Gealladh – ‘D’fhocal a thabhairt, deimhniú, móidiú, cur in áirithe mar chinniúint…’

Fainic! Tá laghduithe ar cháin agus feabhas den uile chineál á ghealladh, ach beidh fuar ag an té a bheadh ag brath ar na gealltanais chéanna…

Gealladh 2

Is foclóir breá Gaeilge-Gaeilge é An Foclóir Beag. Bainim idir thairbhe agus phléisiúr as go minic. Seo an sainmhíniú a thugtar ann ar an bhfocal gealladh:

D’fhocal a thabhairt, deimhniú, móidiú, cur in áirithe mar chinniúint, fonn, fuadar

Is gá an iontráil a léamh go hiomlán chun teacht ar an sainmhíniú is cóngaraí don sainmhíniú polaitiúil ar an bhfocal céanna. Gan dabht tá fonn ar gach páirtí na beartais atá á ngealladh go tiubh acu a chur i bhfeidhm. Ach ar dhá chúis, cuireann toghcháin srian ar an bhfonn a bhíonn orthu:

  1. Toisc nár éirigh le páirtí ar bith móramh iomlán Dála a bhaint amach in olltoghchán ó 1977.
  2. Toisc go n-athraíonn an léargas polaitiúil nó eacnamaíochta go minic, agus go dtagann athrú ar thoil agus ar chumas na bpáirtithe gealltanais a chomhlíonadh dá réir.

Mar sin, is é bun agus barr an scéil maidir le gach gealltanas a chloisfidh tú idir seo agus lá na vótála ná nach bhfuil ann ach aidhm a chuirfear sa mheá sna comhráite idirpháirtí ina ndéanfar margadh comhrialtais.

De ghnáth, seachnaíonn na páirtithe ceisteanna mar seo. ‘Tá X geallta agaibh. An mbeadh sibh toilteanach dul i gcomhrialtas le páirtí eile a dhiúltaíonn X a chur i bhfeidhm?’

Mar shampla, roimh olltoghchán 2007, ‘gheall’ an Comhaontas Glas go ndiúltófaí cead tuirlingthe in Aerfort na Sionna d’eitleáin mhíleata Mheiriceá. Ach nuair a d’fhiafraigh mé den cheannaire John Gormley an ndéanfaidís margadh comhrialtais nach mbeadh cosc dá leithéid mar chuid de, sheachain sé an cheist.

Mar is eol dúinn, chuaigh na Glasaigh i mbun comhrialtais le Fianna Fáil tar éis an olltoghcháin, agus níor cuireadh cosc ar bith ar theacht agus imeacht na Meiriceánach.

Fair play, mar sin, do Renua a d’fhógair “líne dhearg” Dé Luain. Beidh athbhunú 80 comhairle baile ar cuireadh deireadh leo in 2014 mar bhunchoinníoll ag an bpáirtí i gcomhráite ar bith a mbeidh siad páirteach iontu tar éis an olltoghcháin.

Is fada an lá ó d’eisigh páirtí ar bith ráiteas chomh soiléir neamhchoinníollach, roimh olltoghchán. Deir Renua go mbeidh a thuilleadh gealltanas den sórt ceanna á bhfógairt acu roimh lá na vótála.

Cuir i leataobh vóta Lucinda Creighton i bhfabhar scor na gcomhairlí baile céanna sular fhág sí Fine Gael, agus tá earra nua curtha ag a páirtí ar mhargadh na polaitíochta: caint shoiléir.

Fáilteoidh mórán roimh a leithéid. Ar ndóigh, dá rachfaí thar fóir le caint dá leithéid, bheadh sé dodhéanta teacht ar mhargadh comhrialtais. Ach ní rachfar. Coinneofar srian leis an gcaint shoiléir seo. Geallaim an méid sin duit…

D’imigh sin agus tháinig seo…

Ar chuimhnigh Joan Burton ar gheallúint a thug Páirtí an Lucht Oibre in 2011 sular cheap sí David Begg mar chathaoirleach ar an Údarás Pinsean?
Is sa chéad abairt ar an gcéad leathanach den chaibidil
, ina ndearnadh cur síos ar an atheagrú polaitiúil agus riaracháin, a d’fhógair an páirtí athrú ó bhonn ar an gcóras ceapacháin seo:

“The first steps. End political cronyism by opening up positions on state boards to all qualified candidates, and require appointments to be scrutinised by the Dáil.”

Anois, ní raibh dualgas de réir dlí ar an Tánaiste deis a thabhairt do dhaoine eile cur isteach ar an bpost a thairg sí do David Begg agus is fear cumasach é gan dabht. Agus dáiríre, ní mór an cúiteamh a fhaightear ar na cúraimí a ghabhann le post an chathaoirligh.

Mar sin féin, bheadh an t-achrann polaitiúil seo, nach n-oireann don Tánaiste roimh olltoghchán, seachanta aici dá gcomhlíonfadh sí, i gcás David Begg, an gheallúint a tugadh ceithre bliana ó shin.

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTÉ Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Gealladh – ‘D’fhocal a thabhairt, deimhniú, móidiú, cur in áirithe mar chinniúint…’'