Gealltanas tugtha go mbeidh Martin agus Calleary ag obair ‘as lámha a chéile’ ar son na teanga

D’fhág ceapachán Dhara Calleary mar Aire Stáit Gaeltachta nach bhfuil aon chríoch leis an bhfanacht fada ar aire sinsearach don Ghaeltacht

Gealltanas tugtha go mbeidh Martin agus Calleary ag obair ‘as lámha a chéile’ ar son na teanga

Beidh an t-aire sinsearach agus an t-aire sóisearach sa roinn nua rialtais a bhfuil cúram na Gaeltachta uirthi “ag obair as lámha a chéile” ar son na teanga.

Sin an gheallúint a thug an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Spóirt, Cultúir agus Gaeltachta, Catherine Martin, nuair a fógraíodh aréir go raibh cúram na Gaeltachta agus an Spóirt leagtha ar aire stáit, an Príomh-Aoire nua Dara Calleary.

Dúirt Catherine Martin chomh maith go raibh an Ghaeilge “ríthábhachtach di féin go pearsanta” agus go dtabharfadh sí féin agus an tAire Stáit nua cuairt oifigiúil i dteannta a chéile ar cheantar Gaeltachta go luath.

Is cinnte go bhféachfar ar na geallúintí sin mar fhógra ó Catherine Martin go mbeidh ról níos feiceálaí aici ó thaobh na Gaeltachta ná mar a bhí ag a réamhtheachtaithe Josepha Madigan agus Heather Humphreys, beirt nár bhac mórán le cúram na Gaeltachta a luaithe is a bhí sé tarmligthe acu d’aire stáit.

Féachfar chomh maith ar ráiteas Martin mar iarracht maolú a dhéanamh ar an imní a bheidh ar dhaoine gur ísliú céime eile don Ghaeltacht í a bheith fágtha faoi Phríomh-Aoire a bhfuil dualgas mór eile air chomh maith i dtaobh cúrsaí spóirt.

D’fhág ceapachán Dhara Calleary mar Aire Stáit Gaeltachta nach bhfuil aon chríoch leis an bhfanacht fada naoi mbliana ar aire sinsearach don Ghaeltacht.

Chomh maith leis sin, seo an tríú huair as a chéile gur leagadh cúram na Gaeltachta ar Phríomh-Aoire seachas ar aire sinsearach mar atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge ó 2011.

Dúirt Conradh na Gaeilge aréir go raibh “díomá” orthu “nár ghlac an Taoiseach” lena moladh go bhfágfaí an phríomhfhreagracht don Ghaeltacht ar aire sinsearach.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, áfach, gur “beirt chumasach a bhfuil spéis sa Ghaeilge acu” iad Dara Calleary agus Catherine Martin agus go raibh sé ag súil le bheith ag obair “go dlúth leo ar chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta”.

Dúirt an tAire Stáit Dara Calleary go raibh sé “ag tnúth go mór  le tús a chur leis an ról” agus leag sé béim ar leith ar chosaint na Gaeltachta.

“Aithníonn an Rialtas an tábhacht faoi leith atá ag baint leis an nGaeilge mar chéad teanga na tíre, mar theanga bheo, agus mar chuid riachtanach dár n-oidhreacht mar oileán. 

“Tá muid diongbháilte cur le feiceálacht ár dteanga dhúchais agus cur le líon na gcainteoirí laethúla sa bpobal.  Mothaím go paiseanta faoi chosaint agus chaomhnú na Gaeltachta chun a chinntiú go mairfidh siad mar thobar don teanga bheo.”

Cúram na Gaeltachta agus an spóirt curtha ar an bPríomh-Aoire Dara Calleary

Mhaígh an tAire Catherine Martin chomh maith go raibh cás na Gaeilge agus na Gaeltachta “rí-thábhachtach” don Rialtas nua agus “di fhéin go pearsanta”.

Dúirt sí gur ceapachán den scoth a bhí i gceapachán Dhara Calleary, Teachta Dála, a dúirt sí, a bhfuil “spéis ar leith aige sa teanga agus i bhforbairt na Gaeltachta” agus “tuiscint rímhaith” aige ar na dúshlán atá roimh phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie gur “múnla nua” a bheadh ann “beirt airí le Gaeilge a bhfuil spéis léirithe acu sa teanga” a bheith ag plé le cúram na Gaeltachta. 

Fág freagra ar 'Gealltanas tugtha go mbeidh Martin agus Calleary ag obair ‘as lámha a chéile’ ar son na teanga'

  • Rossa Ó Snodaigh

    Beirth atá a gcroíthe sa teanga iad Dara agus Catherine ach an é go bhfuil an rialtas ag rá gurb ionann an teanga agus caitheamh aimsire agus iad á gcaitheamh isteach le cluichíocht?