Tá geallta ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais go bhfuil sé chun leasú a chur chun cinn a chuirfeadh tagairt dhíreach do chosaint na Gaeilge san oideachas tríú leibhéal i reachtaíocht nua atá á rith aige.
Gheall an tAire Simon Harris an méid sin do Chonradh na Gaeilge ag cruinniú a bhí aige leo le gairid, cruinniú a bhí “an-dearfach” dar leis an eagraíocht teanga.
Seo athrú poirt ag an Aire, a dúirt sa Dáil le déanaí nach raibh sé i gceist aige aon athrú a dhéanamh ar bhille a chuirfeadh ar ceal an tagairt láidir do chosaint na Gaeilge in Acht an Údaráis um Ardoideachas.
Ní fios go fóill cén fhoclaíocht a mholfaidh an tAire Harris i dtaobh na Gaeilge ach tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge an cheist a phlé arís leis féin agus lena Roinn.
Bhí conspóid ann le tamall agus é ráite ag an Aire Harris gur leor tagairt do chúrsaí cultúir seachas tagairt dhíreach don teanga chun cur chun cinn na Gaeilge san oideachas tríú leibhéal a chinntiú sa reachtaíocht nua.
San acht mar atá, tá tagairt láidir ann do chosaint na Gaeilge ach bhí molta ag an Aire go mbainfí amach an tagairt sin sa reachtaíocht leasaithe.
Dúirt Conradh na Gaeilge in aighneacht a chuir siad faoi bhráid Choiste Oideachais an Oireachtais go raibh “neamhaird iomlán” déanta ar an Ghaeilge i mBille an Aire Harris.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, gur léir nach raibh aird á tabhairt ag an Aire Harris “ar mhian an rialtais féin” go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030.
I measc na moltaí eile faoin bhille atá in aighneacht Chonradh na Gaeilge, deirtear gur chóir seirbhísí tacaíochta breise a chur ar fáil d’institiúidí tríú leibhéal agus aitheantas a thabhairt don riachtanas a bhaineann le dóthain múinteoirí Gaeilge a sholáthar don chóras oideachais.
Tá brú á chur le tamall freisin ag an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ar an Aire Ardoideachais faoi chás na Gaeilge sa reachtaíocht nua.
Dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur “ionsaí naimhdeach” ar an teanga a bhí ann fáil réidh leis an tagairt atá san Acht faoi láthair.
Deirtear in Alt 4 d’Acht 1971 go gcoimeádfaidh an tÚdarás “i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus féachfaidh sé le cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích”.
I bhfreagra ar cheist Dála de chuid Uí Shnodaigh níos luaithe an mhí seo, dúirt an tAire Harris gur leor feasta, in áit tagairt don Ghaeilge, tagairt ghinearálta do chúrsaí cultúrtha. Sa Scéim Ghinearálta don bhille nua, a deirtear:
“Cuirfidh an tÚdarás [um Ardoideachas] na cuspóirí seo a leanas san áireamh agus é ag tabhairt faoina fheidhmeanna – (b) chun tacú le soláthraithe ardoideachais le hionchur a bheith acu san fhorbairt agus inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíochta, chultúrtha agus timpeallachta tríd an gceannaireacht, nuálaíocht agus aclaíocht.”
Dúirt an tAire Harris gur leor an tagairt don fhorbairt chultúrtha “le hionchur a dhéanamh d’fhorbairt agus inbhuanaitheacht na Gaeilge” ach is léir anois go bhfuil sé chun leasú a mholadh ina ndéanfar tagairt dhíreach don teanga.
Fág freagra ar 'Geallta ag an Aire Ardoideachais go ndéanfar tagairt dhíreach don Ghaeilge i mbille nua'