Níl aon radharc ar réiteach faoi cheist Aerfort na Mine – Kyne

Níl Aire Stáit na Gaeltachta sásta a rá cé acu an bhfuil dóchas aige go dtiocfar ar réiteach nó nach bhfuil

Níl aon radharc ar réiteach faoi cheist Aerfort na Mine – Kyne

Níl sé curtha as an áireamh ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go gcuirfí síneadh ama eile leis an spriocdháta don phróiseas tairisceana do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann.

An 19 Lúnasa an sprioc is déanaí atá luaite le tairiscintí don aersheirbhís agus moill ar an bpróiseas toisc nach bhfuil aon socrú déanta fós maidir leis na costais a bhainfeadh le soláthar Aerfort na Mine don aersheirbhís nua.

Is do sheirbhís aeir as Aerfort na Mine amháin atá tairiscintí á lorg mar chuid den phróiseas tairisceana a fógraíodh i mí Aibreáin, ach is cosúil nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta go fóill maidir le teacht ar réiteach le húinéirí an aerfoirt.

Ní raibh an tAire Kyne sásta a rá cé acu an bhfuil dóchas aige go dtiocfar ar réiteach nó nach bhfuil.

“Tá an plé ag leanúint ar aghaidh anois ar feadh gar do chúig mhí.  Ní féidir a rá ag an bpointe seo cén uair a bheidh aon socrú déanta, más ann do shocrú,” a dúirt urlabhraí an Aire le Tuairisc.ie tráthnóna inné.

Dúradh le Tuairisc.ie chomh maith go raibh “súil á coimeád” ag an Aire Kyne ar na spriocdhátaí “ar fad” a bhaineann leis an bpróiseas.

Is leis an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh Aerfort na Mine agus Aer Arann Islands, an comhlacht a bhfuil conradh aige an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann a chur ar fáil go dtí deireadh Mheán Fómhair.

Agus é ag freagairt ceist a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív air an mhí seo caite, dúirt an tAire Kyne go gcaithfí dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne sa chás go dteipfeadh ar na hiarrachtaí teacht ar shocrú le Pádraig Ó Céidigh faoi sholáthar an aerfoirt.

Thug an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh le fios an mhí seo caite go raibh sé ríshoiléir ón gcomhfhreagras a bhí aige le lucht Aerfort na Mine “go bhfuil siad sásta ceist úinéireachta an aerfoirt a phlé”.

Mhol an Seanadóir de chuid Shinn Féin go gceapfadh an Taoiseach eadránaí chun fuascailt a fháil ar an tsáinn ina bhfuil an próiseas tairisceana don aersheirbhís nua d’Oileáin Árann.

Níor éirigh le Tuairisc.ie ráiteas a fháil aréir ó Phádraig Ó Céidigh.

Fág freagra ar 'Níl aon radharc ar réiteach faoi cheist Aerfort na Mine – Kyne'