Gan bás ar bith de dheasca an víris le fógairt in Éirinn inniu, ‘dul chun cinn leanúnach’ ann maidir le líon na n-othar sna hospidéil

Deimhníodh 11 cás nua i nDún na nGall tráthnóna agus is ann atá an ráta scaipthe Covid-19 is airde sa stát

Gan bás ar bith de dheasca an víris le fógairt in Éirinn inniu, ‘dul chun cinn leanúnach’ ann maidir le líon na n-othar sna hospidéil

Ní raibh bás ar bith de dheasca an Covid-19 le fógairt ag an Roinn Sláinte ná ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu. 

403 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

183 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 50 díobhsan in aonad dianchúraim. Cuireadh seachtar san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, go raibh “dul chun cinn leanúnach” á dhéanamh ó thaobh líon na n-othar sna hospidéil a bhí buailte ag an víreas.

Dúirt sé freisin go raibh líon na gcásanna a deimhníodh le cúig lá anuas, 364, níos ísle ná aon tréimhse cúig lá “le roinnt míonna anuas”.

Dé Sathairn seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 852,189 duine agus an dara dáileog faighte ag 351,874 duine.

Bhain 34 den 403 cás nua den Covid-19 a fógraíodh inniu le contae na Mí.

18 cás a bhí i Maigh Eo, 16 cás a bhí i gCorcaigh agus 14 cás a bhí i nGaillimh.

11cás a bhí i nDún na nGall, níos lú ná cúig chás a bhí i bPort Láirge agus níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí freisin.

Meánráta 115 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Ráta 204 atá i nDún na nGall, an ráta is airde sa tír, agus tá an ráta i gcontae na Mí, 161, ar an gcúigiú ráta is airde sa tír.

Ráta 94 atá i Maigh Eo, 85 atá i nGaillimh agus 70 atá i bPort Láirge. Ráta 39.9 atá i gCiarraí agus 39.8 atá i gCorcaigh.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 79 cás nua deimhnithe acu.

69 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá ochtar acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 863,712 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 273,619.

6,971 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,135 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,836 duine ó dheas di.

363,022 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 243,911 cás ó dheas den teorainn agus 119,111 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Gan bás ar bith de dheasca an víris le fógairt in Éirinn inniu, ‘dul chun cinn leanúnach’ ann maidir le líon na n-othar sna hospidéil'