Gaoth Dobhair ag fáil réidh do chluiche ceathrú ceannais agus foirne Chorca Dhuibhne ag dul chun páirce arís

Tá cluichí tábhachta craoibhe i nDún na nGall, i gCiarraí, i gCorcaigh agus i nGaillimh an deireadh seachtaine seo

Gaoth Dobhair ag fáil réidh do chluiche ceathrú ceannais agus foirne Chorca Dhuibhne ag dul chun páirce arís

Foireann Ghaoth Dobhair. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Dún na nGall

Tá na babhtaí leathcheannais de chraobh shinsir peile Dhún na nGall linn an deireadh seachtaine seo agus na boic mhóra uile ag dul chun páirce.

Amárach a bheidh Gaoth Dobhair, seaimpíní 2018, ag imirt i gcoinne fhoireann Bhun Dobhráin, Réalt na Mara. Bhí cuma na maitheasa ar Ghaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhuaigh siad ar Ard an Rátha, 2-19 i gcoinne 0-7. Rinne Odhrán Mac Niallais, Ethan Harkin, Éamonn Ó Colm agus Naoise Ó Baoill scrios sa chluiche sin agus beidh súil acu go ndéanfaidh siad chomh maith céanna tráthnóna amárach i Leitir Ceanainn.

Amárach freisin a bheidh an cluiche idir Gleann Fhinne agus Naomh Conaill. Tar éis dóibh an chraobh idirmheánach a bhuachan anuraidh, tá Gleann Fhinne imithe ó neart go neart sa chraobh shinsir ach tá dúshlán mór rompu anois. Tá cluiche ceannais an chontae bainte amach ag Naomh Conaill le cúpla bliain anuas agus cé gur chaill fir na nGleanntach in 2017 agus arís anuraidh, tá siad ar cheann de na foirne is láidre i nDún na nGall. Tá taithí iontach acu agus beidh siad ag súil go seasfaidh sé sin leo amárach.

Beidh dhá chluiche ceathrú ceannais ann tráthnóna chomh maith. Is iad Cill Charthaigh rogha na n-údar do chraobh na bliana seo agus beidh siad ag tabhairt aghaidh ar a gcomharsana béal dorais tráthnóna i gcoinne na gCealla Beaga. Chruthaigh Cill Charthaigh go maith go dtí seo sa chraobh agus d’aimsigh siad 3-18, 1-20 agus 3-17 sna trí chluiche atá imeartha acu. Seans gur imirt chosantach a bheidh ag na Cealla Beaga chun rudaí a dhéanamh níos deacra do Patrick McBrearty, Mark McHugh, Ryan McHugh agus a leithéidí ach, ó tharla Eoghan Bán Gallagher a bheith in easnamh ar na Cealla Beaga chomh maith, beidh sé fíordheacair orthu.

Is idir Naomh Adhamhnáin agus Baile na nGallóglach a bheidh an cluiche ceathrú ceannais eile a bheidh á imirt anocht. Is é seo an chéad uair riamh ag Baile na nGallóglach cluiche ceathrú ceannais sinsir a bhaint amach ach ní bheidh sé éasca acu tráthnóna agus iad ag tabhairt aghaidh ar Leitir Ceanainn. Is ag Naomh Adhamhnáin atá na cosantóirí is fearr sa chraobh ach, ach mar sin féin, ar an taobh eile den pháirc ní aimsíonn siad a lán pointí. Tá siad ag brath go mór ar Niall O’Donnell chun na scóranna sin a fháil agus má choinníonn Baile na nGallóglach eisean faoi chois, d’fhéadfadh siad teacht aniar aduaidh ar a gcéilí comhraic.

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall

Dé Sathairn, 28 Meán Fómhair

Baile na nGallóglach v Naomh Adhamhnáin – Páirc Mhic Cumhaill, 5.00pm (Beo ar RTÉ)

Cill Charthaigh v Na Cealla Beaga – Páirc Mhic Cumhaill, 6.45pm (Beo ar RTÉ)

Dé Domhnaigh, 29 Meán Fómhair

Gleann Fhinne v Naomh Conaill – Gleann tSúilí, 12.30pm

Réalt na Mara v Gaoth Dobhair – Páirc Uí Dhomhnaill, 4.30pm

Ciarraí

Daingean-Uí Chúis ag imirt i gComórtas Peile na Gaeltachta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tá cluichí i gcraobh shinsir peile Chiarraí ann arís an deireadh seachtaine seo agus foirne Chorca Dhuibhne ag dul chun páirce i mbabhta 2A tar éis dóibh a gcluichí sa chéad bhabhta a bhuachan an deireadh seachtaine seo caite.

Is sa mbaile i bPáirc an Ághasaigh a bheidh Daingean Uí Chúis ag imirt tráthnóna agus iad ag tabhairt aghaidh ar Ó Céirín-Ó Rathaille. D’imir foireann an Daingin go maith nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Aibhistín de Staic an deireadh seachtaine seo caite. Muintir Geaney is mó a rinne gaisce dóibh agus beidh a thuilleadh gaiscí inniu uathu agus cluiche crua rompu. Bhuaigh Ó Céirín-Ó Rathaille ar fhoireann láidir Sheamróga Neidín seachtain ó shin agus tá imreoirí maithe acu, ina measc David Moran, Tommy Walsh, Barry John Keane.

Is in Abhainn an Scáil amárach a bheidh an cluiche idir Ciarraí Thiar agus an Léigiún. Tháinig Ciarraí Thiar slán tar éis am breise i gcluiche crua i gcoinne Dhúiche Neidín an deireadh seachtaine seo caite. B’fhéidir gur cheart do Chiarraí Thiar an cluiche sin a bheith buaite acu sa chéad 60 nóiméad ach rinne siad an beart nuair ba ghá. Bhí Dara Ó Sé agus Éanna Ó Conchúir ar fheabhas do Chiarraí Thiar, ach beidh taispeántas láidir eile ag teastáil chun an Léigiún a chur de dhroim seoil. Bhuaigh fir Chill Airne ar Chill Chomáin an deireadh seachtaine seo caite.

Craobh Shinsir Peile Chiarraí

Dé Sathairn, 28 Meán Fómhair

Daingean Uí Chúis v Ó Céirín-Ó Rathaille – Páirc an Ághasaigh, 4.45pm

Dé Domhnaigh, 29 Meán Fómhair

Ciarraí Thiar v An Léigiún – Abhainn an Scáil, 2.30pm

Corcaigh

Gearóid Ó Crimín ag imirt do Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Cé gur chaill Cill na Martra sa bhabhta ceathrú ceannais i bpríomhghrád idirmheánach Chorcaí an deireadh seachtaine seo caite, tá deis tráthnóna ag foireann eile ó Ghaeltacht Mhúscraí na babhtaí leathcheannais a bhaint amach agus Béal Átha an Ghaorthaidh ag tabhairt aghaidh ar Éire Óg i Maigh Chromtha. Chas na foirne seo ar a chéile i gcraobh na bliana seo caite agus ba é iarimreoir Chorcaí, Daniel Goulding, a d’aimsigh an cúl cinniúnach chun an bua a thabhairt d’Éire Óg. Beidh taispeántais mhaithe ag teastáil ó Dhiarmuid Mac Tomáis, Aindrias Ó Coinceannáin agus a leithéidí más le Béal Átha an Ghaorthaidh díoltas a bhaint amach tráthnóna.

Príomhghrád Idirmheánach Peile Chorcaí

Dé Sathairn, 28 Meán Fómhair

Béal Átha an Ghaorthaidh v Éire Óg – Maigh Chromtha, 3.00pm

Gaillimh

Seán Ó Curraoin ag imirt d’fhoireann iomána an Spidéil. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Cluichí iomána atá ann an deireadh seachtaine seo i nGaillimh agus foireann Ghaeltachta ag dul chun páirce i gcluiche tábhachtach sa chraobh idirmheánach. Tar éis dóibh cliseadh sa mbabhta ceathrú ceannais den chraobh shinsir peile an deireadh seachtaine seo caite, beidh imreoirí an Spidéil ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Eanach Dhúin tráthnóna.

Má éiríonn leis an Spidéal cluiche an lae inniu i Staid an Phiarsaigh a bhuachan, bainfidh siad áit amach i mbabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe. Tá Maigh Cuilinn cáilithe cheana féin don bhabhta céanna.

Craobh Idirmheánach Iomána na Gaillimhe

Dé Sathairn, 28 Meán Fómhair

An Spidéal v Eanach Dhúin – Staid an Phiarsaigh, 3.00pm

Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair ag fáil réidh do chluiche ceathrú ceannais agus foirne Chorca Dhuibhne ag dul chun páirce arís'