Gan bás ar bith de dheasca an choróinvíris le fógairt inniu, thuaidh ná theas

20 cás nua den ghalar a fógraíodh ó dheas agus 15 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt

Gan bás ar bith de dheasca an choróinvíris le fógairt inniu, thuaidh ná theas

Ní raibh bás ar bith de dheasca Covid-19 le fógairt inniu, thuaidh ná theas.

20 cás nua den ghalar a fógraíodh ó dheas agus 15 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, go raibh an Covid-19 fós á scaipeadh sa phobal ach go raibh cúis mhaith ann a bheith dearfach.

“Coinnímis orainn,” arsa an Dr Ronan Glynn.

Beirt a bhfuil an galar orthu atá in aonaid dianchúraim an Tuaiscirt agus naonúr atá sna hospidéil. 11 duine a raibh Covid-19 orthu a bhí sna hospidéil ó dheas aréir agus bhí seisear acusan in ICU.

2,319 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,763 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

31,736 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,845 cás ó dheas den teorainn agus 5,891 cás ó thuaidh di.

Níor fógraíodh aon athrú inniu ar líon na gcásanna Covid-19 i nGaillimh (492), i nDún na nGall (472), i gCiarraí (316) ná i bPort Láirge (166).
De réir na bhfigiúirí is déanaí, bhí cás nua amháin i Maigh Eo (575) agus i gcontae na Mí (824). Baineadh cás amháin den taifead i gCorcaigh (1,560).

De réir an eolais is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), faoi Dé hAoine seo caite, an 17 Iúil, bhí 850 duine básaithe de bharr Covid-19.

556 bás a bhí curtha ar an taifead ag an Roinn Sláinte faoin tráth sin.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó NISRA thit líon na mbásanna de thoradh an ghalair don 11ú seachtain as a chéile.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly sa Dáil inniu go raibh ráta atáirgthe an ghalair tite go dtí idir 0.7 agus 1.4. Idir 1.2 agus 1.8 a bhí an uimhir ‘R’ an tseachtain seo caite. Dúirt Donnelly gur iarrachtaí mhuintir na hÉireann faoi ndeara ráta scaipthe an ghalair a bheith ag laghdú arís.

Deir saineolaithe NPHET go bhfuil éiginnteacht ann i gcónaí maidir lena bhfuil i ndán don Covid-19 in Éirinn ach go bhfuil scaipeadh an ghalair ag dul i léig arís.

Fág freagra ar 'Gan bás ar bith de dheasca an choróinvíris le fógairt inniu, thuaidh ná theas'