Gaoth i seolta ‘mac mhuintir Chonamara’ roimh an gcéad chéim de thoghchán Boston amárach

Más fíor na pobalbhreitheanna, beidh Marty Walsh, arbh imircigh as Ros Muc agus as Carna a mháthair agus a athair, ina Mhéara ar Bhoston i gcónaí i ndiaidh an toghcháin

Gaoth i seolta ‘mac mhuintir Chonamara’ roimh an gcéad chéim de thoghchán Boston amárach

Méara Boston, Marty Walsh, car cuairt i gConamara, áit dhúchais a thuismitheoirí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An bhfuil an chathair faoi réir le haghaidh stoirm ‘Jose’?  Sin ceist atá á cur ar an Méara Marty Walsh le beagán laethanta.  Níl cosúlacht spéirlinge ar an stoirm sin anois ach d’fhéadfadh díle bháistí agus gustaí móra a theacht léi go Bostún.  Tá an Méara ar an airdeall.

Ach pé ar bith scéal é faoi ‘Jose’ níor mhór stoirm fhoirfe, ‘perfect storm’, pholaitiúil, ina chuid seolta féin le go mbeadh seans ar bith ag an gComhairleoir Cathrach, Tito Jackson, an Méara Walsh a chur as a bhróga i dtoghchán na Samhna.

Sin é atá na saineolaithe polaitíochta a rá ar an taobh eile den Atlantach.

Más fíor na pobalbhreitheanna, tiocfaidh mac mhuintir Chonamara, arbh imircigh as Ros Muc agus as Carna a mháthair agus a athair,  i dtír go láidir arís i gcathair ársa Bhostúin.

Tá réamhthoghchán Méarachta i mBostún Dé Máirt seo chugainn.  Ceathrar atá san iomaíocht; caithfear an uimhir sin a laghdú go beirt.  ’Siad an bheirt is mó a thabharfaidh vótaí leo Dé Máirt a bheas in aghaidh a chéile sa toghchán deiridh ar an 7 Samhain.

Beidh an Méara Walsh chun cinn go maith sa réamhthoghchán agus glactar leis go forleathan gurb é an Comhairleoir Tito Jackson a bheas sa dara háit.

Níl aon seans ag an mbeirt eile, Joseph Cappuchi agus Joseph Wiley.  Beifear ag teannadh gar do dheireadh an rása ina dhiaidh sin.   Ach, ní rás dian é, de réir na bpobalbhreitheanna.  Tá Walsh 30 pointe chun cinn.

Bunaithe ar shlata tomhais eile, tá rith an ráis leis an Méara a toghadh den chéad uair ceithre bliana go ham seo. Deir 72% díobh siúd a ceistíodh go bhfuil dea-thoil acu don Mhéara Walsh agus níl ach 18% ina aghaidh.

Tá an ghaoth i seolta Marty Walsh.

Cé go ndeachaigh an iarracht leis na Cluichí Oilimpeacha a thabhairt go Bostún in aimhréidh, bhí doicheall rompu ag riar maith daoine sa gcathair fiú agus go raibh an Méara ina bhfabhar, tá cluichí móra eile buaite ag Marty Walsh. Ba é an socrú  go lonnódh an comhlacht ollmhór General Electric i mBostún a chur an sméar mhullaigh ar a chuid oibre.

Nuair a d’fhógair General Electric, atá ag uimhir a 11 i measc chomhlachtaí an ‘Fortune 500’ go rabhadar ag aistriú a bpríomhionad as Fairfield i Connecticut, neartaigh Walsh ar na maidí.

In éineacht leis an nGobharnóir Stáit, Charlie Baker, chuaigh an Méara i gceannas ar an iarracht le General Electric a thabhairt go Bostún agus d’éirigh leis. Bhí an Méara le taobh Phríomhfheidhmeannach General Electric nuair a cuireadh an spairteach in aer ag tús na hoibre ar an suíomh i ndeisceart Bhostúin.

Is cinnte gurbh é an Méara, iaroibrí tógála é féin, ab fhearr a láimhsigh an tsluasaid ach bhí beart níos mó ná sin déanta aige don chathair.  Beidh 800 ag obair ann agus chomh tábhachtach céanna, tugann lonnú comhlachta chomh cumhachtach le General Electric ugach níos mó do chomhlachtaí eile a theacht an bealach.

Anois tá an Méara Walsh ag faire ar an gcomhlacht ollmhór Amazon a thabhairt go Bostún.  Tá siadsan ag scaradh le Seattle mar phríomhionad agus tá cathracha ar fud Mheiriceá ag fiach orthu.  Beidh a n-aighneacht féin istigh ag Bostún ar an 19 Deireadh Fomhair tráth nach mbeidh ach coicís fágtha go dtí an toghchán críochnúil.  Ceaptar  go bhfuil seans sách maith ag Bostún Amazon a mhealladh ina threo freisin.  Beidh sé de bhuntáiste ag Marty Walsh nach bhfógrófar cá mbeidh Amazon ag lonnú go dtí an bhliain seo chugainn agus beidh an toghchán thart.

Tito Jackson

Ach fiú mura mbeadh General Electric agus Amazon i  gceist beag ná mór, tá borradh faoi eacnamaíocht Bhostúin agus Stáit Massachusetts.  Is deacair don Chomhairleoir Tito Jackson, fear den chine dubh, mórán deis ionsaithe a fháil ar Marty Walsh.  Go deimhin, shocraigh Walsh gan aon díospóireacht a dhéanamh leis an triúr eile a bheidh san réamhthoghchán Dé Máirt seo chugainn.

Cé go raibh beagán daoine míshásta faoi seo is cosúil nach bhfuil Walsh ag iarraidh ardán ar bith a thabhairt do Jackson. Caithfidh sé fanacht roinnt seachtainí eile.

Fear feiceálach a bhfuil teacht i láthair ann é Jackson agus tá cumas maith cainte ann.  Ach tá rud nach bhfuil aige, i gcomórtas le Marty Walsh ar chuma ar bith, agus sin airgead.  Tá os cionn €4 milliún ag Walsh ina chiste toghchánaíochta.  Má tá an deichiú cuid de sin ag Tito Jackson, is é a chloch nirt é.

Go deimhin, tá daoine a d’oibrigh ar fheachtais Barack Obama fostaithe anois chun feachtas Mharty Walsh a stiúradh.

Má tá fuadar faoi fheachtas Walsh féin tá cúpla cor spéisiúil sa bhfeachtas de réir na bpobalbhreitheanna.

Is cosúil gur mó tacaíocht atá ag Jackson i measc na ndaoine idir 18 agus 32 bliain.  Ar an taobh eile, tá an Méara Walsh níos láidre ná Jackson i measc an phobail dhuibh, rud ait ann féin i bhfianaise chúlra Tito Jackson.

Tráthúil go leor, d’fhógair an Méara Walsh inné go mbeidh sé ag tacú  go láidir leis an iarracht dealbh Martin Luther King a chur in airde i mBostún.  Chuaigh King, ceannasaí fheachtas na ndaoine dubha sna 1960í ar an gcoláiste ar feadh tamaill i mBostún.

Tá Jackson ag fanacht fós leis an stoirm a d’ardódh a sheolta ach tá Walsh i lár an gharraí ag seasamh in aghaidh ‘Jose’ agus aird na cathrach air.

Níor chuir stoirm ar bith, bíodh sí ina gaoth nó ina stoirm pholaitiúil, Méara ar bith as a phost i mBostún le 70 bliain.

Tá a chosa i dtaca go maith ag Marty Walsh freisin.

Fág freagra ar 'Gaoth i seolta ‘mac mhuintir Chonamara’ roimh an gcéad chéim de thoghchán Boston amárach'