‘Gealtachas’ is ea Plean Gaeilge Comhairle ó thuaidh, a deir DUP

£150,000 a chosnódh Plean Gaeilge Chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin. 'Iontas agus díomá' ar Bharra Ó Muirí, comhairleoir le Sinn Féin, faoi dhearcadh William Walker ón DUP

Screen Shot 2015-11-18 at 18.09.35
William Walker, an DUP

Tá duine de chomhairleoirí an DUP, William Walker, tar éis a mhíshástacht faoi phlean Gaeilge Chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin a chur in iúl, ag rá gur cur amú airgid agus “boigéis gan chiall” atá ann.

Tuairiscítear go bhfuil an Chomhairle le £150,000 d’airgead cáiníocóirí a chaitheamh an bhliain seo chugainn chun cur lena straitéis Ghaeilge.

Bainfear gaisneas as an airgead le comharthaí sráide dátheangacha a chrochadh, oiliúint a chur ar bhaill foirne déileáil le pobal na Gaeilge ar an bhfón agus i gcomhfhreagras, agus príomhdhoiciméid na Comhairle a chur i gcló sa dá theanga. Cuirfear Gaeilge ar shuíomh na Comhairle amach anseo agus teastaíonn cuid den airgead faoina chomhair sin chomh maith.

Dúirt William Walker go bhfuil an leibhéal seo caiteachais “iomlán thar fóir” agus gurb ionann é agus “gealtachas” ar an ábhar go bhfuil “i bhfad níos mó cainteoirí Polainnise agus Liotuáinise ná cainteoirí Gaeilge sa cheantar.”

“Nuair a amharcann tú ar bhriseadh síos na dteangacha sa cheantar, tchífidh tú go bhfuil an Ghaedhilg sa cheathrú háit ann. Ní labhrann ach 0.22% de dhaonra an cheantair í mar phríomhtheanga.

“Níl mé in éadan Straitéis na Gaeilge, ach le fírinne, is gá d’achan nduine a bheith cnuaisciúnach i láthair na huaire agus ní shílimse gurb é seo an t-am le hairgead a chaitheamh ar an dóigh seo,” a dúirt Walker.

Chuir an méid a dúirt Walker “iontas agus díomá” ar Bharra Ó Muirí, comhairleoir le Sinn Féin, a dúirt gur cheart d’aontachtóirí éirí as a bheith ag caitheamh anuas ar “chuid lárnach dá n-oidhreacht féin, ach an deis a fháil chuige”.

Dúirt Ó Muirí gur “seafóid” atá sa chaint ar chostas na straitéise toisc go gcaithfidh an chomhairle a buiséad Gaeilge a aontú go fóill. Dúirt sé freisin gur ceist comhionannais atá ann agus go bhfuil straitéis na Comhairle ag teacht leis an méid atá sa Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Fág freagra ar '‘Gealtachas’ is ea Plean Gaeilge Comhairle ó thuaidh, a deir DUP'