Gan baint ag gearán Ray Darcy le cinneadh RTÉ am craolta feasacháin nuachta Ghaeilge a athrú

Deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, nach bhfaca sé aon taifead oifigiúil de ghearán déanta ag Darcy agus fiú dá mbeadh ceann ann, go rabhthas le ham craolta na bhfeasachán a athrú mar chuid de phlean gníomhaíochta Gaeilge RTÉ

File photo: Veteran radio presenter Ray D'Arcy has annnounced he will leave Today FM for RTÉ

Tá sé séanta ag Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ go raibh aon bhaint ag gearán Ray Darcy faoi fheasacháin nuachta Ghaeilge leis an gcinneadh a n-am craolta a athrú.

I mí Aibreáin na bliana seo, dúirt Darcy go gcuireann léamh na Nuachta i nGaeilge isteach ar rithim a chláir agus go raibh sé áiféiseach go gcaithfí stop a chur le hagallaimh ar mhaithe leis an Nuacht i nGaeilge a chraoladh.

Craoltóirí de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a léadh an Nuacht ag 3.30pm i rith chlár Darcy.

Tuairiscíodh ag an deireadh seachtaine go raibh an feasachán Nuachta Gaeilge le bogadh go dtí 4.00 pm tar éis do Darcy féin gearán a dhéanamh le lucht bainistíochta RTÉ faoi.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie faoin scéal inné, dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, nach bhfaca sé aon taifead oifigiúil de ghearán déanta ag Darcy le lucht bainistíochta RTÉ faoin scéal agus fiú dá mbeadh aon ghearán déanta aige, nach mbeadh aon bhaint aige leis an gcinneadh am craolta na bhfeasachán a athrú. “Bhí baint ag an nGaeilge leis an gcinneadh sa méid is gur cuid de phlean gníomhaíochta RTÉ é,” a dúirt sé.

“Bheadh níos mó stádais ag feasacháin Ghaeilge a chraoltar ar buille na huaire mar gheall go bhfuil lucht éisteachta níos mó ann” , a dúirt sé. Dúirt sé freisin nach bhfuil an méid a tuairiscíodh ar shuíomh an Irish Independent ag an deireadh seachtaine “cruinn”.

Fág freagra ar 'Gan baint ag gearán Ray Darcy le cinneadh RTÉ am craolta feasacháin nuachta Ghaeilge a athrú'