Ní raibh aon bhás de dheasca Covid-19 le fógairt ag na húdaráis sláinte thuaidh ná theas inniu.
Seo an dara huair le seachtain gur tharla a leithéid.B’amhlaidh an scéal Dé Luain seo caite nuair nach raibh aon bhás le fógairt thuaidh ná theas den chéad uair ón 21 Márta.
Sé chás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte tráthnóna. D’fhógair an Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go rabhthas tagtha ar cheithre chás nua den ghalar.
2,260 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,715 duine ó dheas den teorainn agus 545 ó thuaidh di.
30,249 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,379 cás ó dheas den teorainn agus 4,870 cás ó thuaidh.
De réir na bhfigiúirí ó mheán oíche Dé hAoine seo caite, níor deimhníodh aon chás nua den ghalar in aon cheann de na contaetha Gaeltachta seachas i gcontae na Mí agus i gcontae Maigh Eo.
Cás eile amháin a deimhníodh sa dá chontae sin.
Fág freagra ar 'Gan bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt ag na húdaráis sláinte thuaidh ná theas inniu'