Gealltanas faighte ó Poots go bhfuil rún aige an reachtaíocht teanga a thabhairt isteach – Sinn Féin

Deir ceannaire nuathofa an DUP nach bhfuil aon ‘chuimhneamh faoin spéir’ aige Stormont a chur i mbaol

Gealltanas faighte ó Poots go bhfuil rún aige an reachtaíocht teanga a thabhairt isteach – Sinn Féin

Deir ceannaire Shinn Féin go bhfuil gealltanas faighte ag a páirtí ó cheannaire nua an DUP go bhfuil rún aige an reachtaíocht teanga a thabhairt isteach.

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, gur gheall Edwin Poots di go dtabharfaí isteach na gnéithe sin den chonradh ba bhun le hathbhunú roinnt na cumhachta anuraidh.

I mBéal Feirste ar an gCéadaoin a bhí an chéad chruinniú ar aghaidh a chéile ag Poots agus McDonald ó toghadh Poots ina chomharba ar Arlene Foster.

Dúirt ceannaire Shinn Féin gur “fiúntach” an cruinniú a bhí eatarthu in Stormont.

Ar an Máirt dúirt Edwin Poots nárbh aon bhaol do roinnt na cumhachta in Stormont eisean a bheith ina cheannaire ar an DUP.

Dúirt ceannaire nuathofa an DUP go raibh sé ag iarraidh go gcomhlíonfaí gealltanais amhail an reachtaíocht Ghaeilge.

Dúirt sé go raibh sé meáite ar fáil réidh leis an bPrótacal iarBhreatimeachta ach nach raibh aon “chuimhneamh faoi spéir” aige Stormont a chur i mbaol.

Tá beirt Choimisinéirí, ceann don Ghaeilge agus don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta i measc na ngealltanas sa chomhaontú, New Decade, New Approach.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, atá sa phlean Ré Nua, Cur Chuige Nua, tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta ann, ina measc stádas oifigiúil don teanga.

Chuirfeadh an pacáiste reachtaíochta atá geallta ar ceal chomh maith ‘Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

I measc na mbeartas eile sa phlean tá dréachtú straitéisí don Ghaeilge agus don Ultais.

Fág freagra ar 'Gealltanas faighte ó Poots go bhfuil rún aige an reachtaíocht teanga a thabhairt isteach – Sinn Féin'