Kevin Cassidy v Kieran Fitzgerald
Casfaidh seanfhondúir Ghaoth Dobhair agus seanfhondúir Chora Finne ar a chéile ar imeall na cearnóige amárach agus b’fhiú do TG4 ceamara a choinneáil seasta ar an gcoimhlint a bheidh ann idir Kevin Cassidy agus Kieran Fitzgerald.
Tá fuinneamh úr ag baint le himirt Cassidy agus é ag mar lántosach anois agus thug sé taispeántas dochreidte uaidh i gcluiche ceannais Uladh nuair a bhí géarghá leis. Is iondúil go mbriseann sé croí an chosantóra atá á fhaire, ach is beag rud a chuireann isteach ar lánchúlaí Chora Finne, Kieran Fitzgerald. Tá Craobh Shinsir an Chontae buaite trí huaire déag aige i gcontae na Gaillimhe agus cé go bhfuil sé 38 bliain d’aois tá roinnt mhaith daoine i nGaillimh den tuairim gurb é an lánchúlaí is fearr sa chontae fós.
Christopher McFadden v Ian Burke
Tá na blianta fada caite ag Christopher McFadden ag imirt le Gaoth Dobhair, ach is amhlaidh go bhfuil an chuma air gur i bhfeabhas atá sé ag dul le haois. Áirítear é ar dhuine de na cosantóirí is díograisí i nDún na nGall agus beidh a chuid taithí uile ag teastáil amárach.
Le bliain anuas a bhain Ian Burke cáil náisiúnta bainte amach dó féin ach thuig aon duine a chonaic Cora Finne ag imirt le ceithre nó cúig bliana anuas go raibh cumas iontach ann. Ní fear mór é an Gaillimheach ach tá sé iontach glic agus bíonn sé in ann spás a aimsiú i gcónaí.
Odhrán Mac Niallais v Daithí Burke
Tá imreoirí cumasacha ag Gaoth Dobhair ó cheann ceann na páirce ach níl aon amhras ach gurb é Odhrán Mac Niallais croí na foirne. Aon uair a théann Gaoth Dobhair ar an ionsaí, bíonn Mac Niallais i lár an aicsin agus é ag treorú na himeartha go cliste agus go stuama. Ba é laoch na himeartha i gcluiche ceannais an chontae agus arís i gcluiche ceannais Uladh agus is beag an baol nach seasfaidh Mac Niallais an fód nuair is gá.
Seans gur ar Dhaithí Burke a chuirfear an cúram súil a choinneáil ar Mhac Niallais ar Pháirc Sheáin Mhic Diarmada amárach. Fathach fir, ní hé Burke an t-imreoir lár páirce is sciobtha ar domhan ach is beag duine a n-éiríonn leis an ceann is fearr a fháil air.
Odhrán McFadden-Ferry v Jason Leonard
Níl Jason Leonard ar an imreoir is aitheanta ar fhoireann Chora Finne ach tá sé ar dhuine de na tosaithe acu is mó ar féidir iontaoibh a chur ann go ndéanfaidh sé an beart. Tá sé breá ábalta pas fada cruinn a thabhairt ó lár páirce, nó cic a chur thar an trasnán má bhíonn sé níos gaire don chúl, agus tá gaiscí scórála déanta aige do Chora Finne sa chraobh.
Bhí bliain den scoth ag Odhrán McFadden-Ferry in 2018. Imreoir diongbháilte, crua é agus is beag imreoir sa chontae a sháródh maidir le fear a mharcáil go dian agus a choinneáil faoi chois. Tá an fuinneamh agus an neart aige chun imreoir ar bith a chloí. Ba é a bhí ag marcáil Leo McLoone i gcluiche ceannais an chontae agus Kieran Hughes sa chluiche inar bhuaigh siad ar an Bhoth agus is beag den liathróid a chonaic ceachtar den bheirt.
Kieran Molloy v Michael Carroll
Cé gur istigh sa líne lántosach a thosaigh Michael Carroll do Ghaoth Dobhair le roinnt cluichí anuas, is iondúil leis a bheith beagáinín níos faide siar ar an bpáirc. Is minic gurb é a bhíonn mar nasc idir na cosantóirí agus na tosaithe ach is fear é atá breá ábalta scór a aimsiú, bíodh sin ina chúl nó ina chúilín, mar atá léirithe go mion minic aige do Ghaoth Dobhair sa chraobh.
Fear eile atá lán brí agus fuinnimh é Kieran Molloy, a théann suas agus anuas cliathán deas na páirce gan stad. Beidh Gaoth Dobhair ag súil go gcuirfidh Carroll srian le cuid de ruathair Molloy, a bhfuil roinnt mhaith cluichí imeartha aige do Ghaillimh agus d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó thús na bliana, rud a d’fhéadfadh cur isteach air.
Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair v Cora Finne – cúig cinn de na coimhlintí is tábhachtaí'