Gan cinneadh Ard-Chúirte tugtha ar iarratas John McDonagh a bhí ar chlár na cúirte inniu

Níor tugadh breithiúnas inniu faoin iarratas atá déanta faoi fhianaise dhlí-eolaíoch a bailíodh mar chuid d’fhiosrúchán dhúnmharú Shiobhán Hynes a chur ar fáil le go ndéanfaí tástáil arís air

John McDonagh cropped
John McDonagh sa bhliain 2001

Níl aon chinneadh déanta fós ag an mbreitheamh Ard-Chúirte Paul McDermott faoin iarratas atá déanta ag abhchóide thar ceann John McDonagh ón Demesne, an Cheathrú Rua, a ciontaíodh sa mbliain 2001 i ndúnmharú agus in éigniú an déagóra Siobhán Hynes, go dtabharfaí cead do shaineolaithe fianaise dhlí-eolaíoch a bailíodh mar chuid den fhiosrúchán a scrúdú arís.

Bhí sé ar líosta na hArd-Chúirte go dtabharfadh an breitheamh a chinneadh inniu ach níor tharla sin agus níl aon dáta nua fógartha fós don bhreithiúnas.

Tá McDonagh, atá dhá scór bliain d’aois anois, ag lorg na samplaí – éadach, snáithíní agus ingne – a tógadh le linn don chás a bheith á fhiosrú le go bhféadfadh eolaithe thar a cheann tástálacha nua a dhéanamh orthu. Is mian leis chomh maith go ndéanfaí anailís DNA orthu.

Tugadh le fios sa chúirt nuair a rinne sé an t-iarratas seo i mí Dheireadh Fómhair seo caite nach raibh na tástálacha atá beartaithe anois ar fáil le linn na trialach sa mbliain 2001. Dúradh freisin go raibh beirt eolaithe den tuairim dá mba rud é go ndéanfaí tástáil anois leis an teicneolaíocht DNA nua-aimseartha ar ábhar a bailíodh i 1998, go mbeadh fianaise dhifriúil ar fáil ón méid a cuireadh faoi bhráid na trialach.

Ciontaíodh McDonagh as éigniú agus dúnmharú Shiobhán Hynes, 17 mbliana, as Leitir Móir i gConamara, go moch ar maidin ar an 6 Nollaig 1998.

Phléadáil McDonagh neamhchiontach ag an am agus tá sé ag maíomh go fóill nach ndearna sé na coireanna. Gearradh príosún saoil air as an déagóir a dhúnmharú agus téarma deich mbliana as í a ionsaí.

D’iarr an Irish Innocence Project ar eolaithe i Meiriceá cás McDonagh a fhiosrú. Bheadh athscrúdú ar an fhianaise dhlí-eolaíoch mar chéad chéim sa bhfiosrú sin.

Is é an t-abhcóide sinsireach, Michael O’Higgins, atá ag feidhmiú ar son McDonagh. Mhaígh an t-abhcóide go mbeadh diúltú an fhianaise a chur ar fáil le tástáil as an nua seo ina shárú ar chearta bunreachtúla McDonagh agus a chuid cearta faoin gCoinbhinsiún (Eorpach) chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR).

Chuir an tAbhcóide Sinsireach Conor Power a bhí ag feidhmiú thar ceann an stáit nuair a héisteadh an cás i mí Dheireadh Fómhair in éadan iarratas McDonagh agus dúirt nach raibh aon cheart aige na samplaí seo a scrúdú.

Dúirt sé gur ar leas an phobail a bheadh sé gan ligean do McDonagh na samplaí a scrúdú ó tharla gur fear é a ciontaíodh tar éis triail a bhí cothrom.