Gan bás nua ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt ag na húdaráis thuaidh ná theas

2,295 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,741 duine ó dheas den teorainn agus 554 ó thuaidh di

Gan bás nua ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt ag na húdaráis thuaidh ná theas

Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte, an Dr Ronan Glynn

Don dara lá as a chéile, ní raibh bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt inniu ag an Roinn Sláinte. Ceithre chás nua a deimhníodh.

Seo an chéad uair ó mhí an Mhárta nach raibh aon bhás nua de dheasca na paindéime le fógairt ag an Roinn Sláinte dhá lá as a chéile agus seo an chéad lá ón 21 Meitheamh nach raibh aon  duine eile básaithe de dheasca Covid-19 le fógairt ag na húdaráis sláinte thuaidh ná theas.

Thug Roinn Sláinte an Tuaiscirt le fios níos luaithe inniu gur naoi gcás nua den ghalar a deimhníodh ó Dé hAoine seo caite.

2,295 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,741 duine ó dheas den teorainn agus 554 ó thuaidh di.

31,287 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,531 cás ó dheas den teorainn agus 5,756 cás ó thuaidh di.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte, an Dr Ronan Glynn go raibh ag “éirí an-mhaith” le hÉirinn an galar a choimeád faoi chois, níos fearr ná beagnach gach tír eile sa Eoraip.

Dúirt sé, áfach, go raibh an tír “ag crosbhóthar” agus go raibh an baol ann go mbeifí “ar ais arís san áit a bhíomar roinnt seachtainí nó roinnt míonna ó shin” dá leanfadh daoine orthu ag déanamh neamhaird ar an scoitheadh sóisialta mar a tharla lasmuigh de thithe tábhairne i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.

10 duine a bhí sna haonaid dianchúraim ó dheas de réir na bhfigiúirí is déanaí agus 19 duine a bhí sna hospidéil san iomlán. 

Ní raibh aon othar a raibh Covid-19 air in aonaid dianchúraim an Tuaiscirt don deichiú lá as a chéile.

Idir an dá linn, d’fhógair an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil síneadh á chur leis na srianta taistil thar lear de bharr an víris go dtí an 20 Iúil.

Tugadh le fios chomh maith go mbaineann 17% de na cásanna nua de Covid-19 leis an taisteal, méadú ó 13% an tseachtain seo caite.

Dúirt an Taoiseach go raibh “cur chuige cúramach” á ghlacadh ag an rialtas i dtaobh an taistil thar lear mar gheall ar “a luainí” is atá scaipeadh an ghalair go hidirnáisiúnta.

Fágann cinneadh an rialtais inniu gurb í an chomhairle sláinte phoiblí a bheidh ann go dtí an 20 Iúil ná gan dul thar sáile mura mbíonn an turas riachtanach.

Cuirfear ar fáil an uair sin an liosta glas de thíortha a síltear go bhfuil sé sábháilte ag daoine turas a thabhairt orthu gan dul ar coraintín a luaithe is a thagann siad ar ais.

Dúirt an Taoiseach gurb é an rud is tábhachtaí ná an víreas a choimeád faoi chois agus go gcaithfí sin a dhéanamh chun go bhféadfaí na scoileanna a oscailt sa bhfómhar agus chun go bhféadfadh na hospidéil a gcuid oibre nach mbaineann le Covid-19 a dhéanamh mar ba chóir.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Colm Henry, go dtacaíonn sé féin leis an moladh go mbeadh coraintín éigeantach le cur díobh ag daoine a thagann isteach go hÉirinn as tíortha ardriosca ó thaobh Covid-19 de, mar nach rómhaith a d’éirigh le rianú agus le faire daoine.

Níos túisce inniu dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhféadfadh go mbeadh ar an Rialtas athoscailt iomlán na dtithe tábhairne ar an 20 Iúil a chur ar athló de bharr daoine a théann ag teach tábhairne agus a sháraíonn rialacha an scoite shóisialta.

Dúirt Martin go raibh an-imní ar an Rialtas faoin méid a bhí le feiceáil in áiteanna mar Shráid an Dáma agus Barra an Teampaill i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.

Bhí na sluaite cruinnithe ar na sráideanna sin agus in áiteanna eile gan aon aird acu ar na treoirlínte sláinte maidir leis an scoitheadh sóisialta.

“Mar is eol daoibh bhí na tithe ósta ar fad le hoscailt arís ar an 20 Iúil. D’fhéadfaí an oscailt sin a chur ar athló murar féidir le daoine iad féin a iompar mar is cuí. Gheobhaimid comhairle ó na hoifigigh sláinte phoiblí ach is údar imní dúinn an scéal,” a dúirt an Taoiseach.

Dúirt sé go ndearna na Gardaí thart ar 5,500 cuairt chigireachta ar bhialanna agus tithe ósta ag an deireadh seachtaine mar chuid dá bhfeachtas Operation Navigation.

Nuair a fiafraíodh den Taoiseach an raibh sé in am ag daoine ‘ciall a bheith acu” ar eagla go gcuirfí an chéad chéim eile i scaoileadh na srianta i mbaol, dúirt an Taoiseach:

“Sin léamh maith ar an scéal, ní féidir linn dul i gcontúirt.”

Idir an dá linn, bhí níos mó ná 130,000 duine básaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá faoin Luan agus brúisc mhór den Covid-19 sa tír.

Tá an víreas tolgtha ag beagnach trí mhilliún duine sa tír sin anois, an líon  is measa in aon tír sa domhan, agus a dhá oiread cás agus atá deimhnithe sa dara tír is measa, an Bhrasaíl.

Fág freagra ar 'Gan bás nua ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt ag na húdaráis thuaidh ná theas'