Gan seirbhís aistriúcháin do chuairt an Choimisinéara

Léiriú ar pholasaí Gaeilge lochtach Thithe an Oireachtais é nach raibh córas aistriúcháin comhuaineach ar fáil ar maidin do chuairt Choimisinéir Teanga na Breataine Bige ar an bhfochoiste Oireachtais, a deir Seanadóir

Screen Shot 2014-11-25 at 12.58.15
Coimisinéir Teanga na Breataine Bige ag labhairt ag coiste Oireachtais inniu.

Drochtheist ar pholasaí Gaeilge Thithe an Oireachtais é nach raibh córas aistriúcháin comhuaineach ar fáil ar maidin do chuairt Choimisinéir Teanga na Breataine Bige ar an bhfochoiste Oireachtais atá ag plé leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, dar leis an Seandóir Trevor Ó Clochartaigh.

Dúirt an Seanadóir ó Shinn Féin leis an gcoiste “gur trua” leis nach raibh a leithéid ar fáil agus nach bhféadfaí ceisteanna a phlé le Meri Huws, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, go dátheangach.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh gur léiriú ar pholasaí lochtach Thithe an Oireachtais i leith na Gaeilge ab ea é nach raibh córas aistriúcháin ar fáil.

Dúirt sé go mbíonn deis ag Meri Huws “a rogha teanga a úsáid nuair is toil léi” sa Bhreatain Bheag agus gur trua nach dtacaíonn Tithe an Oireachtais i gcónaí lena cheart féin Gaeilge a úsáid.

Thug Cathaoirleach an fhochoiste, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, le fios nach raibh córas aistriúcháin ar fáil mar go raibh an cruinniú ar siúl i seomra eile seachas an ceann a bhíonn in úsáid de ghnáth acu.

Le linn an chruinnithe inniu, dúirt Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Meri Huws, gur ‘údar imní’ di féin a bheadh i gcuid de na leasuithe atá molta ar Acht na dTeangacha Oifigiúila dá dtabharfaí i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag iad.

Dúirt sí gur mheas sí go raibh an tréimhse seacht mbliana atá luaite le scéimeanna teanga sna leasuithe atá le déanamh ar Acht na dTeangacha i “bhfad rófhada” agus nach mbeadh dóthain “solúbthachta” ag baint lena leithéid de chur chuige sa státchóras.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur ‘”get out of jail free card” do chomlachtaí poiblí a bhí i gcóras na scéimeanna.

 

Fág freagra ar 'Gan seirbhís aistriúcháin do chuairt an Choimisinéara'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    Sin leithscéal leibideach. Cé a rinne an socrú faoin seomra?

  • Eoin

    Tá sé sin seafóideach amach is amach. Bhí fhios acu le tamall go mbeadh an cruinniú sin ann.

  • Críostóir Ó Faoláin

    Nár cheart go mbeidh córas aistrúcháin ar fáil sna seomraí cruinnithe ar fad? Seafóideach!