Gaoth Dobhair ag déanamh ar réamhbhabhta ceathrú ceannais, díomá ar an Rinn agus bua do mhná Chorca Dhuibhne 

Bhain foirne i nDún na nGall, sa Mhí agus i nGaillimh áit amach sna babhtaí díbeartha i ndiaidh chluichí an deireadh seachtaine ach níl an chraobh peile sna Déise ach díreach tosaithe

Gaoth Dobhair ag déanamh ar réamhbhabhta ceathrú ceannais, díomá ar an Rinn agus bua do mhná Chorca Dhuibhne 

Dún na nGall 

Is iad Gleann tSúilí, Naomh Micheál, Naomh Conaill agus Cill Chartha a rachaidh díreach go dtí babhtaí ceathrú ceannais na craoibhe sinsir i nDún na nGall agus na cluichí deireanacha imeartha i mbabhta an ghrúpa ag an deireadh seachtaine. 

D’fhág bua ag Naomh Micheál ar Ghaoth Dobhair Dé Domhnaigh gur bhuaigh siad gach ceann de na ceithre chluiche a bhí acu go dtí seo sa gcraobh, gaisce a d’éirigh le Gleann tSúilí a dhéanamh chomh maith nuair a d’éirigh leo Seán Mac Cumhaill a chloí. 

Gann go maith a bhí scóranna sa gcluiche idir Naomh Micheál agus Gaoth Dobhair agus bua aon phointe amháin a bhí ag na fir as an gCraoslach agus Dún Fionnachaidh, 0-6 in aghaidh 0-5. Ní raibh ach ceithre scór ann sa gcéad 30 nóiméad agus na foirne cothrom ar 0-2 an taobh. Ní mór an feabhas a bhí ar chúrsaí sa dara leath ach thug Naomh Micheál an lá leo.  

D’fhág an dá bhua a bhí ag Gaoth Dobhair roimhe sin go bhfuil siad tríd go dtí na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais, áit a dtabharfaidh siad aghaidh ar fhir Bhealach Féich, Seán Mac Cumhaill, an deireadh seachtaine seo chugainn 

Chinntigh seaimpíní na bliana seo caite, Naomh Conaill, go mbeadh siad ag dul díreach ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais le bua éasca i gcoinne Aodha Ruadh, 4-11 in aghaidh 0-5, agus b’amhlaidh an scéal ag Cill Chartha a bhuail greadadh ar Chloich Cheann Fhaola, 2-17 in aghaidh 0-8. 

Casfaidh an Clochán Liath agus na Dúnaibh ar a chéile sna réamhbhabhtaí tar éis don Chlochán Liath bua tábhachtach a fháil ar Naomh Náille ar an Domhnach, 2-14 in aghaidh 0-6. Chlis ar na Dúnaibh i gcoinne Naomh Adhamhnáin, 0-7 in aghaidh 1-10, ach d’fhág difríocht na scór go raibh dóthain déanta acu chun an chéad bhabhta eile a bhaint amach.  

B’amhlaidh an scéal ag Ard an Rátha chomh maith. Cé gur chaill siad i gcoinne na gCeithre Máistrí ar an Domhnach, 0-6 in aghaidh 0-5, tabharfaidh siad aghaidh ar Naomh Adhamhnáin sa gcéad bhabhta eile. Imreoidh na Ceithre Máistrí in aghaidh na gCeall Beag sa chluiche réamhbhabhta ceathrú ceannais eile. 

Ag bun an tábla fágadh Naomh Náille agus Cloich Cheann Fhaola gan aon phointe théis cheithre bhabhta. Imreoidh Naomh Náille i gcoinne Ghleann Fhinne i gcluiche leathcheannais dícháilithe, cé gur bhuaigh Gleann Fhinne ar na Cealla Beaga Dé Domhnaigh, 2-8 i gcoinne 0-11. Casfaidh Naomh Náille ar Aodh Ruadh sa gcluiche eile. 

Sa gcraobh idirmheánach, bhuaigh an Tearmann ar Aodh Rua Chúil na gCuirdín ar an Satharn, 0-6 in aghaidh 0-5, chun críochnú ar bharr an tábla le ceithre bhua as a chéile. Imreoidh na foirne céanna i gcoinne a chéile sna babhtaí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo chugainn. 

Tá Naomh Columba tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais freisin tar éis dóibh Beart a chloí le haon phointe amháin, 1-8 in aghaidh 0-10. Imreoidh fir Ghleann Cholm Cille i gcoinne Réalt na Mara as Bun Dobhráin Dé Domhnaigh seo chugainn.  

Is iad Naomh Muire an tríú foireann Gaeltachta a bheidh sna babhtaí ceathrú ceannais. Casfaidh cumann Íochtar na Rosann ar Bhaile na nGallóglach Dé Sathairn in ainneoin gur chaill siad i gcoinne Bhun Cranncha Dé Sathairn seo caite, 0-14 in aghaidh 2-9. 

D’fhág an cluiche a chaill na Rosa i gcoinne Bhaile na nGallóglach, 0-10 i gcoinne 1-11, agus an cluiche a chaill Gaeil Fhánada i gcoinne Ghaeil Leitir Ceanainn,1-9 in aghaidh 2-8, go mbeidh siad sna babhtaí dícháilithe. Casfaidh na Rosa ar Ghaeil Leitir Ceanainn agus beidh ar Ghaeil Fhánada an ceann is fearr a fháil ar Bheart chun teacht slán. 

An Mhí 

Tháinig Bhulf Tóin ar ais óna gcliseadh sa dara babhta chun bua cuimsitheach a fháil ar Churrach Átha agus áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais de chraobh shinsir peile na Mí. 

Chuir Caolán Ward cic éirice thar an trasnán do Bhulf Tón luath go maith sa gcluiche ach d’aimsigh a dheartháir Fiachra cúl théis sé nóiméad agus bhíodar in uachtar don chéad leath uile agus farasbarr seacht bpointe acu faoi leath ama. 

D’aimsigh Niall O’Reilly cúl eile do Bhulf Tón ag tús an dara leath agus bhí rith an ráis leo as sin go deireadh agus bua aon phointe dhéag acu, 2-13 in aghaidh 0-8. Imreoidh siad i gcoinne Ghaeil Bhaile Shiomóin sna babhtaí ceathrú ceannais faoi cheann coicíse. 

Tá áit bainte amach ag Clann na nGael sna babhtaí ceathrú ceannais den chraobh shóisir. Imreoidh fir na Gaeltachta i gcoinne Naomh Ultan tar éis dóibh slad a dhéanamh ar Chill Mhaighneann Dé Domhnaigh, 6-13 in aghaidh 1-10. 

Port Láirge 

Bhí údar díomá ag peileadóirí na Rinne Dé Sathairn nuair a chaill siad a gcéad chluiche i gcraobh shinsir na nDéise le sé phointe i gcoinne na Gailltíre, 1-8 in aghaidh 1-14.  

D’fhág scóranna ó JJ Hutchinson go raibh an Ghailltír sé phointe chun tosaigh ag leath ama ach d’aimsigh Shane Ó Cuirrín cúl don Rinn agus deich nóiméad fágtha chun trí phointe a chur idir na foirne. Thriail fir na Gaeltachta an bhearna a laghdú tuilleadh ach an Ghailltír a d’aimsigh an cúl a bhí ag teastáil. Gary Cullinane a rinne an t-aicsean dóibh chun an bua a chinntiú. 

Casfaidh an Rinn ar an gClais Mhór-Cionn tSáile Beag sa dara babhta Dé Sathairn seo chugainn. 

Gaillimh 

Cailliúint eile a bhí i ndán d’iománaithe Mhaigh Cuilinn i gcraobh shinsir A na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine agus bua cúig phointe bainte amach ag Creachmhaoil orthu, 1-17 in aghaidh 0-25. 

D’fhág cúl ag Éanna Noone agus poc saor ag Diarmuid Davoren nach raibh Maigh Cuilinn ach pointe chun deiridh agus ceithre nóiméad fanta ach Creachmhaoil a d’aimsigh na ceithre scór deireanach sa gcluiche chun Maigh Cuilinn a sheoladh go dtí na babhtaí díbeartha. Caithfidh siad an ceann is fearr a fháil anois ar an Mullach chun fanacht sa bpríomhchraobh iomána. 

Sa gcraobh shóisir A, tá foirne Chois Fharraige ag déanamh ar na babhtaí ceathrú ceannais agus buanna ag an Spidéal agus Micheál Breathnach. Bhuaigh an Spidéal ar an gCaisleán Gearr, 0-21 i gcoinne 2-13, agus bhí bua maith ag na Breathnaigh ar Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach, 0-22 in aghaidh 2-10. 

Ciarraí 

Tá áit bainte amach ag Corca Dhuibhne i mbabhtaí leathcheannais chraobh idirmheánach na mban i gCiarraí tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Aibhistín de Staic ag an deireadh seachtaine, 4-14 in aghaidh 3-8. Casfaidh mná na Gaeltachta ar Scairteach an Ghlinne i gceann de na cluichí leathcheannais seachtain ón Domhnach. 

Tá sé fógartha freisin ag bord an chontae go bhfuil Aodhán Mac Gearailt as Baile an Fheirtéaraigh ceaptha mar roghnóir ag foireann shinsir na bhfear ag Ciarraí. Tá Jack O’Connor le bliain eile a chaitheamh i gceannas ar a bhfoireann ach tá roinnt athruithe déanta ar an bhfoireann bainistíochta agus Mac Gearailt, a bhuaigh craobh na hÉireann le Ciarraí in 2000, agus James Costello tugtha isteach mar roghnóirí in áit Dhiarmuid Murphy an Daingin agus Micheál Quirke, a d’fhág níos luaithe i mbliana. Tá Cian O’Neill, a bhí le foireann na Gaillimhe le trí bliana anuas agus a bhí le Ciarraí agus foirne eile roimhe sin, tugtha isteach mar chóitseálaí ar fhoireann an chontae chomh maith. 

Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair ag déanamh ar réamhbhabhta ceathrú ceannais, díomá ar an Rinn agus bua do mhná Chorca Dhuibhne '