Gan spréach ar bith in ‘Inferno’ seanchaite agus leisciúil

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Trí bliana déag i ndiaidh The Da Vinci Code tá an tóin tite ar fad as an gcnuasach

Gan spréach ar bith in ‘Inferno’ seanchaite agus leisciúil

Inferno

Stiúrthóir: Ron Howard
Cliar: Tom Hanks, Felicity Jones, Sidse Babett Knudsen, Ben Foster, Irrfan Khan, Omar Sy

Feiniméan foilsitheoireachta ba ea The Da Vinci Code nuair a seoladh é in 2003. Bhí an bús agus an ráchairt dothuigthe. Cuireadh léitheoirí ar fud an domhain fé dhraíocht agus tá breis agus 80 milliún cóip den leabhar díolta. Bhí a fhios ag madraí an bhaile nárbh fhada uainn léamh an scáileáin mhóir. Bhailigh Ron Howard meitheal chumasach timpeall air le tabhairt faoin togra in 2006. Ina measc siúd bhí Tom Hanks, Audrey Tautou, Ian McKellen, Paul Bettany agus Alfred Molina, mar aon le Hans Zimmer a bhí i mbun an cheoil. Thug léirmheastóirí íde na muc agus na madraí don saothar scríofa agus scáileáin araon.

Meascán mearaí de comhchealga staire/reiligiúin, aicsean agus dríodar cainte a dhein saothar mealltach den scríbhinn. Dhein Robert Langdon an ghaisce chéanna don stair is a dhein Indiana Jones don tseandálaíocht blianta roimhe sin. Go deimhin bhí Harrison Ford á lua leis an ról, ní nach ionadh, ach sé Tom Hanks a earcaíodh sa deireadh agus dhein sé carachtar caithiseach a sholáthar. Is é seo an tríú scannán ón gcomhghuaillíocht chéanna agus ar an drochuair imíodh chun leadráin agus chun seafóide sa dara ceann (Angels and Demons) ach táthar imithe amach ón gcairt ar fad anseo.

Is seanchaite agus leisciúil an ciúta scéalaíochta é an díchuimhne. Níor leasc le Brown agus an mheitheal scríbhneoirí tús áite a thabhairt dó, áfach. An laoch ag dúiseacht san ospidéal agus gan aon chuimhne aige ar an méid a tharla le cúpla lá. I bhfaiteadh na súl tá urchar scaoilte leis ag póilín. Thug sé na cosa leis agus seo leis ar a theitheadh agus dochtúir dathúil, cliste mar gharda cosanta agus comhghuaillí aige. Bhí  an díchuimhne im chrá ag an bpointe sin: níorbh fhéidir leis cuimhneamh ar an bhfocal don deoch a bhíonn agat ar maidin cosúil le tae ach tháinig an pasfhocal ríomhphoist chuige ar hap an tairne.

Gan amhras bhí an ghealt againn.  Sa chás seo billiúnaí a bhí tar éis víreas a chruthú a d’fhéadadh leath do dhaonra an domhain a chur de dhroim seoil. ‘Mankind is a cancer in its own body,’ a deir Zobrist (Foster) is é ag cur de faoi theoiricí an ródhaonra, amhail is go raibh sé ag léacht TED do shochapataigh.

Bhí Hanks ag rómhar leis ar a dhícheall, mar is dual dó, agus is aisteoir/carachtar mealltach é cé nárbh fhéidir leis éalú ó chuibhreacha na scríbhneoireachta/scéalaíochta tútaí.

Ba í Felicity Jones a chomrádaí agus bhíothas in ann an casadh gan choinne maidir léi siúd a thuar ar an gcéad luí súl. An ceann feadhna baineann eile ná Dr. Sinskey (Knudsen), dochtúir de chuid an WHO agus iar-leannán an laoich. Is deacair éalú ó Knudsen ar na saolta seo óir go bhfuil sí in Westworld mar aon le bheith taobh le Hanks arís níos luaithe i mbliana in Hologram for a King. Ina dteannta siúd ar fad, bhí baicle eile de charachtair thánaisteacha nárbh fhiú ann ná as a bhformhór agus cuireadh de dhroim seoil go luath cuid acu, dá réir.

An t-aon duine go rabhas in ann aon sásamh a bhaint as ná carachtar Khan, frithlaoch deisbhéalach nárbh fhéidir linn an tsúil ribe a chur air.  Ba é ba chúis le sraith eachtraí áiféiseacha nach mbeadh as áit in Mission Impossible.

Chuir Brown craiceann na staire ar chomhchealga agus aicsean in The Da Vinci Code. D’éirigh leis sin ar phár, imíodh ar bóiléagar ar an scáileán mór agus anois trí bliana déag níos déanaí tá an tóin tite as an gcnuasach.

Fág freagra ar 'Gan spréach ar bith in ‘Inferno’ seanchaite agus leisciúil'