Gan cinneadh déanta fós maidir le foilsiú tuarascála ar an Údarás ina ndéantar moltaí faoi struchtúr foirne

Deirtear sa tuarascáil neamhfhoilsithe gur cheart straitéis a fhorbairt don Údarás a chinnteodh go mbeadh an fhoireann ag cur le chéile mar is ceart agus go mbainfí leas as na buanna is mó atá ag baill foirne

udaras_051-1024x6811

Níl aon chinneadh déanta fós faoi fhoilsiú tuarascála a bhaineann le struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta.

D’fhostaigh Roinn na Gaeltachta an comhlacht Public Affairs Ireland le hathbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta, féachaint an bhféadfaí é a fheabhsú ar aon bhealach. Tá tuarascáil Public Affairs Ireland curtha ar fáil don Údarás anois ach gan cinneadh déanta fós cé acu an bhfoilseofar í nó nach bhfoilseofar.

Ba é cuspóir na tuarascála, a chosain €15,800, gan CBL san áireamh, ná scrúdú a dhéanamh ar ról agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta, chomh maith leis an mbuiséad atá aici agus na freagrachtaí atá uirthi.

Féachtar sa tuarascáil ar an struchtúr bainistíochta atá san Údarás agus scrúdaíodh na slite is fearr atá ann chun úsáid a bhaint as acmhainní an eagrais.

Moltar struchtúr nua sa tuarascáil a fhreagraíonn do na dualgais is mó atá ar an Údarás sna réimsí ‘Fiontraíocht agus Fostaíocht’, ‘Pleanáil Teanga agus Forbairt Pobail’, agus Rialachas Corparáideach.

Luaitear sna téarmaí tagartha na scileanna agus an taithí is gá a bheith ag baill foirne le go bhféadfadh an tÚdarás a cuid cuspóirí a bhaint amach. Moltar iontu chomh maith go mbeadh cur síos beacht, cruinn ar phostanna sinsearacha agus iad á bhfógairt i dtreo is gur féidir iarratasóirí a mheas mar is ceart agus na daoine is fearr a fháil san aimsir amach anseo. 

Deirtear gur cheart straitéis a fhorbairt a chinnteodh go mbeadh an fhoireann ag cur le chéile mar is ceart agus go mbainfí leas as na buanna is mó atá ag baill foirne le gur féidir na torthaí is fearr a bhaint amach.

Thug Aire na Gaeltachta, Joe McHugh le fios sa Dáil an tseachtain seo go bhfuil plé ar bun faoi láthair idir a Roinnsean agus Údarás na Gaeltachta maidir le cur i bhfeidhm mholtaí na tuarascála. Dúirt sé nach ndéanfar cinneadh faoi fhoilsiú na tuarascála nó go mbeidh an próiseas sin thart.

Fág freagra ar 'Gan cinneadh déanta fós maidir le foilsiú tuarascála ar an Údarás ina ndéantar moltaí faoi struchtúr foirne'