Gan bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt thuaidh ná theas don cheathrú lá as a chéile

14 cás nua a fógraíodh ó dheas tráthnóna agus naoi gcás nua a fógraíodh ó thuaidh inniu

Gan bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt thuaidh ná theas don cheathrú lá as a chéile

Ní raibh bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Seo an ceathrú lá as a chéile nach raibh bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt ag na húdaráis sláinte thuaidh ná theas.

14 cás nua a fógraíodh ó dheas tráthnóna, i gcomparáid le 40 cás inné.

Ochtar a bhfuil sé deimhnithe go bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil ó dheas faoi láthair, an líon is lú daoine ó thús mhí an Mhárta.

Cúigear othar a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil ó thuaidh.

Don 16ú lá as a chéile ní raibh aon bhás eile de dheasca an Covid-19 le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt.

Naoi gcás eile a deimhníodh ó thuaidh.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, gur bhain 11 den 14 cás nua ó dheas le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a bhí buailte ag an ngalar. Ní raibh aon siomptóm ar leath de na daoine a fuair an galar trí ghartheagmháil a bheith acu le duine eile a raibh sé orthu.

Dúirt an Dr Glynn go bhfuil sé tábhachtach d’aon duine a bhfuil imní air go raibh gartheagmháil aige le duine a bhí buailte ag an ngalar tástáil a lorg gan aon mhoill.

“Ná fanaigí go dtagann na siomptóim chun cinn,” arsa an Dr Glynn.

Dúirt an Dr Glynn go raibh an chuma ar an scéal go raibh borradh faoin bpaindéim arís ar fud na hEorpa ach go raibh deis ag an tír seo a leithéid a sheachaint ach cloí leis an gcomhairle maidir leis an tsláinte phoiblí.

“Ní bheidh duine ar bith againn slán mura mbíonn an uile dhuine slán,” ar an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach.

2,320 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,764 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

31,872 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,942 cás ó dheas agus 5,930 cás ó thuaidh.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, deimhníodh dhá chás nua sa Ghaillimh agus cás nua amháin i nDún na nGall. Faoi mheán oíche Dé Luain, bhí 495 cás sa Ghaillimh agus 473 cás i nDún na nGall.

Níor fógraíodh aon athrú inniu ar líon na gcásanna Covid-19 i gCiarraí (317), i bPort Láirge (166), i gCorcaigh (1563) ná i Maigh Eo. Cás nua a bhí deimhnithe i gcontae na Mí (826) faoi mheán oíche Dé Luain.

Agus líon na gcásanna ag ardú ó maolaíodh an dianghlasáil, deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhféadfadh gurb é an t-ardú ar an líon daoine óga atá ag tolgadh an víris is cúis leis an ardú sin.

Dúirt an Dr Hans Kluge, Ard- Stiúrthóir réigiúnach na hEorpa ag an WHO, go raibh roinnt údarás sláinte ag tuairisciú go raibh níos mó cásanna den Covid-19 i measc daoine óga.

Tá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí á rá le roinnt seachtainí go bhfuil an ráta ionfhabhtaithe anseo in Éirinn níos airde i measc daoine óga ná i measc daoine atá amach sna blianta. Inné, mar shampla bhain 30 den 40 cás a fógraíodh le daoine a bhí faoi 55 bliain d’aois.

Is amhlaidh an cás i dtíortha eile – an Ollainn agus an Fhrainc ina measc.

I Meiriceá, dúirt an saineolaí mór le rá ar ghalair thógálacha, an Dr Anthony Fauci, nach tráth é seo don “chocaireacht pholaitiúil” tar éis don Uachtarán Trump amhras a chaitheamh ar a cháil. “An víreas an namhaid atá againn. Níl aon am againn don chocaireacht pholaitiúil ná do throid na polaitíochta,” a dúirt an Dr Fauci leis an BBC.

Dúirt an Dr Fauci chomh maith go bhféadfadh cuid den 150,000 duine a chuir an víreas den saol sna Stáit Aontaithe a bheith sábháilte. “Sílim go bhféadfaí iad sin a shábháil, dá gcloífí leis na bearta sláinte phoiblí,” a dúirt Fauci.

Ag baile, tá athrú polasaí eile againn agus ní stopfar feasta íocaíochtaí dífhostaíochta na paindéime ar aon duine a rachaidh ar saoire go dtí aon tír atá ar an liosta glas.

D’admhaigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys sa Dáil inniu go bhféadfadh an scéal seo a bheith curtha i láthair an phobail ar bhealach níos éifeachtaí ag an Rialtas. Dúirt sí go ndéanfaí cás na ndaoine ar fad a chuaigh ar saoire thar lear a athbhreithniú.

Fág freagra ar 'Gan bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt thuaidh ná theas don cheathrú lá as a chéile'