Gaoth Dobhair ag prapáil do chluiche ceathrú ceannais ach foirne Chonamara i mbaol

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra peile a bhí ar siúl sa Ghaeltacht ag an deireadh seachtaine

Gaoth Dobhair ag prapáil do chluiche ceathrú ceannais ach foirne Chonamara i mbaol

Dún na nGall

Rinneadh an tarraingt do chluichí ceathrú ceannais chraobh na sinsear i nDún na nGall aréir agus is cinnte go bhfuil roinnt coimhlintí suimiúla romhainn.

Is in aghaidh Bhun Dobhráin a bheidh Gaoth Dobhair sa chéad bhabhta eile, imreoidh Gleann tSúilí i gcoinne na gCeithre Máistrí agus casfaidh Naomh Micheál ar fhoireann Bhaile Féich, Seán Mac Cumhaill. Seans gurb é an cluiche is mó a bheidh sa bhabhta ceathrú ceannais ná an ceann idir Cill Chartha agus Naomh Conaill, na foirne céanna a d’imir i gcluiche ceannais na craoibhe anuraidh.

Bhí críoch thar a bheith drámatúil le  Grúpa A, mar a raibh bua trí phointe ag teastáil ó Bhun Dobhráin i gcoinne Ard an Rátha chun áit a bhaint amach sa bhabhta ceathrú ceannais. B’in díreach a fuair Bun Dobhráin nuair a d’aimsigh Tommy Hourihane cúl dóibh sa séú nóiméad d’am breise. 2-12 in aghaidh 4-3 an scór deiridh a bhí ann rud a d’fhág gurb iad Bun Dobhráin féin agus Gleann tSúilí a rachaidh ar aghaidh go dtí na cluichí ceathrú ceannais, cé gur chaill Gleann tSúilí in aghaidh na Birte inné.

Bhí áit sa chéad bhabhta eile bainte amach cheana féin ag Gaoth Dobhair, ba chuma céard a tharla ina gcluiche in aghaidh an Chlocháin Léith inné. Ach rinne fir Mhachaire Gathlán an beart ar aon nós agus bua 0-10 in aghaidh 0-5 acu i gcluiche inar scóráil Eamonn Collum agus James Carroll trí chúilín an duine d’fhir na Gaeltachta.

Ba í an choimhlint idir Naomh Conaill agus Naomh Adhamhnáin an cluiche tábhachtach i nGrúpa B agus ba iad fir na nGleanntachs a thug an lá leo, 1-9 in aghaidh 0-9, chun áit sa bhabhta ceathrú ceannais a chinntiú. Ba é Dermot ‘Brick’ Molloy a d’aimsigh an cúl dóibh.

I nGrúpa C, chríochnaigh Naomh Micheál ar bharr an tábla tar éis dóibh a dtríú cluiche as a chéile a bhuachan. Sháraigh siad Málainn go héasca, 2-18 in aghaidh 0-11. Is iad Na Ceithre Máistrí a chríochnaigh sa dara háit sa ghrúpa. Cé gur chaill fir Leitir Ceanainn i gcoinne an Tearmainn, 3-8 in aghaidh 3-7, rinne siad a ndóthain agus tháinig siad slán a bhuíochas de dhifríocht na scór.

Chaill Seán Mac Cumhaill in aghaidh Chill Chartha, 1-15 in aghaidh 1-10, ach rachaidh an dá fhoireann tríd go dtí na cluichí ceathrú ceannais tar éis do na Cealla Beaga an ceann is fearr a fháil ar Bhaile na nGallóglach sa chluiche eile sa ghrúpa seo.

Fágann na torthaí sin go n-imreoidh An Tearmann i gcoinne Bhaile na nGallóglach agus go gcasfaidh An Bheart agus an Clochán Liath ar a chéile sa bhabhta leathcheannais dícháilithe.

Rinneadh an tarraingt do bhabhtaí leathcheannais na craoibhe idirmheánaí aréir chomh maith. Imreoidh Naomh Columba i gcoinne Naomh Ultan, beidh Aodh Ruadh i gcoinne Ghael Fhánada, tabharfaidh Naomh Bríd aghaidh ar Ghleann Fhinne agus imreoidh Naomh Náille i gcoinne Naomh Muire.

Gaillimh

Tá An Cheathrú Rua ag tabhairt aghaidh ar na babhtaí dícháilithe i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe tar éis dóibh cailleadh in aghaidh Bhaile Chláir Dé Sathairn. Farasbarr dhá phointe a bhí ag curaidh chraobh idirmheánach 2017, 3-12 in aghaidh 1-16.

Thosaigh an dá fhoireann go láidir agus bhí cúl an taobh acu taobh istigh den chéad deich nóiméad, ceann ag Barry Goldrick do Bhaile Chláir agus ceann ag Oisín Ó Gríofa don Cheathrú Rua. Is beag a bhí idir na foirne sa chéad leath sin agus iad ar comhscór ag leath ama, 1-7 in aghaidh 2-4, tar éis do Conor Kelly cúl eile a scóráil do Bhaile Chláir.

Ghlac fir oirthear na Gaillimhe ceannas ar an imirt ag tús an dara leath nuair a fuair siad 1-6 as a chéile, le cúl ag Mark Rohan. D’fhág sé sin go raibh An Cheathrú Rua ocht bpointe chun deiridh agus, cé gur laghdaigh siad an bhearna sin a bhuíochas cuid mhór d’Oisín Ó Gríofa, níor éirigh leo í a iamh ar fad.

Fágann sé sin go bhfuil trí fhoireann Gaeltachta i measc na bhfoirne atá i mbaol ísliú céime a fháil ó ghrád na sinsear i nGaillimh, An Cheathrú Rua, Naomh Anna Leitir Móir agus Bearna. Chaill Naomh Anna go dona in aghaidh An Chreagáin/Mhaigh Locha, 5-23 in aghaidh 2-11, agus chlis Bearna i gcoinne Eanach Dhúin.

Bhí dea-scéal ag Maigh Cuilinn ar a laghad, agus d’éirigh leo áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais nuair a fuair siad comhscór in aghaidh Mhuine Mheá/Na Mainistreach. 0-8 an taobh an scór a bhí ann i Staid an Phiarsaigh inné. Chuir Maigh Cuilinn péire de chiceanna éirice amú, ach fós d’éirigh leo teacht slán ó Ghrúpa 4 agus An Creagán/Maigh Locha a bheidh rompu sa chluiche ceathrú ceannais.

Bhí dea-thoradh ag mná Mhaigh Cuilinn an deireadh seachtaine seo chomh maith agus áit bainte amach acu i gcluiche leathcheannais Chraobh Shinsir na mBan Dé Sathairn. Ba í Shannon Ní Chéidigh laoch na foirne agus fuair sí 1-9 agus an bua ag mná na Gaeltachta ar Chealtrach, 1-16 in aghaidh 2-10. Imreoidh siad in aghaidh Chora Finne sa chluiche leathcheannais

Bhí trí fhoireann Gaeltachta san iomaíocht i gcluichí leathcheannais chraobh idirmheánach na Gaillimhe. Casfaidh Micheál Breathnach agus Oileáin Árann ar a chéile i gcluiche amháin agus imreoidh An Spidéal i gcoinne Áth Cinn i ndiaidh dóibh go léir teacht ón mbabhta ceathrú ceannais ag an deireadh seachtaine.

Maigh Eo

Tá áit bainte amach ag peileadóirí Bhéal an Mhuirthead i gcluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach Mhaigh Eo tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil go héasca ar Bhéal Átha na Muice inné, 5-16 in aghaidh 1-5. Ba iad Béal Átha na Muice a d’aimsigh an chéad chúl sa chluiche tar éis cúpla nóiméad ach níor thóg sé i bhfad ar Bhéal an Mhuirthead dúiseacht agus bhí 5-5 aimsithe acu sular éirigh le Béal Ártha na Muice a gcéad scór eile a fháil. Michael Keane, Ryan O’Donoghue, Eamon McAndrew, Cathal Barrett agus James Kelly a d’aimsigh na cúil dóibh agus imreoidh Béal an Mhuirthead in aghaidh Choillte Mach sna babhtaí leathcheannais faoi cheann coicíse.

Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair ag prapáil do chluiche ceathrú ceannais ach foirne Chonamara i mbaol'