Gan taifead ar obair fostaithe na Roinne Talmhaíochta ag aerfoirt na tíre

Ní choinnítear aon taifead ar líon na ndaoine a dhéanann teaghmáil le fostaithe na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ag aerfoirt agus calafoirt anseo le cosc a chur ar ghalair ainmhithe agus talmhaíochta

2/9/2014. Aeroplanes at Dublin Airport
Pictiúr: Photocall Ireland

Aon duine dhéag foirne atá fostaithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag aerfoirt agus calafoirt anseo le cosc a chur ar ghalair ainmhithe agus talmhaíochta a theacht isteach sa tír.

Ach ní choinnítear aon taifead ar líon na ndaoine a dhéanann teaghmáil le fostaithe seo na Roinne le rá leo go raibh siad ar fheirmeacha nó i dteagmháil le hainmhithe agus iad thar sáile.

Deimhníodh an méid seo do Tuairisc.ie de bharr iarratais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Tá sé de chúram ar fhostaithe seo na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara bagáiste pearsanta na bpaisinéirí a thugann le fios go rabhadar i dteagmháil le hainmhithe a sheiceáil agus a ionghlanadh más gá. Chomh maith leis sin bíonn roinnt cúraimí eile a bhaineann le dramhaíl lónadóireachta orthu agus caithfidh siad gach peata a thugtar isteach sa tír a scrúdú.

Tugtar fógra ar eitleáin agus ar longa paisinéirí a thagann chun na tíre go bhfuil sé riachtanach d’aon duine a mbeadh an baol ann go mbeadh galar ainmhithe ar iompar leo i nganfhios dóibh féin teagmháil a dhéanamh le hoifigigh talmaíochta na Roinne.

“Má dhéanann paisinéir a bhfuil imní air faoi theagmháil le hainmhí thar sáile teagmháil leis an Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara ar fhillladh ar an tír dó, tabharfar comhairle dó faoinar chóir dó a dhéanamh sa chás sin. Déanfaidh an fhoireann trealamh nó éadaí oibre a dhíghalrú má mheastar gur stuama sin,” dúirt an Roinn le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Gan taifead ar obair fostaithe na Roinne Talmhaíochta ag aerfoirt na tíre'