Gan ‘leithscéal’ ar bith ann faoi easpa Conallaigh ar Bhord Muintearas – Ó Coisdealbha

Aontaíonn Príomhfheidhmeannach Muintearas 'go huile agus go hiomlán' leis an Teachta Dála Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir faoin ngá le hionadaí as Tír Chonaill ar bhord na heagraíochta

Gan ‘leithscéal’ ar bith ann faoi easpa Conallaigh ar Bhord Muintearas – Ó Coisdealbha

Tá ionadaí ó Thír Chonaill “ag teastáil go láidir” ar bhord na heagraíochta Muintearas, dar le príomhfheidhmeannach na heagraíochta Seán Ó Coisdealbha.

Dúirt Ó Coisdealbha nach raibh “aon leithscéal ann” gan ionadaí ón gcontae sin a bheith ar an mbord agus gur “cúram don Údarás atá ann” duine as Tír Chonaill a chur ar an mbord.

Bhí Ó Coisdealbha ag freagairt ceiste ón Teachta Dála Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán inné.  Bhí toscaireacht ó Mhuintearas i láthair ag an gcoiste Oireachtais chun labhairt faoi ról na heagraíochta agus faoi chur i bhfeidhm Pholasaí Oideachais nua na Gaeltachta.

Dúirt an Teachta Dála Ó Gallchóir go raibh “ceist réasúnta tábhachtach” le cur aige ar ionadaithe Mhuintearais faoi struchtúr na heagraíochta.

“Tchímse go bhfuil thart faoi 35-40% den soláthar airgid atá agaibhse á chaitheamh i nDún na nGall. Ach ní dóigh liomsa go bhfuil duine ar bith i nDún na nGall ar bhord Mhuintearais… Ceapaim féin go gcaithfidh athrú teacht air sin agus go mba cheart go mbeadh duine nó beirt ar bhord Mhuintearais [as Tír Chonaill],” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go raibh sé tábhachtach go mbeadh duine ón gcontae ar an mbord le go mbeadh sé féin agus an Seanadóir Brian Ó Domhnaill in ann tacaíocht a thabhairt do Mhuintearas.

Dúirt Seán Ó Coisdealbha go raibh sé “ag aontú go huile agus go hiomlán” lena ndúirt an Teachta Dála Ó Gallchóir nach raibh “aon leithscéal” ann nach raibh ionadaí as Tír Chonaill ar bhord a eagraíochta.

“Níl aon tuiscint agamsa mar phríomhfheidhmeannach ar cén fáth nach bhfuil duine éigin as Tír Chonaill ar an rud seo…In 2013 bhí naíolann Ghaoth Dobhair bancbhriste, thóg muide cúraimí iomlán an entity sin agus dá mbeadh daoine [as Tír Chonaill] ar an mbord againn ag an am, ba mhór an cúnamh é dúinn mar fheidhmeannaigh.

“Níl aon leithscéal agus níl aon fhreagra agam air sin, is cúram d’Údarás na Gaeltachta é sin, agus is dóigh liomsa mar phríomhfheidhmeannach gur cúram é sin ar cheart don Údarás a thógáil,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Coisdealbha freisin go raibh “moladh” déanta ag feidhmeannaigh Mhuintearais “ó am go chéile” go gcuirfí duine ó Thír Chonaill ar bhord na heagraíochta agus gur rud é atá “ag teastáil go géar”.

Fág freagra ar 'Gan ‘leithscéal’ ar bith ann faoi easpa Conallaigh ar Bhord Muintearas – Ó Coisdealbha'