Gary Gannon as Baile Átha Cliath Láir ceaptha ina urlabhraí Gaeltachta ag na Daonlathaigh Shóisialta

Fágann ceapachán Gary Gannon go bhfuil cúram na teanga leagtha ag páirtí eile fós ar ionadaí poiblí as Baile Átha Cliath

Gary Gannon as Baile Átha Cliath Láir ceaptha ina urlabhraí Gaeltachta ag na Daonlathaigh Shóisialta

Tá Gary Gannon as Baile Átha Cliath ceaptha ina urlabhraí Gaeltachta agus Gaeilge ag na Daonlathaigh Shóisialta.

Baile Átha Cliath Láir an dáilcheantar inar toghadh urlabhraí nua Gaeilge agus Gaeltachta na nDaonlathach Sóisialta, Gary Gannon.

Bhí Gannon ina chomhairleoir ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath do cheantar Ghlas Naíon agus na Cabraí sula toghadh é mar Theachta Dála sa toghchán deireanach.

Ceapadh an Teachta Dála ina urlabhraí oideachais, coimirce sóisialaí, meán, turasóireacht, ealaíon agus cultúir chomh maith.

Fágann ceapachán Gary Gannon a fógraíodh inné go bhfuil cúram na teanga leagtha ag páirtí polaitíochta eile fós ar ionadaí poiblí as Baile Átha Cliath.

An tseachtain seo caite, ceapadh Jack Chambers ina aire stáit Gaeltachta.

Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil as Baile Átha Cliath Thiar é Chambers agus is i mBaile Átha Cliath-Ráth an Dúin a toghadh Catherine Martin, leascheannaire an Chomhaontais Ghlais agus an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta.

Baile Átha Cliath Theas-Lár an dáilcheantar atá ag urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh,

Marie Sherlock, Seanadóir as Baile Átha Cliath atá ceaptha ina hurlabhraí Gaeltachta ag Páirtí an Lucht Oibre.

Ceapadh an Seanadóir ina hurlabhraí gnóthaí fostaíochta, meán, ealaíon, cultúir agus Gaeltachta an tseachtain seo caite agus tá sí ina haoire ag an bpáirtí sa Seanad chomh maith.

D’fhógair an Comhaontas Glas mí na Bealtaine gurb é an comhairleoir contae agus Gael aitheanta Peter Kavanagh a n-urlabhraí Gaeltachta. Sheas Kavanagh in olltoghchán na bliana seo i mBaile Átha Cliath Thiar-Meán.

Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, an tOifigeach Pleanála Teanga do cheantar Ghaoth Dobhair, gurb “údar mór imní agus frustrachais” é gur polaiteoirí as Baile Átha Cliath atá curtha i bhfeighil na Gaeltachta ag na páirtithe móra go léir.

Fág freagra ar 'Gary Gannon as Baile Átha Cliath Láir ceaptha ina urlabhraí Gaeltachta ag na Daonlathaigh Shóisialta'