Gan bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt thuaidh ná theas den chéad uair le beagnach trí mhí

2,247 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,706 duine ó dheas den teorainn agus 541 ó thuaidh di

Gan bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt thuaidh ná theas den chéad uair le beagnach trí mhí

Den chéad uair le beagnach trí mhí, ní raibh aon bhás de dheasca Covid-19 le fógairt ag na húdaráis sláinte thuaidh ná theas inniu.

Seo an chéad uair ón 21 Márta gur tharla a leithéid.

Ní raibh bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt ag an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna. 18 cás nua den ghalar a deimhníodh.

Don dara lá as a chéile ní raibh aon bhás de bharr an víris le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu.

Ceithre chás nua a deimhníodh.

Seo an séú huair le naoi lá anuas nár chuir an Roinn Sláinte aon bhás eile ar an taifead.

2,247 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,706 duine ó dheas den teorainn agus 541 ó thuaidh di.

30,173 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,321 cás ó dheas den teorainn agus 4,852 cás ó thuaidh.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, Dr Tony Holohan, go léiríonn an anailís is déanaí atá déanta ar na figiúirí gur ag dul i léig a bhí scaipeadh an ghalair le coicís anuas.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) tráthnóna go raibh baint le hionad cúraim ag 1,075 den 1,706 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo, nó 63%. Bhain 943 de na cásanna sin, nó 55% acu, le tithe altranais.
66 cás eile a deimhníodh in ionaid chúraim ón Déardaoin seo caite agus bhain 61 acu sin le tithe altranais.

De réir na bhfigiúirí, bhain beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 25,303 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Sathairn, an 13 Meitheamh:

Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,278 duine, 13%
As na daoine sin, cuireadh 417 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim.
Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 8,130 cás, 32%
I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,213 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,533 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,432 cás, nó 6%
486 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 470 cás a bhí i nDún na nGall (1.9%), 154 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 805 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 572 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
Scaipeadh sa phobal ba chúis le 37.35% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 60.27% agus taisteal thar lear ba chúis le 2.3%

De réir na bhfigiúirí is déanaí níor tháinig aon ardú ar líon na gcásanna in aon cheann de na seacht gcontae Gaeltachta seachas contae Mhaigh Eo, mar ar aimsíodh cás nua amháin.Tá líon na ndaoine a raibh Covid-19 orthu a fuair bás sa Tuaisceart os cionn 30% níos airde ná mar a thugtar le fios i bhfigiúirí laethúla na Roinne Sláinte.

De réir an eolais is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA),  bhí 779 duine básaithe de bharr Covid-19 faoin Aoine, an 5 Meitheamh.

537 bás a bhí curtha ar an taifead ag an Roinn Sláinte faoin tráth sin.

Idir an dá linn, fógraíodh inniu go mbeidh cead oscailte ar an 3 Iúil ag óstáin, tithe tábhairne agus bialanna an Tuaiscirt.
Beidh cead ag lucht lóistín féinfhreastail, ag áireamh páirceanna carbhán, dul i mbun gnó arís ar an 26 Meitheamh.

Fág freagra ar 'Gan bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt thuaidh ná theas den chéad uair le beagnach trí mhí'