Gaoth ghlas ag séideadh in Éirinn ach fuar ag Leo

Gaisce Chomhaontas Glas scéal na dtoghchán de réir dealraimh. Sin agus ábhar machnaimh an Taoisigh...

Gaoth ghlas ag séideadh in Éirinn ach fuar ag Leo

Tá gaoth ghlas láidir ag séideadh sa tír, de réir thorthaí an tsuirbhé iarvótála a rinne Red C do RTÉ agus TG4.

Is féidir le Ciarán Cuffe a bheith cinnte beagnach go mbeidh suíochán aige sa pharlaimint nua in Strasbourg agus 23 faoin gcéad de na vótaí aige, de réir an tsuirbhé i dtoghcheantar Bhaile Átha Cliath.

Thug torthaí na pobalbhreithe cúis dóchais freisin d’iarrthóirí Chomhaontas Ghlas sa Deisceart, áit a mbeidh Grace O’Sullivan (12 faoin gcéad) sa tríú háit tar éis an chéad chomhairimh, agus i dtoghcheantar Láir Tíre agus an Iarthuaiscirt, áit a mbeidh Saoirse McHugh (12 faoin gcéad) sa tríú háit chomh maith.

Beidh O’Sullivan agus McHugh ag brath ar aistriúcháin lena dtabhairt slán, ach tá éacht déanta acu cheana féin agus iad i bhfad chun cinn ar an leibhéal tacaíochta a bhí ag an bpáirtí – trí faoin gcéad –i bpobalbhreith a rinne Red C don Sunday Business Post mí ó shin.

Beidh ceannaire Chomhaontas Glas Éamon Ryan ríméadach ar chúis eile má éiríonn le Saoirse McHugh suíochán a ghnóthú – thug sé le fios ar Twitter aréir gur chuir sé geall caoga euro ag 50/1 go n-éireodh léi.

Maidir le Fine Gael, toghfar Mairéad McGuinness (a ghnóthaigh 25 faoin gcéad den vóta de réir an tsuirbhé iarvótála) ar an gcéad chomhaireamh. Is féidir glacadh leis freisin go bhfuil suíocháin buaite ag Frances Fitzgerald i mBaile Átha Cliath agus ag Seán Kelly sa Deisceart. Ach ní féidir le Deirdre Clune (naoi faoin gcéad) a bheith cinnte, i bhfianaise an tsuirbhé, go mbeidh sí ag filleadh ar Strasbourg.

Níl feisirí Shinn Féin slán go hiomlán ó bhuairt ach tá seans réasúnta maith ag Matt Carthy (15 faoin gcéad) agus Liadh Ní Riada (13 faoin gcéad) agus Lynn Boylan deich faoin gcéad) go dtoghfar arís iad.

Tá beirt ó Fhianna Fáil ag teannadh le suíocháin sa pharlaimint nua, agus trí déag faoin gcéad faighte ag Billy Kelleher sa deisceart agus dó dhéag faoin gcéad ag Barry Andrews i mBaile Átha Cliath. Ach de réir an tsuirbhé tá tubaiste mhór ag bagairt ar an bpáirtí sa toghcheantar eile agus gan ach sé faoin gcéad de na vótaí céadrogha ag Brendan Smith, agus trí faoin gcéad ag iarrthóir eile Fhianna Fáil, Anne Rabbitte.

Ní foláir cuimhneamh ar rud amháin agus torthaí an tsuirbhé á meá – tá lamháil earráide móide/lúide a ceathair faoin gcéad ag gabháil leo.

Is mar seo a vótáil daoine a labhair le Red C do na príomhpháirtithe sna toghcháin áitiúla: FG – 23 faoin gcéad; FF – 23 faoin gcéad; SF – 12 faoin gcéad; Comhaontas Glas – naoi faoin gcéad; agus Páirtí an Lucht Oibre –  sé faoin gcéad.

Beidh tionchar suntasach ag na torthaí seo ar mheon an Taoisigh. Má bhí Leo Varadkar ag smaoineamh ar olltoghchán roimh na toghcháin seo, cuirfidh laghdú chomh mór ar thacaíocht náisiúnta Fhine Gael ag smaoineamh arís é.

Fág freagra ar 'Gaoth ghlas ag séideadh in Éirinn ach fuar ag Leo'