Gaoth Dobhair ag iarraidh áit a bhaint amach i gcluiche ceannais agus deireadh seachtaine mór peile seo i dTír Chonaill, i nGaillimh agus i gCorcaigh

Tá scata foirne Gaeltachta ag imirt i gcluichí leathcheannais craoibhe an deireadh seachtaine seo, Gaoth Dobhair, Oileáin Árann, An Spidéal, Micheál Breathnach, Naomh Abán agus Cill na Martra ina measc.

Gaoth Dobhair ag iarraidh áit a bhaint amach i gcluiche ceannais agus deireadh seachtaine mór peile seo i dTír Chonaill, i nGaillimh agus i gCorcaigh

Niall Ó Frighíl agus Micheál Ó Carrbhaill ag iarraidh stop a chur le ionsaí. Pictiúr: Paddy McIlwaine

Dún na nGall

Má sháraíonn peileadóirí Ghaoth Dobhair cumann Bhealach Féich, Seán Mac Cumhaill, tráthnóna amárach, beidh siad i gcluiche ceannais an chontae den chéad uair ó 2006. Tar éis dóibh greadadh a thabhairt do Bhun Dobhráin sa chluiche ceathrú ceannais, is iad Gaoth Dobhair rogha láidir na n-údar chun an cluiche ceannais a bhaint amach agus cé gur maith a chruthaigh Seán Mac Cumhaill agus iad ag dul chomh fada seo sa chraobh, ba cheart go mbeadh fir na Gaeltachta ró-láidir dóibh agus iad dírithe ar Chorn an Dochtúra Mhig Uidhir a thabhairt leo arís.

Imreoidh Naomh Conaill agus Gleann tSúilí sa chluiche leathcheannais eile tráthnóna i bPáirc Mhic Cumhaill. Níor cheart go mbeadh mórán idir péire de na foirne is láidre a bhí i dTír Chonaill le blianta beaga anuas. Beidh Gleann tSúilí ag brath go mór ar an gcomhimirt idir Neil Gallagher agus Michael Murphy ach d’fhéadfadh cruinneas leithéidí Dermot ‘Brick’ Molloy agus Ciarán Thompson a bheith cinniúnach i gcluiche a bheidh iontach crua.

Beidh an cluiche dícháilithe i gcraobh na sinsear ann tráthnóna chomh maith idir Baile na nGallóglach agus An Bheart.

Imreofar na cluichí leathcheannais sa chraobh idirmheánach Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. Casfaidh Aodh Rua agus Naomh Columba ar a chéile tráthnóna agus imreoidh Gleann Fhinne agus Naomh Náille in Ard an Rátha amárach.

Gaillimh

Ferdia Breathnach (Naomh Anna, Leitir Móir) agus Micheál Ó Briain (An Cheathrú Rua). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

I gcraobh peile na sinsear i nGaillimh, caithfidh an Cheathrú Rua a gcluiche a bhuachan tráthnóna más leo teacht slán as na ngrúpaí dícháilithe. Imreoidh fir Chonamara i gcoinne Réalta Thuama san Fhairche agus a fhios acu go mbeidh siad slán sa phríomhghrád ar feadh bliana eile má bhuann siad inniu.

Má chailleann an Cheathrú Rua, titfidh siad isteach i nGrúpa B sa bhabhta dícháilithe, taobh le Bearna agus an Chealtrach a bheidh ag imirt a chéile amárach. Beidh Naomh Anna, Leitir Móir ag dul chun páirce i nGrúpa A sa bhabhta dícháilithe amárach chomh maith. Casfaidh siadsan ar Sheamróga Chortúin in Uachtar Ard.

Beidh cluiche mór ag Maigh Cuilinn chomh maith tráthnóna agus iad ag tabhairt aghaidh ar An Creagán/Maigh Locha i gcluiche ceathrú ceannais na craoibhe. Bhí an t-ádh glan ar Mhaigh Cuilinn áit a bhaint amach sa bhabhta seo tar éis dóibh comhscór a bheith acu i gcoinne Mhuine Mheá/Na Mainistreach coicís ó shin ach tá imreoirí óga cumasacha acu agus d’fhéadfadh siad teacht aniar aduaidh ar a gcéilí comhraic tráthnóna.

Lá mór a bheidh ann amárach sa chraobh idirmheánach i nGaillimh nuair a bheidh trí fhoireann Gaeltachta san iomaíocht sna babhtaí leathcheannais. Chlis ar Oileáin Árann sa bhabhta céanna anuraidh agus casfaidh siad ar fhir Chois Fharraige, Micheál Breathnach, atá ag iarraidh áit a bhaint amach i gcraobh na sinsear tar éis dóibh a bheith dícháilithe anuraidh.

Foireann eile as Cois Fharraige, An Spidéal, atá sa chluiche leathcheannais eile in aghaidh Áth Cinn agus beidh foireann an Spidéil ag iarraidh áit a bhaint amach sa chluiche ceannais den chéad uair le deich mbliana.

Amárach freisin a imreoidh Carna-Caiseal i gcluiche dícháilithe i nGrúpa B i gcoinne Naomh Breandán.

Corcaigh

Dan Ó Duinnín (Cill na Martra). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá cluiche mór ag Naomh Abán i bPáirc Uí Rinn anocht mar a gcasfaidh siad ar Mhainistir Fhear Maí sa mbabhta leathcheannais de Phríomh-Chraobh Idirmheánach Peile Chorcaí. Tá fir Bhaile Mhuirne ag iarraidh áit a bhaint amach i ngrád na sinsear den chéad uair ó 2010 agus ba mhór an chabhair dóibh dá mbeidís in ann an tús chomh maith a chur leis an gcluiche seo agus a chuir siad lena gcluiche ceathrú ceannais in aghaidh chumann Uinsinn Naofa, nuair a d’aimsigh Naomh Abán cúl sa chéad chúig nóiméad den imirt.

Amárach, sa ghrád idirmheánach, beidh foireann eile ó Mhúscraí ag dul chun páirce i gcluiche leathcheannais agus Cill na Martra ag imirt i gcoinne Bhaile Mhistéala. Beidh Cill na Martra ag brath ar mhuintir Uí Dhuinnín chun an lá a thabhairt leo, go háirithe Dan Ó Duinnín, a d’aimsigh trí chúl sa chluiche ceathrú ceannais.

Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair ag iarraidh áit a bhaint amach i gcluiche ceannais agus deireadh seachtaine mór peile seo i dTír Chonaill, i nGaillimh agus i gCorcaigh'