Gealladh ‘No Stone Unturned’, ach tá an Tuaisceart faoi gheis ag uafáis i gcónaí

Insítear scéal scanrúil sa scannán faisnéise nua ‘No Stone Unturned’ a scrúdaíonn ionsaí an UVF i Loch an Oileáin i 1994

Gealladh ‘No Stone Unturned’, ach tá an Tuaisceart faoi gheis ag uafáis i gcónaí

No Stone Unturned is teideal don scannán faisnéise ar díoladh gach ticéad lena aghaidh i bpictiúrlanna ó thuaidh le deich lá anuas. Scéal scanrúil a scrúdaíonn ionsaí de chuid an UVF agus an éagóir i gceann an uafáis a bhí i gceist ina dhiaidh nuair nár deineadh iarracht dá laghad an eachtra a fhiosrú go críochnúil.

Chinn Ombudsman na bPóilíní, an Dochtúir Michael Maguire anuraidh go raibh claonpháirteachas idir na póilíní agus na dúnmharfóirí, ach nochtann an scannán scála na caimiléireachta ar bhealach a chuir alltacht ar dhaoine.

Is é an sléacht i Loch an Oileáin, Contae an Dúin sa Mheitheamh 1994 atá faoi chaibidil, eachtra inar mharaigh an UVF seisear fear san Heights Bar is iad ag faire ar chluiche sacair ar RTÉ.

Ba é an cluiche i Giants Stadium i Nua-Eabhrac i gCorn an Domhain idir Éire agus an Iodáil a bhí ar siúl. Bhí a chúl cáiliúil scóráilte ag Ray Houghton agus ardghiúmar ar gach duine sa tábhairne nuair a réab na fir ghunna an doras isteach. Scaoileadh le gach éinne; fágadh seisear marbh agus cúigear gortaithe go dona. Ar ndóigh d’fhág an sléacht lorg buan ar gach éinne a bhí sa tábhairne agus ar an bpobal ar fad sa cheantar beag tuaithe.

Baineann teideal an scannáin leis na geallúintí a rinneadh go gcinnteofaí go mbéarfaí ar lucht an ionsaithe agus go gcuirfí an dlí orthu. Liosta le háireamh iad na geallúintí a chuala íobartaigh go ndéanfaí chuile dhícheall sa bhfiosrú: ‘no stone [would be left] unturned’.

Gheall an Státrúnaí Patrick Mayhew an méid sin agus gheall ceannaire na bpóilíní an rud céanna agus é ag caint ag láthair an uafáis. Fearacht mhuintir Inis Ceithleann, pobal na hÓmaí agus a lán eile fuair muintir Loch an Oileáin amach le himeacht aimsire nárbh fhiú tráithnín na briathra sin. ‘Ní dóigh liom gur bhog siad oiread agus cloch amháin,’ a deir Clare Rogan sa scannán. Bhí a fear céile Aidan, 34, i measc an tseisir a maraíodh.

Nuair a d’fhoilsigh Ombudsman na bPóilíní toradh a fhiosraithe anuraidh thuairisc sé gur scrios na póilíní gluaisteán na bhfear gunna agus gur cailleadh fianaise eile. Ní raibh amhras ar bith ar an Dr Maguire ach go raibh claonpháirteachas i gceist. Níor ainmnigh sé amhrastaigh, áfach. Ina thuarascáil bhí ceannlitreacha ann in áit ainmneacha na ndaoine a raibh baint acu leis an scéal, idir pharaimíleataigh agus phóilíní.

Baineadh geit as daoine mar sin nuair a ainmníodh na hamhrastaigh sa scannán.

Céim neamhghnách í sin in Éirinn agus sa Bhreatain, cé nach ea i Meiriceá. Meiriceánach é an stiúrthóir Alex Gibney a rinne an saothar i gcomhar leis an gcomhlacht Fine Point Films as Béal Feirste agus tá an scannán bunaithe ar thaighde an iriseora Barry McCaffrey. Rianaíonn sé an claonpháirteachas a bhí ann roimh an ionsaí agus ina dhiaidh.

Léiríonn sé go mba ghníomhaire de chuid Bhrainse Speisialta an RUC duine den drong ón UVF, nár cuardaíodh teach le ball aitheanta den UVF gar don áit ar frítheadh carr na bhfear gunna, gur sceith bean chéile an fhir sin air ach nár cúisíodh ise ná eisean agus go raibh an bhuíon freagrach as a thuilleadh ionsaithe.

Nuair a d’fhág na fir ghunna an carr i bpáirc níor chuir siad trí thine é agus caitheadh gunnaí agus mála ina raibh púicín agus lámhainní in aice láimhe; stór ollmhór d’fhianaise fhóiréinseach, a deir iarphóilín sa scannán. Níor baineadh leas aisti.

Chomh maith le hionsaithe eile i gContae an Dúin, bhí nasc idir ionsaí Loch an Oileáin agus eachtraí conspóideacha eile atá i mbéal an phobail faoi láthair. Bhí gunna a úsáideadh san Heights Bar ina chuid de lasta airm a d’iompórtáil dílseoirí sna hochtóidí ón Afraic Theas. Gabhadh cuid den ualach sin agus é á aistriú ón teach feirme i nGleann Anna, Contae Ard Mhacha, an teach as ar ghníomhaigh an Glenanne Gang. Luaitear buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, an t-ionsaí ar Bhanna ceoil an Miami agus na scórtha eachtraí eile leis an drong sin a raibh baill de na fórsaí slándála ina measc; “eiseamláir” an chlaonpháirteachais. Seachtain ó shin san Ard-Chúirt i mBéal Feirste d’ordaigh an Breitheamh Seamus Treacy do Phríomh-Chonstábla an PSNI George Hamilton bailchríoch a chur ar fhiosrú ar bhreis is céad dúnmharú a luaitear le drong Ghleann Anna. Bhí scrúdú nach mór críochnaithe ag an HET (foireann na bhfiosruithe stairiúla) sular cuireadh ar scor é. In ionad an obair a dhéanamh tá achomharc á iarraidh ag an bPríomh-Chonstábla.

Le linn díospóireachta i ndiaidh an scannáin cúpla oíche ó shin dúirt Ombudsman na bPóilíní go bhfuil Drong Ghleann Anna á fiosrú aige. Seans gurb é sin an deis is fearr chun an fhírinne a aimsiú. Chuir an Dr Maguire fainic ar an lucht féachana, áfach. Níl an córas atá ann faoi láthair chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí  ag obair, a dúirt sé. Dá bhfeadfaí córas a ghlaoch air. Teastaíonn obair chomhordaithe murab ionann agus cuid den chúram a bheith ar an PSNI agus cuid eile ar Ombudsman na bPóilíní nach bhfuil an t-údarás aige chun saighdiúirí nó paraimíleataigh a fhiosrú. Gan toil pholaitiúil chun an córas a aontaíodh i socrú an ‘Tús Nua’ a chur i bhfeidhm, níl údar dóchais ar bith ag na céadta a bhí thíos leis na hionsaithe seo. D’éagmais an chórais sin, beidh Tuaisceart Éireann faoi gheis ag uafáis.

Fág freagra ar 'Gealladh ‘No Stone Unturned’, ach tá an Tuaisceart faoi gheis ag uafáis i gcónaí'