Gan na hacmhainní cuí níl i bplean póilíneachta cúig bliana ach píosa páipéir

Ar chúiseanna éagsúla tá muinín sa tseirbhís póilíneachta ag dreo le tamall de bhlianta

Gan na hacmhainní cuí níl i bplean póilíneachta cúig bliana ach píosa páipéir

Faireachas neamhdhleathach an PSNI ar iriseoirí. Moill ar sholáthar faisnéise le haghaidh ionchoisní. Ceisteanna faoi easpa cúraim d’oifigigh ó chúlra Caitliceach a bheadh i mbaol ionsaithe. Cultúr agus nósanna imeachta ó aimsir an RUC fós i réim. Maoiniú easnamhach ag cur bac ar fhorbairt na póilíneachta chun í a chur in oiriúint do choiriúlacht na linne seo. Seirbhísí bearnacha de bharr fadhbanna earcaíochta agus easpa foirne.

Níl iontu sin ach cuid de na cúiseanna a bhí raibh muinín sa tseirbhís póilíneachta ag dreo le tamall de bhlianta. Le déanaí d’éiligh ceannaire an SDLP, Claire Hanna, athbhreithniú ó bhonn ar an PSNI chun an dóchas agus an dearfacht a bhain le plean Patten cúig bliana fichead ó shin a athbheochan. Slat tomhais ar easláinte na seirbhíse póilíneachta ab ea an SDLP a bheith ag léiriú díomá; bhí an páirtí mar chrann taca ag an PSNI ón tús, sé bliana sula ndearna Sinn Fein amhlaidh.

An íocshláinte é plean cúig bliana don phóilíneacht atá foilsithe ag Bord Póilíneachta Thuaisceart Éireann agus an PSNI i gcomhar le chéile? Nocht an Bord agus an PSNI a gcomhphlean do 2025-2030 tráth ar thuairiscigh an Chigireacht Ríoga ar Chonstáblacht go raibh seirbhísí de chuid an PSNI easnamhach d’uireasa maoine, póilíneacht phobail lag agus brú mór ar aonad a láimhseálann coiriúlacht ar líne.

Ag an am céanna dúirt an Príomh-Chonstábla Jon Boutcher go raibh an-díomá air leis an mbuiséad do 2025-2026 a d’aontaigh Stormont an tseachtain seo caite. Tá bearna £31 milliún ar a laghad ann; tá £200 milliún sa bhreis do thréimhse cúig bliana a éileamh aige chun an bhallraíocht riachtanach a bhaint amach.

Tá an Príomh-Chonstábla i mbun feachtais ó ceapadh é chun breis airgid a fháil le dul i ngleic leis na heasnaimh sa tseirbhís. Deir an tAire Airgeadais go bhfuil a éileamh á scrúdú.

Tá plean cúig bliana do sheirbhís phoiblí ar bith i dTuaisceart Éireann neamhchoitianta. Sneachta samhraidh is ea é nuair nach bhfuil cinnteacht ar bith faoi bhuiséad os cionn dhá bhliain. Le haghaidh ballraíocht 6,300 tá os cionn 1,000 póilín sa bhreis de dhíth, ach níl buiséad lena aghaidh sin ina chuid den phlean cúig bliana.

Ón leagan Gaeilge de ráiteas faoin bplean seo leanas na haidhmeanna.

“Is é Tuaisceart Éireann atá sábháilte agus síochánta an fhís chomhroinnte atá againn. Sa Phlean Póilíneachta, leagtar amach an dóigh a n-oibreoidh SPTÉ le coireacht a chosc agus le dul i ngleic léi, daoine a choinneáil slán trí bheith ina seirbhís póilíneachta a dhíríonn ar an íospartach,an pobal agus an lucht saothair.

“Sa Phlean, leagtar amach trí thoradh ar mian linn iad a sholáthar do mhuintir Thuaisceart Éireann.”

Siad na torthaí thuasluaite sin, díriú ar íospartaigh, rannpháirtíocht le pobail áitiúla ina gcothófar muinín sa phóilíneacht agus ballraíocht ionadaíoch ar an bpobal le dea-chleachtais saothair a chothóidh meas ar gach éinne.

Leagtar amach freisin cé mar a dhéanfar measúnú ar an obair féachaint an bhfuil na spriocanna á mbaint amach. Is féidir é a léamh anseo.

Ní bhfaigheadh éinne locht ar aon chuid de sin ach gan na hacmhainní riachtanacha níl ann ach fís. Léirigh tuarascáil na Cigireachta Ríoga go raibh 400 póilín in easnamh ar phóilíneacht phobail. Léirigh an tuarascáil freisin go raibh easpa foirne ar an aonad um chosaint páistí. Ta brú mór ar an mbrainse a scrúdaíonn mí-úsáid ghnéis ar pháistí ar líne, coir atá éirithe coitianta. Le bliain anuas ciontaíodh beirt – i gcásanna difriúla – as dúmhál agus mí-úsáid ar na céadta daoine óga ar cuireadh an chluain fhíorúil orthu sa bhaile agus i gcéin. I gcás amháin díobh chuir duine óg lámh ina bás féin. Tá mangaireacht drugaí á heagrú ar bhonn idirnáisiúnta agus i bhfad níos mó acmhainní ag na coirpigh ná mar atá ag an PSNI.

Is fadhbanna iad sin a gcaitheann póilíní a dhul i ngleic leo chuile áit ach tá oidhreacht na dtrioblóidí le sárú freisin ag an PSNI. A thúisce a dhéanfar beart éifeachtach maidir leis an gceist chráite sin is ea is fearr é –táthar ag fanacht le gníomh ó rialtas na Breataine atá ag tarraingt na gcos. Tá gach cosúlacht ar an scéal gur mian leis an bPríomh-Chonstábla Jon Boutcher an tseirbhís póilíneachta a fheabhsú agus a neartú. Is féidir cuid de sin a dhéanamh tré scothchleachtais a chothú go hinmheánach ach gan na hacmhainní cuí ní bheidh sa phlean cúig bliana ach píosa páipéir.

Fág freagra ar 'Gan na hacmhainní cuí níl i bplean póilíneachta cúig bliana ach píosa páipéir'