Ganntanas uisce sa tríú cathair is mó ar domhan

Ní thagann aon uisce as an sconna i gcodanna de chathair São Paulo, sa Bhrasaíl, ar feadh cuid mhór den lá. Tá costas os cionn míle milliún euro luaite le réiteach na faidhbe.

 

IMG_6280

Níl ach 11.1% den taiscumar uisce ar a bhfuil 6.5 mhilliún duine i gcathair São Paulo ag brath líonta.

Tá leibhéal an uisce níos ísle ná geataí uisce an taiscumair agus caithfear caidéil a úsáid chun a bhfuil fágtha ann a bhaint amach, rud a chiallaíonn go bhfuil an stóras éigeandála á úsáid, mar a bheadh rótharraingt á déanamh ar chuntas bainc.

Níl an scéal mórán níos fearr sa chúig thaiscumar eile ar a bhfuil os cionn 12.5 milliún duine eile sa chathair ag brath.

Le roinnt blianta anuas, ní thiteann dóthain báistí chun soláthar uisce na cathrach is mó sa Bhrasaíl – an tríú cathair is mó ar domhan – a chinntiú.

Le tamall de sheachtainí anuas, ní thagann uisce as an sconna ar feadh cuid mhór den lá i gcuid mhaith ceantracha. ‘Ní bhíonn uisce agam idir a sé a’ chlog tráthnóna agus a seacht a’ chlog an mhaidin dár gcionn,’ a deir Fátima Caetano, cuntasóir as ceantar meánaicmeach i dtuaisceart na cathrach.

Séanann an comhlacht leathstáit atá freagrach as soláthar uisce agus as seirbhísí séarachais na cathrach, Sabesp, áfách, go bhfuil ciondáil uisce curtha i bhfeidhm.

Deir an comhlacht, a rinne brabús de €653.5 mhilliún  anuraidh, nach bhfuil déanta acu ach an brú sna píopaí a laghdú d’fhonn caillteanas uisce trí phíopaí pollta agus póiriúla a chosc.

Tá infreastruchtúr uisce na cathrach chomh lochtach sin go gcailltear 30 faoin gcéad den uisce ar fad a shileann trí na píopaí má bhíonn gnáthbhrú ar an uisce. Deir Geraldo Alckmin, gobharnóir stát São Paulo (arb í cathair São Paulo an phríomhchathair ann) go dteastóidh 1.1 mhíle milliún euro chun infreastruchtúr úrnua a thógáil, idir thaiscumair agus phíopaí, a chinnteoidh nach mbeidh muintir na cathrach agus an cheantair maguaird fágtha gan uisce an bhliain seo chugainn.

Tá sé ag cur báistí i réigiún São Paulo faoi láthair agus tá tuilleadh fearthainne geallta don deireadh seachtaine, ach fiú má thiteann an bháisteach a bhfuil súil léi as seo go ceann cúpla mí gan teip, ní leor é chun taiscumair na cathrach a athlíonadh.

‘Ní dhéanfaidh an bháisteach a thitfidh sna míonna romhainn ach an ‘rótharraingt’ a rinneamar ar na taiscumair a ‘íoc’ ar ais,’ a mhínigh an meitéareolai (meteorologist) Adilson Nazário in agallamh leis an gcraoltóir Globo.

Idir an dá linn, ní bheidh cuid mhór de mhuintir na cathrach in ann cith a thógáil nó a gcuid éadaí a ní agus iad ag teacht abhaile ó lá fada oibre.