Gaoth Dobhair ag treabhadh leo i dTír Chonaill ach rás na Rinne agus na Gaeltachta rite ó dheas

Tá áit bainte amach ag peileadóirí Ghaoth Dobhair i gcluiche leathcheannais an chontae bhí údar díomá ag an Rinn a chaill a chluiche leathcheannais i bPort Láirge, agus ag an nGaeltacht i gCiarraí, a díbríodh ó ghrád na sinsear

Gaoth Dobhair ag treabhadh leo i dTír Chonaill ach rás na Rinne agus na Gaeltachta rite ó dheas

Dún na nGall

Casfaidh Gaoth Dobhair ar fhir Bhealach Féich, Seán Mac Cumhaill, i mbabhta leathcheannais Chraobh na Sinsear i nDún na nGall Dé Domhnaigh seo chugainn tar éis don fhoireann Ghaeltachta an ceann is fearr a fháil ar Bhun Dobhráin inné. Bhí bua ollmhór ag Gaoth Dobhair, 8-13 in aghaidh 3-12, i gcluiche an lae inné agus tá áit bainte amach acu i gcluiche leathcheannais den dara bliain as a chéile.

Iomaíocht géar go maith a bhí i gcluichí Ghaoth Dobhair sa chraobh go dtí seo ach bhí cluiche iontach oscailte ar Pháirc Mhic Cumhaill ag an deireadh seachtaine. Scóráladh aon chúl déag ar fad sa chluiche agus scóráil seachtar imreoirí, Niall Friel, Daire Ó Baoill (2), Kevin Cassidy, Éamonn Collum, Naoise Ó Baoill, Cian Mulligan agus James Carroll cúil d’fhoireann Mhachaire Gathlán.

Bhí an cluiche nach mór buaite ag Gaoth Dobhair ag leath ama agus iad 2-9 in aghaidh 0-4 chun cinn. Cé gur éirigh le Bun Dobhráin 3-8 a aimsiú sa dara leath, ní raibh Gaoth Dobhair i mbaol ag aon tráth agus tá siad anois mar rogha na n-údar chun an chraobh a bhuachan i mbliana.

Casfaidh siad a ar Sheán Mac Cumhaill sa chluiche leathcheannais tar éis d’fhoireann Bhealach Féich teacht aniar aduaidh ar Naomh Micheál ina gcluiche ceathrú ceannais Dé Sathairn. Bua trí phointe a bhí ag Seán Mac Cumhaill, 2-10 in aghaidh 0-13, agus bhí siad chun tosaigh ar a gcéilí comhraic ó thús go deireadh.

D’aimsigh Martin Gallagher agus Martin O’Reilly na cúil do na buaiteoirí sa chéad leath a chinntigh go mbainfidís an babhta leathcheannais amach den chéad uair ó 2004.

Imreofar an cluiche leathcheannais eile idir Naomh Conaill agus Gleann tSúilí tar éis dóibh a gcuid cluichí ceathrú ceannais a bhuachan ag an deireadh seachtaine. Tháinig Gleann tSúilí slán óna

gcoimhlint i gcoinne na Ceithre Máistrí Dé Sathairn, 0-12 in aghaidh 0-5. Scóráil Michael Murphy 0-4 do na buaiteoirí i gcluiche inar cuireadh an t-iar-imreoir de chuid Dhún na nGall Karl Lacey den pháirc sa dara leath.

Bhuaigh Naomh Conaill ar Chill Charthaigh sa chluiche ceathrú ceannais eile, 1-9 in aghaidh 0-6. Ní raibh fáil ag Cill Charthaigh, curaidh na bliana seo caite, ar Patrick McBrearty ná ar Ryan McHugh don chluiche seo agus buaileadh buille eile orthu luath sa choimhlint nuair a bhí ar Mark McHugh an pháirc a fhágáil agus é gortaithe.

Is beag a bhí idir na foirne den chuid is mó den chluiche, ní raibh Naomh Conaill ach cúpla pointe chun cinn agus an t-am beagnach caite ach d’aimsigh Brendan McDyer cúl dóibh in am cúitimh chun an bua a chinntiú.

Sa chluiche ceannais dícháilithe, is iad an Tearmann a tháinig slán tar éis am breise in aghaidh Bhaile na nGallóglach, 2-14 in aghaidh 1-13. D’aimsigh Barry McNulty cúl sa naoú nóiméad d’am cúitimh, rud a d’fhág go raibh am breise ag teastáil chun a chinntiú go mbeadh an t-am breise ag teastáil ach ba iad an Tearmann ba láidre sa 30 nóiméad breise agus d’éirigh le Daire McDaid agus Christy Connaghan cúil a aimsiú a chinntigh gur acusan a bheadh an lá.

Port Láirge

Criostóir Breathnach (An Rinn). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá peileadóirí na Rinne fós ag fanacht ar dheis imirt i gcluiche ceannais peile na sinsear i bPort Láirge den chéad uair ó 1925 tar éis do Chill Rosanta an ceann is fearr a fháil orthu inné, 3-16 in aghaidh 0-12. Bhí na cúil cinniúnach sa chluiche agus ba iad fir Chill Rosanta a d’aimsigh iad.

Bhí na foirne cothrom go maith tar éis an chéad 20 nóiméad agus An Rinn 0-6 in aghaidh 0-5 chun cinn ach d’athraigh cúrsaí nuair a d’aimsigh Patrick Cunningham an chéad chúl. Buaileadh buille ollmhór eile ar fhoireann na Rinne díreach roimh leath ama nuair a d’aimsigh an t-iarimreoir contae, Paul Whyte, cúl eile do Chill Rosanta, scór a d’fhág ocht bpointe chun cinn iad ag leath ama, 2-9 in aghaidh 0-7.

Chuir Cill Rosanta leis an bhfarasbarr sin luath sa dara leath agus nuair a scóráil Patrick Cunningham an dara cúl agus ceathrú uaire fágtha, bhí rás na Rinne rite agus cluiche leathcheannais caillte acu den cheathrú huair le sé bliana anuas.

Ciarraí

Marc Ó Sé (An Ghaeltacht). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Beidh An Ghaeltacht ag imirt sa chraobh idirmheánach peile i gCiarraí arís in 2019 tar éis dóibh a gcluiche ceannais dícháilithe a chailliúint Dé Sathairn. Cúig phointe d’fharasbarr a bhí ag Seamróga Neidín orthu, 0-18 in aghaidh 2-7, agus d’íoc fir na Gaeltachta go daor as cruinneas Sheáin Uí Shé leis na ciceanna saora. Naoi bpointe ó chiceanna saora agus ceann ó chic 45 méadar a fuair an t-imreoir contae, chomh maith le pointe amháin ón imirt.

Chuir an Ghaeltacht tús iontach leis an gcluiche. Bhí Rob Ó Sé ag déanamh scrios sa líne lántosach agus fuair sé dhá chúl taobh istigh den chéad deich nóiméad nó mar sin chun fir iarthar Chiarraí a chur chun tosaigh.

Bhí na scóranna ag teacht níos éasca ag foireann Neidín áfach agus bhí siad ar ais ar comhscór, 2-3 in aghaidh 0-9, faoin am gur tháinig leath ama.

Níor aimsigh an Ghaeltacht ach ceithre phointe i ndiaidh an bhrisidh, ceann ag Rob Ó Sé, a chríochnaigh le 2-2, ceann ag Seán Micheál Ó Conchúir agus péire ag Dara Ó Sé.

Bhí dea-scéal i ndán do Dhaingean-Uí Chúis i gcraobh na sinsear Dé Sathairn nuair a bhain siad áit amach sna cluichí leathcheannais. Sháraíodar foireann Aibhistín de Staic Dé Sathairn, 3-9 in aghaidh 0-9, agus d’éirigh le  Paul Geaney dhá chúl a aimsiú. Bhí fear na peile Astrálaí, Mark O’Connor, ar ais ag imirt don Daingean agus an séasúr críochnaithe aige san Astráil agus beidh súil acu go mbeidh sé ar fáil arís don chluiche leathcheannais atá rompu i gcoinne Chiarraí Thoir. Is iad na Crócaigh agus Ceirín Uí Rathaille a bheidh sa chluiche leathcheannais eile.

Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair ag treabhadh leo i dTír Chonaill ach rás na Rinne agus na Gaeltachta rite ó dheas'