Tá neart taithí acu ar chraobhacha a bhuachan i nGaoth Dobhair ach bliain ar leith a bhí in 2018. I mí an Mhárta na bliana sin, bhuaigh foireann Faoi 21 an chumainn Craobh Uladh chuir ógánaigh na foirne sin borradh faoi fhoireann na sinsear gan mhoill. Mí Dheireadh Fómhair, bhuaigh Gaoth Dobhair Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall den chéad uair ó 2006 agus chuadar ar aghaidh chun Craobh Uladh a bhaint, an an chéad uair ag aon chlub an corn sin a thabhairt ar ais chuig Tír Chonaill ó 1975.
Bhí an chuma ar an scéal gur ré órga eile a bheadh i ndán do chumann Mhachaire Gathlán ach ní hin a bhí sa gcinniúint. D’éirigh leo cluiche ceannais an chontae a bhaint amach arís in 2019 ach Naomh Conaill a thug leo Corn an Dochtúra Mhic Uidhir faoi dheireadh agus aon phointe amháin idir na foirne théis trí chluiche. D’fhill Gaoth Dobhair ar an gcluiche ceannais arís in 2023 ach bhuaigh Naomh Conaill go bog orthu an uair seo agus bhíodar fágtha gan chraobh ó 2018.
Bhí baint mhór mar sin ag Naomh Conaill ar theip Ghaoth Dobhair cur leis an méid atá buaite acu ach ní hé sin bun agus barr an scéil ach an oiread.
Tá athrú mór tagtha ar fhoireann Ghaoth Dobhair ó 2018 – ní bheidh naonúr den 15 imreoir a thosaigh cluiche ceannais an chontae an bhliain sin ar fáil inniu.
Bhí na blianta caite ag leithéidí Kevin Cassidy, Éamon McGee agus Christopher McFadden i ngeansaí an chumainn fiú ag an tráth sin agus ní bheadh tú ag súil go mbeadh siad fós ag treabhadh leo seacht mbliana ina dhiaidh sin.
An buille is mó atá buailte ar Ghaoth Dobhair ó 2018 ná an líon den fhoireann Faoi 21 sin atá imithe thar lear agus nach bhfuil ar fáil. D’imir Michael Carroll, Kieran GIllespie agus Cian Mulligan d’fhoireann shinsir Dhún na nGall ach tá siadsan ar fad thar sáile anois, mar atá Naoise Ó Baoill. Imreoir contae eile ón bhfoireann sin é Odhrán McFadden-Ferry ach ní ghlacfaidh seisean páirt tráthnóna.
Is beag cumann sa tír a bheadh in ann ag na cailliúintí sin ar fad, go háirithe club tuaithe, agus léiríonn sé an jab atá déanta ag an bhfoireann agus ag an mbainisteoir Rónán Mac Niallais le cluiche ceannais eile a bhaint amach.
Tá Gary McFadden, Pádraig Mac Giolla Bhríde, Éamonn Mac Giolla Bhríde, Fionnán Coyle agus Eoin de Búrca i measc na n-imreoirí óga atá tugtha isteach le cúpla bliain anuas chun bearnaí a líonadh agus iad anois tar éis cur leis an bhfoireann.
Beirt iad Ethan Harkin agus Micheál Roarty a aimsíonn go leor de scóranna Ghaoth Dobhair ach tá Éamonn Collum agus Odhrán Mac Niallais ar ais ó thréimhsí thar lear freisin chun tuilleadh roghanna a thabhairt don lucht bainistíochta, gan trácht ar thionchar Dhaire Uí Bhaoill agus Dhomhnaill Mhic Giolla Bríde freisin.
Tá imreoirí a bhfuil taithí acu i measc na n-ionadaithe freisin. Ba é Niall Friel an captaen le roinnt blianta go dtí gur bhog sé amach go Dubai i mbliana ach d’fhill sé don chluiche leathcheannais i gcoinne Naomh Micheál agus é féin agus Neil McGee i measc na n-imreoirí a tugadh isteach sa gcluiche sin.
Is cinnte nach bhfuil aon easpa taithí ag cur as do Naomh Conaill agus Leo McLoone, Anthony Thompson agus Brendan McDyer ag fáil réidh dá 13ú cluiche ceannais contae. D’imir an triúr sa chraobh a bhuaigh Naomh Conaill in 2005 agus tá sé cinn eile de chraobhacha buaite ó shin acu.
Triúr iad Finbarr Roarty, Shea Malone agus Max Campbell a bheidh ag imirt ina gcéad chluiche ceannais inniu ach tá gaiscí déanta ag na hógánaigh go dtí seo sa gcraobh agus cáil náisiúnta ar Roarty, a raibh an-bhliain aige le sinsir Dhún na nGall agus é ainmnithe do ghradam Imreoir Óg na Bliana.
Imreoirí eile a bhí le Dún na nGall i mbliana iad Odhrán Doherty, Jeaic Mac Cealla Bhuí, Kevin McGettigan agus Eoghan McGettigan ach tá amhras ann an mbeidh an duine deireanach acu sin ar fáil agus gortú ag cur as dó agus cinnte ní fheicfear Ciarán Thompson, a gortaíodh i gcluiche ceannais na hÉireann.
Ní raibh cuma chomh láidir céanna ar Naomh Conaill ag tús na craoibhe is a bhí blianta roimhe seo, chailleadar dhá chluiche agus níor bhuadar péire eile ach le cúpla pointe ach fágann an taithí sin nach féidir iad a chur as an áireamh riamh. Ba cheart go mbeadh siad cloíte ag an Tearmann sna babhtaí ceathrú ceannais ach tháinig siad slán agus theastaigh am breise chun iad féin agus na Ceithre Máistrí a scaradh óna chéile sna babhtaí leathcheannais ach, arís eile, fir na nGleanntach a bhí ina seasamh ag an deireadh.
Níor cheart mar sin go mbeadh aon dul amú ar imreoirí Ghaoth Dobhair faoin dúshlán atá rompu ach ba dhóigh leat nach bhfuil aon dream eile gurbh fhearr leo casadh orthu sa gcluiche ceannais. Má éiríonn leo, beidh nótaí Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair le cloisteáil ar fud an domhain, ó na Doirí Beaga, go Londain agus go Sydney.
Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair ag iarraidh cliseadh 2023 a chur ina cheart i gcoinne Naomh Conaill'