Gan bás ar bith le fógairt, 456 cás nua den choróinvíreas deimhnithe

Bás amháin de dheasca an víris a bhí le fógairt ag Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann níos luaithe inniu

Gan bás ar bith le fógairt, 456 cás nua den choróinvíreas deimhnithe

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Ní raibh aon bhás Covid-19 le fógairt inniu ag an Roinn Sláinte. 456 cás nua den Covid-19 a fógraíodh.

111 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus 36 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim.

Daoine faoi bhun 45 bliain d’aois a bhí i gceist le 81% de na cásanna is déanaí agus 27 an mheánaois a bhí ag na daoine sin.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,408,105 duine agus an dara dáileog faighte ag 514,808 duine.

Ní raibh aon chás nua den ghalar le fógairt i bPort Láirge inniu.

Bhain 52 de na cásanna nua le Corcaigh, 49 cás a bhí Dún na nGall, 17 cás a bhí i nGaillimh agus 13 cás a bhí i gcontae na Mí.

Bhí níos lú ná cúig chás i gCiarraí agus b’amhlaidh an scéal i Maigh Eo.

Meánráta 129 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas.

Tá an ráta i nDún na nGall imithe suas go dtí 249 agus an dara ráta is airde sa stát ansin anois. Ráta 142 a bhí i gcontae na Mí, ráta atá níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 93 a bhí i gCorcaigh, 67 a bhí i nGaillimh agus 65 a bhí i bPort Láirge. Ráta 33 a bhí i Maigh Eo agus 14 a bhí i gCiarraí, an dara ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh duine amháin eile básaithe ansin de dheasca an víris. 99 cás nua a deimhníodh.

46 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá triúr acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 989,569 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 526,191.

7,086 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,149 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

375,773 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 254,450 cás ó dheas den teorainn agus 121,323 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Gan bás ar bith le fógairt, 456 cás nua den choróinvíreas deimhnithe'