra ar 'Geansaí a mbeadh Cameron Diaz féin sásta leis faighte faoi dheireadh ar Inis Meáin'