‘Gan pingin do bhóithre áise de bharr pleananna teanga’ – fearg faoi ráiteas Aire na Gaeltachta

‘Díomá agus fearg’ ar Theachta Dála Gaeltachta faoi áiteamh Aire na Gaeltachta nach féidir maoiniú a chur ar fáil do bhóithre áise agus do phleananna teanga araon

‘Gan pingin do bhóithre áise de bharr pleananna teanga’ – fearg faoi ráiteas Aire na Gaeltachta

Tá ‘díomá agus fearg’ ar an Teachta Dála Aindrias Ó Muineacháin faoi ráiteas Aire na Gaeltachta nach féidir maoiniú a chur ar fáil do bhóithre agus do phleananna teanga araon.

An Teachta Dála as Múscraí Aindrias Ó Muineacháin

D’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Ó Muineacháin den Aire Gaeltachta le déanaí an raibh sé i gceist scéim na mbóithre áise a chur ar bun arís chun cúnamh a thabhairt do dhaoine sa Ghaeltacht feabhas a chur ar bhóithre nach dtagann faoi chúram na gcomhairlí contae.

Mar fhreagra ar an méid sin, thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios go bhfuil scéim na mbóithre áise “ar fionraí” i gcónaí toisc nach bhfuil dóthain airgid ann chun í a mhaoiniú agus, ag an am céanna, maoiniú a chur ar fáil don phleanáil teanga agus don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Dúirt an tAire nach mbeadh sé ar chumas na Roinne Gaeltachta an scéim a athnuachan i mbliana “i bhfianaise na n-éileamh airgeadais a eascróidh as cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain agus an próiseas pleanála teanga”.

Dúirt Ó Muineacháin go bhfuil “fearg agus díomá” air mar gheall ar chinneadh seo an Rialtais.

“Sa Chlár Comhaontaithe don Rialtas, gheall Fine Gael agus an Comhaontas Neamhspleách go mbeadh airgead breise ar fáil don Scéim Feabhsúcháin Áitiúil. Sa bhuiséad deireanach, theip orthu an gealltanas sin a chomhlíonadh. Chaill muintir na Gaeltachta faoi dhó.

“Nílim sásta leis an bhfreagra seo, agus beidh mé ag ardú na ceiste arís leis an Aire nuair a bheidh an Dáil ina suí an tseachtain seo chugainn,” a dúirt Ó Muineacháin.

Dúirt sé go bhfuil muintir na Gaeltachta ar fud na tíre “ag lorg cabhair éigin ón rialtas” chun feabhas a chur ar bhóithre atá “ag titim as a chéile”.

Fág freagra ar '‘Gan pingin do bhóithre áise de bharr pleananna teanga’ – fearg faoi ráiteas Aire na Gaeltachta'

  • Mánus

    Tá bóithre áise níos tábhachtaí ná pleananna teanga dos na hiarGhaeltachtaí. An ag magadh atá rialtas FFFG nuair a úsáidtear pleanáil teanga mar leithscéal ? – agus é a úsáid mar bhata le daoine sna ceantracha scoite amach a bhualDh!