Ganntanas oibrithe leighis – ná cuir an milleán ar Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte

Bhí muid in ann réiteach a fháil ar easpa oibrithe nuair a bhí muid beo bocht mar thír, nach diabhaltaí an rud é nach bhfuilimid in ann é a dhéanamh anois?

Ganntanas oibrithe leighis – ná cuir an milleán ar Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte

‘Agus an bhfuil sibh faoi bhrú mórán na laethanta seo?’ a d’fhiafraigh mé den radagrafaí a bhí tar éis teist dlús na gcnámh orm – an rud a dtugtar  ‘Scanadh DEXA’ air, go hiondúil.

Ní raibh mise ach ag déanamh beagáinín comhrá léi – bhí an chosúlacht uirthi go raibh brú ag baint leis an obair. Ach ina dhiaidh sin féin bhí atmaisféar deas ciúin san ospidéal príobháideach – ní fhaca mé scuainí móra othar ag fanacht le seirbhísí ann. Cén fáth mar sin an mbeadh sí sórt deifreach, ar nós duine nach raibh nóiméad le spáráil aici?

‘Táimid out the door,’ a d’fhreagair sí. ‘Oibríonn mise trí lá sa tseachtain agus ní bhíonn nóiméad spártha agam le linn na dtrí lá sin.’

Mhínigh sí dom go raibh na hothair ón ospidéal poiblí ag baint úsáid as an tseirbhís phríobháideach freisin.

‘Ach cén chúis atá leis sin,’ a d’fhiosraigh mé. ‘Nach bhfuil siadsan i dteideal na seirbhíse poiblí?’

Lig sí osna. Ba léir go raibh ualach breise oibre uirthi. D’inis sí dom go raibh an tseirbhís san ospidéal poiblí stoptha – go gearrthréimhseach, b’fhéidir, toisc go raibh easnamh foirne ag goilliúint orthu san ospidéal sin. Agus bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh cuid de na hothair phoiblí sásta íoc as an scanadh príobháideach san áit a raibh sise ag obair. (€140 a chosain sé, dála an scéil.)

Thosaigh mé ag bailiú mo chuid giuirléidí – go mall toisc go raibh mé fós fiosrach faoin scéal. D’fhiafraigh mé di an raibh a fhios aici cén fáth an mbeadh easpa radagrafaithe ann – nach post ardleibhéil é an post sin agus nach ospidéal beagnach nua as an bpíosa é an t-ospidéal poiblí? Nach mbeadh duine ag súil go mbeadh dúil ag daoine sna poist seo?

‘Is í an fhadhb chéanna a chloisfeas tú caint uirthi gach áit anois,’ a dúirt sí. ‘Staff retention. Níl daoine in ann glacadh le post anseo i lár chathair Bhaile Átha Cliath toisc nach bhfuil sé ar a gcumas an costas maireachtála a sheasamh,’ dúirt sí.

Cuimhním ar an am go mbíodh ‘Tithe na nAltraí’ ag gach ospidéal poiblí. Bhí na haltraí ag dúil leis an lá a ndúnfaí iad, agus deis acu ansin dul chun cónaí in árasáin agus a leithéid. Dá mbeadh a leithéid ar fáil anois sna hospidéil phoiblí, ní mórán daoine a bheadh ag clamhsán. Dá ndéanfaí iad a reáchtáil mar ghnó brabúsach, d’fhéadfadh duine amháin (mo chailín thuas) seomra nó árasán a fháil cuid den tseachtain agus é a híreáil amach le duine eile an chuid eile den tseachtain.

Agus ós ag caint ar sheirbhísí don fhoireann atáim, chuimhnigh mé go bhfaca mé roinnt carbhán agus siopaí soghluaiste taobh amuigh den ospidéal, agus iad páirceáilte ar an bplásóg féir ansin.

Nuair a d’fhiafraigh mé de bhean amháin a bhí ina seasamh sa scuaine, céard a bhí os mo chomhair, d’inis sí dom, go dtagann an ‘carbhán’ bia seo isteach chucu uair sa tseachtain. Bia de chineálacha éagsúla a bhí ar fáil – d’fhéadfá blaiseadh de lón ón tSín, ón Chóiré, ón Bhrasaíl, ón bPortaingéil agus ó thíortha eile i bhfad i gcéin.

‘Tugaimid ‘treat’ dúinn féin uair sa tseachtain agus ceannaímid lón dúinn féin anseo,’ a dúirt sí liom. Bheadh uirthi é a ithe as bosca cairtchláir agus suí ar an mbinse taobh leis an scuaine. Ach sin ‘treat’ sa lá atá inniu ann.

Sular fhág mé an radagrafaí, luaigh mé cúrsaí béilí agus briseadh ón obair léi. Ba chuimhneach liom gur labhair mé le haltra ar an bharda ailse lá amháin cúpla mí ó shin, agus d’inis sise dom gur minic nach mbíonn aon am aici don lón agus nach mbeadh aici ach deich nóiméad ar a mhéad.

Dúirt an radagrafaí liom nach mbíonn mórán thar na deich nóiméad aici féin. ‘Ach nach tábhachtach an rud é an biachláir agus an cothú ceart a fháil má bhíonn corp folláin ag teastáil ó dhuine?’ arsa mise.

‘Ar ndóigh, tá sé sin fíor,’ arsa sise. ‘Agus ba chóir go mbeimis ag faire amach dár sláinte féin. Ach cad is féidir a dhéanamh nuair a thagann daoine mall don choinne atá acu, nó má théann siad chuig an ospidéal mícheart, nó – rud a tharlaíonn go minic- nach dtagann siad ag an choinne ar chor ar bith?’

Caithfidh an radagrafaí an t-am caillte sin a dhéanamh suas ar bhealach éigin eile – go minic le linn a mbriseadh lóin nó a leithéid. Nach bocht an scéal é sin? An iontas ar bith é go n-éiríonn daoine as poist sa tseirbhís sláinte agus go ndíríonn siad a n-aird go minic ar rud éigin atá níos éasca, níos sláintiúla?

Bhí drochráig den fhliú ag dul thart an tseachtain a raibh mise ag tabhairt cuairt ar an ospidéal. Agus lena chois sin, bhí caint ar ráig eile de Covid a bhí ag dul thart chomh maith le víris éagsúla gheimhridh eile. Ní fhaca mé aon duine den phobal a raibh masc orthu, ná ní raibh aon bhéim á chur ar ghlanadh lámh, cé go raibh an gaireas glantacháin fós le hais an dorais.

Chonaic muid ar fad an difríocht a rinne sé an uair dheireanach nuair a tugadh faoi na rialacha sin a chur i bhfeidhm go daingean. Nach sciobtha a dhéanann muid dearmad?

Agus nach bhfuil dearmad iomlán déanta againn ar an uair go raibh forbairtí móra tionsclaíocha agus leighis á dtógáil ar fud na tíre? Ba léir ar an toirt go raibh tithíocht in easnamh sna háiteacha sin agus tógadh é go speisialta do na hoibrithe – na haltraí sna hospidéil, na hoibrithe i mBord Soláthar an Leictreachais, na hoibrithe i mBord na Móna agus a leithéidí.

Má bhí muid in ann é sin a dhéanamh agus muid beo bocht mar thír, nach diabhaltaí an rud é nach bhfuilimid in ann fadhb an ‘staff retention’ a leigheas agus muid ar cheann de na tíortha is saibhre ar domhan?

Fág freagra ar 'Ganntanas oibrithe leighis – ná cuir an milleán ar Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte'

  • Spadalach

    dúthracht=’treat’