Gan oiread is cent rua caite i mbliana ar dheisiú bóithre ‘fíorchontúirteacha’ oileáin Árann

Tá cáineadh déanta ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoin scéala gurb é Inis Bó Finne an t-aon oileán amach ó chósta na Gaillimhe ar caitheadh airgead ar dheisiú bóithre ann i mbliana

Gan oiread is cent rua caite i mbliana ar dheisiú bóithre ‘fíorchontúirteacha’ oileáin Árann

Níor caitheadh airgead ar bith ar dheisiú bóithre na dtrí oileán Árann i mbliana, in ainneoin an ‘droch-chaoi’ atá orthu.

De réir eolais nua, €56,000 a caitheadh ar dheisiú bóithre ar na hoileáin amach ó chósta na Gaillimhe go dtí seo i mbliana, ach is ar Inis Bó Finne a caitheadh an t-airgead sin ar fad.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go mbíonn Roinn na Gaeltachta ag brath ar na húdaráis áitiúla chun iarratas a dhéanamh ar chúnamh chun bóithre ar na hoileáin a dheisiú.

Dúirt Dara Ó Maoildhia, Cathaoirleach ar Chomharchumann Fuinnimh Oileáin Árann, le Tuairisc.ie go bhfuil na bóithre ar Inis Mór “fíorchontúirteach” faoi láthair agus go bhfuil sé “an-deacair tiomáint orthu, gan a bheith ag trácht ar siúl ná dul ar rothair”.

“Bhí Uisce Éireann ag obair ar phíopaí ar an oileáin agus tógadh suas na bóithre chun caoi a chur ar phíopaí. D’fhágadar na bóithre go dona ar fad. Tá siad uafásach faoi láthair, go háirithe thart ar Chill Rónáin, áit a mbíonn na busanna agus chuile dhuine ag taisteal.

“Tádar fíorchontúirteach faoi láthair, tá poill mhóra iontu agus an méid sin gearradh suas déanta orthu i rith an tsamhraidh. Bhí an obair sin ag teastáil ar chóras uisce an oileáin ach anois is gá don Chomhairle Chontae teacht amach agus é a réiteach arís,” a dúirt Dara Ó Maoildhia, Cathaoirleach Chomharchumann Fuinnimh Oileáin Árann.

Dar leis an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, a lorg an t-eolas faoin gcaiteachas ar bhóithre oileáin na Gaillimhe, go bhfuil sé “dochreidte nach bhfuil oiread agus cent rua á chaitheamh ar Inis Meáin, Inis Mór agus Inis Oírr as buiséad na Comhairle Contae.”

“Tá fíordhroch-chaoi ar na bóithre ar na hoileáin. Bhí an deis agam tiomáint thart ar Inis Mór le déanaí agus tá mé ag rá leat go bhfuil fíordhroch-chaighdeán ar na bóithre.

“An rud nach n-iarrtar ní fhaightear. Is cosúil nár iarr an Chomhairle Contae aon airgead ón Roinn mar go gcaithfidís cómhaoiniú a chur ar fáil agus tá sé sin craiceáilte. Tá an milleán le dul ar an gComhairle Contae, nach raibh sásta airgead a chur ar fáil,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív.

Íocann Roinn na Gaeltachta 75% den airgead a chaitear ar dheisiú bóithre na n-oileán toisc an costas níos airde a bhaineann le caoi a chur ar bhóithre iontu.

“Níl sé in ainm is a bheith mar mhalairt foinse airgid ach mar fhoinse airgid fhorlíonta agus ní dhéanann sé ciall ar bith nach mbeadh an t-airgead á tharraingt anuas ag an gComhairle Contae,” a dúirt Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie.

I ráiteas a chuir siad ar fáil do Tuairisc.ie thug Comhairle Chontae na Gaillimhe le fios go bhfuair siad maoiniú ó Roinn na Gaeltachta do “thograí” ar Inis Mór, Inis Oírr agus Inis Bó Finne in 2018, ach níor tugadh aon mhíniú ar an scéal nach raibh airgead ar bith caite ar bhóithre na dtrí oileán Árann, de réir na bhfigiúirí.

Leanfadh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag déanamh iarratas ar mhaoiniú ón Roinn faoin scéim, a dúradh.

Fág freagra ar 'Gan oiread is cent rua caite i mbliana ar dheisiú bóithre ‘fíorchontúirteacha’ oileáin Árann'