Gan aon tuairim ag an Roinn Oideachais an bhfuil cáilíocht éigeantach ag múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge

Níl aon taifead ag an Roinn ná ag údaráis eile maidir le cur i bhfeidhm riachtanas Gaeilge do mhúinteoirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Gaeilge

Screen Shot 2015-10-28 at 22.33.52

Níl aon tuairim ag an Roinn Oideachais cé acu an bhfuil nó nach bhfuil cáilíocht éigeantach bainte amach ag lear mór múinteoirí atá ag múineadh i meánscoileanna Gaeltachta agus Gaeilge.

Tháinig an méid sin chun solais mar thoradh ar iarratas a rinne Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar eolas a bhaineann leis an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iar-Bhunscoile (TGMI) a tugadh isteach 15 bliana ó shin.

De réir rialacha na Roinne, is gá an Teastas Gaeilge a bheith bainte amach ag duine sular féidir é a cheapadh chun dul ag múineadh i scoil Ghaeltachta nó i scoil lán-Ghaeilge.

De réir eolais a chuir Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil do Tuairisc.ie, d’éirigh le 263 iarrthóir i scrúdú an TGMI le cúig bliana anuas, ach ní raibh aon eolas ag an gCoimisiún maidir le líon na múinteoirí atá fostaithe i scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge nach bhfuil an cháilíocht éigeantach seo acu.

Ní raibh raibh aon taifead eile ag an gCoimisiún i dtaobh an Teastais ná i dtaobh chur i bhfeidhm an riachtanais a bhaineann leis an Teastas.

Ba mhar a chéile an scéal ag an Roinn Oideachais, a dúirt le Tuairisc.ie:

‘…rinneamar fiosrúcháin bhreise sa Roinn, áit a cheapfaí go mbeadh an fhaisnéis [atá] ar iarraidh ar fáil. Tar éis dúinn dul i gcomhairle leis na rannáin chuí, cuireadh in iúl dúinn nach bhfuarthas taifead ar bith sa Roinn bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil.’

Nuair nach raibh aon teacht ag an Roinn ar an eolas a bhí á lorg ag Tuairisc.ie, sheol siad an t-iarratas ar aghaidh go dtí an Chomhairle Mhúinteoireachta, an t-eagras a dhéanann montatóireacht ar chaighdeán gairmiúil na múinteoireachta in Éirinn.

Dhearbhaigh an Chomhairle Mhúinteoireachta nach bhfuil aon taifid ábhartha acusan ach an oiread a bhaineann leis an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iar-Bhunscoile agus fostú múinteoirí nach bhfuil a leithéid acu.

Ba ag tús na scoilbhliana 1999/00 a tugadh isteach an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iar-Bhunscoile sa Ghaeltacht agus i scoileanna lán-Ghaeilge, ar gá scrúdú béil a dhéanamh chun é a bhaint amach. Roimhe sin, bhí ar gach múinteoir iar-bhunscoile riachtanas Gaeilge a chomhlíonadh.

Is éard atá sa scrúdú don Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile ná béaltriail a bhfuil siollabas ag gabháil leis dar teideal An Siollabas don Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile, atá ar fáil ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

Déantar breith sa scrúdú ar stór focal agus cumas teanga an mhúinteora a bhfuil faoi dul ag múineadh i scoil Ghaeltachta nó i scoil lán-Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Gan aon tuairim ag an Roinn Oideachais an bhfuil cáilíocht éigeantach ag múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge'