Níl aon phingin á chur ar fáil ag an Roinn Pobal ó thuaidh d’Fhoras na Gaeilge chun Bliain na Gaeilge 2018 a mhaoiniú.
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh níos túisce an mhí seo go raibh cinneadh déanta ag Foras na Gaeilge maoiniú speisialta de €450,000 a chur ar fáil do Bhliain na Gaeilge, agus cé go bhfuil grúpaí sa Tuaisceart i dteideal cur isteach ar an maoiniú sin, is ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a thiocfaidh an €450,000 ar fad.
Mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta beagnach scór bliain ó shin a bunaíodh an Foras Teanga ina bhfuil dhá áisíneacht, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, agus cinneadh ón tús gur ar bhonn ‘cómhaoinithe’ a mhaoineofaí iad.
Socraíodh go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta 75% den mhaoiniú ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus gur ón Roinn Cultúir (an Roinn Pobal anois) a thiocfadh sciar an tuaiscirt, 25%, den chaiteachas.
Chuirfeadh Roinn na Gaeltachta 25% den chaiteachas ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise agus is ón tuaisceart a thiocfadh an 75% eile.
De réir tuairisce ar Nuacht TG4 tráthnóna, áfach, is ó Roinn na Gaeltachta a thiocfaidh 100% den mhaoiniú do Bhliain na Gaeilge 2018.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo níos luaithe i mbliana, cheadaigh Roinn na Gaeltachta airgead breise d’Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise anuraidh gan aon ‘chómhaoiniú’ a bheith ar fáil ó údaráis Thuaisceart Éireann. Ba é sin an chéad uair riamh a ndearna an Roinn a leithéid.
An uair sin, cuireadh os cionn ceathrú milliún euro breise ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus os cionn €20,000 breise ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise gan aon íocaíocht bhreise a bheith i gceist ón Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann.
Tá soláthar €14.028 milliún curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta don Fhoras Teanga, a chuimsíonn Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, don bhliain 2018.
Thug urlabhraí de chuid na Roinne le fios do Tuairisc.ie le déanaí nach bhféadfaí aon soiléiriú a chur ar fáil maidir leis an mbuiséad do 2018 ón Roinn Pobal “ag an am i láthair”.
“Ós rud é nach dtosaíonn an bhliain airgeadais i dTuaisceart Éireann go dtí 1 Aibreán, ní bheidh comhaontú ar an mbuiséad do 2018 go ceann tamaill eile,” a dúirt an t-urlabhraí.
Bhí an spriocdháta inné ann don chéad bhabhta maoinithe d’imeachtaí Bhliain na Gaeilge. €125,000 atá sa chiste áirithe sin agus dhá bhabhta maoinithe a bheidh i gceist.
Cuirfear suas le €50,000 ar fáil d’imeachtaí a eagrófar sa chéad leath den bhliain, ó Eanáir go Meitheamh 2018 agus idir €500-€1,000 an ceann a bheidh le fáil do na tograí a nglacfar leo.
De réir shuíomh idirlín Bhliain na Gaeilge, tá sé mar sprioc go dtabharfadh Feidhmeannas an Tuaiscirt aitheantas di mar imeacht oifigiúil.
Fógrófar na grúpaí ar éirigh leo maoiniú a fháil faoin gcéad bhabhta maoinithe do Bhliain na Gaeilge an tseachtain seo chugainn.
Fág freagra ar 'Gan pingin ar bith ón Roinn Pobal ó thuaidh do Bhliain na Gaeilge'